Céim Ar Aghaidh

Intreoir

Intreoir ghinearálta

Sa chuid seo de Céim ar Aghaidh, tá ábhair féinstaidéir atá dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim sa bhaile nó i gcuideachta ciorcal foghlaimeoirí eile.

Ní ‘cúrsa’ leanúnach atá ann. Cuir i gcás, níl cuntas ar an chéad díochlaonadh den ainmfhocal in aonad amháin agus cuntas ar an dara díochlaonadh sa chéad aonad eile. Tá a leithéid de chur síos céimnithe ar chóras gramadaí na Gaeilge le fáil cheana féin, i saothair mar Cruinnscríobh na Gaeilge agus Leabhar Gramadaí Gaeilge. Deiseanna foghlama de chineál eile a chuireann Céim ar Aghaidh ar fáil, deiseanna a bhíonn de dhíth go géar ar fhoghlaimeoirí atá ag déanamh staidéir ina n-aonar nó i ranganna taobh amuigh den Ghaeltacht. 

Is é bua Céim ar Aghaidh go ligeann sé d’fhoghlaimeoirí cluas le héisteacht a thabhairt do na cainteoirí cumasacha Gaeilge atá faoi agallamh sna físeáin. Is cainteoirí dúchais as Gaeltacht Dhún na nGall a mbunús ach cuireadh agallamh ar ‘nuachainteoirí’ as áiteanna ar fud an Tuaiscirt fosta: Ard Mhacha, Béal Feirste, Beannchar agus Contae Dhoire. Iad siúd a éisteann leis na hagallaimh, gheobhaidh siad blaiseadh den Ghaeilge mar a labhraítear í i gCúige Uladh inniu. Díreofar d'aird ar ghnéithe den teanga de réir mar a thig siad aníos sna hagallaimh: idir fhoghraíocht, ghramadach agus stór focal. Beidh tú ábalta tú téacs na n-agallamh a léamh, chomh maith le nótaí cuimsitheacha ina bpléitear gnéithe de chanúint Uladh. Tá cleachtaí ann a chuideoidh leat máistreacht a fháil ar na struchtúir, ar na fuaimeanna, agus ar an stór focal atá le cluinstin sna hagallaimh.

Is iad na tréithe is mó a chuidíonn le foghlaimeoirí meánleibhéil agus ardleibhéil: fiosracht, tabhairt faoi deara agus a bheith ábalta aithris ar chainteoirí maithe. Bíonn ionchur de dhíth chuige sin, ionchur atá saibhir gan a bheith thar acmhainn na bhfoghlaimeoirí amach is amach, fad is go mbíonn seans acu éisteacht siar leis, é a léamh agus míniú a fháil ar phointí deacrachta. Tá an t-ionchur saibhir sin le fáil go flúirseach in Céim ar Aghaidh, agus cleachtaí a chuireann iallach ar an fhoghlaimeoir an t-ionchur a phróiseáil agus a shealbhú. 

Ní hé nach gcuirtear rialacha gramadaí i láthair in Céim ar Aghaidh; mínítear deacrachtaí coitianta a bhaineann truisle as foghlaimeoirí ardleibhéil, mar shampla an clásal coibhneasta nó struchtúir ainm briathartha ar nós ‘tá sí ag dul a rá amhráin’. Ach is i gcomhthéacs na n-agallamh a dhéantar na fadhbanna gramadaí a chíoradh.

Tá súil againn go gcuideoidh Céim ar Aghaidh leat barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. 

Ó tharla béim mhór a bheith ar an Ghaeilge labhartha agus ar ghnéithe den chanúint nach bhfuil ag teacht leis an Chaighdeán Oifigiúil, b’éigean polasaí eagarthóireachta a leagan síos. Tríd is tríd, is litriú caighdeánach atá sna nótaí a scríobh na húdair féin, amach ó leaganacha malartacha coitianta mar ‘achan’ nó ‘madadh.’ Sórt ‘comharthaí canúna’ iad sin, a bhíonn le fáil in ábhair oideachasúla a fhoilsíonn eagraíochtaí mar an tÁisionad agus Council for the Curriculum, Examinations and Assessment.

I dtaca le téacs na n-agallamh a scríobh amach, áfach, tugadh tús áite don chanúint. Más ‘pilleadh’ nó ‘thoisigh’ nó ‘daofa’ a dúradh, is mar sin a scríobhadh iad. Dar ndóigh, is leaganacha malartacha coitianta atá sna samplaí sin, atá le fáil go fada fairsing i scríbhinní Ultacha. Ní dheachaigh muid chomh fada le litriú a chuirfeadh focal ó aithne amach is amach. Cuir i gcás, ‘amharc’ atá scríofa bíodh is gur ‘onc’ atá le cluinstin, anseo is ansiúd. Cuirtear nóta tráchta lena leithéid le haird an fhoghlaimeora a tharraingt ar an neamhréir idir fuaimniú agus litriú.

Dar ndóigh, ní thiocfadh téacs na n-agallamh agus na nótaí sna cleachtaí féin a scaradh glan ó chéile. Más ‘sloinneadh’ a deirtear arís is arís eile san agallamh, b’aisteach leat ‘sloinne’ a bheith sna nótaí. Go hachomair, ní thig a bheith iomlán leanúnach i saothar atá bunaithe ar agallaimh le sé dhuine dhéag as áiteanna éagsúla ar fud Chúige Uladh.  

Sa tábla thíos, tá forbhreathnú ar na hábhair in Don fhoghlaimeoir.

Aonad Míreanna físe/fuaime Feasacht teanga/chultúrtha Gramadach/stór focal/foghraíocht

1

Anna Ní Bhroin agus Brian Ó Fearraigh ag caint faoina n-áit dhúchais féin.

Antain Mac Lochlainn ag caint faoi thábhacht na foghraíochta agus dearcadh foghlaimeoirí ina leith.

Gráinne Ní Ghilín ag cur síos ar logainmneacha thart fá Bhéal Feirste.

 

Ceistneoir ar dhearcadh an fhoghlaimeora maidir leis an fhoghraíocht.

Foinsí eolais maidir le canúintí Gaeilge Chúige Uladh.

An clásal coibhneasta díreach agus an fhoirm choibhneasta den bhriathar: ‘An té a dhéanfas an obair’.

Nascfhocail, i.e. frásaí a úsáidtear le clásail a nascadh, leithéidí ‘mar sin féin’ agus ‘ar an chéad dul síos.’

2

Caitlín Nic Íomhair ag cur síos ar a taithí féin ag teagasc Béarla do theifigh i mBéal Feirste.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cad chuige a bhfuil ‘An Cumann Lúthchleas Gael’ mícheart agus caidé ba cheart a rá ina áit.

Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar na baill urlabhra.

‘Nuachainteoirí’ Gaeilge agus na rudaí a spreagann iad.

Bealaí le déileáil le focail agus frásaí úra nach bhfuiltear cinnte dá mbrí.

Sliocht as gearrscéal leis an scríbhneoir Chonallach Eithne Ní Ghallchobhair.

An clásal coibhneasta indíreach.

An fhoirm spleách den bhriathar: ‘Ní dheachaigh’, ‘an bhfuil’.

Ainmfhocail chinnte agus ainmfhocail éiginnte.

Na baill urlabhra, i.e. na páirteanna den bhéal a úsáidtear le fuaim faoi leith a dhéanamh.

3

Máire Uí Rabhartaigh agus Antaine Ó Donnaile ag caint faoina gcuid oibre i ngort na Gaeilge.

Caitlín Nic Íomhair ag caint ar a taithí mar bhainisteoir ar shiopa leabhar Gaeilge.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cheartúsáid na n-uimhreacha pearsanta i nGaeilge Uladh.

An scríbhneoireacht Ghaeilge i gCúige Uladh inniu.

Comhlogaíochtaí, i.e. focail a bhíonn ‘i gcuideachta a chéile.’

Séimhiú i ndiaidh an réamhfhocail ‘ar’.

Úsáid na n-uimhreacha pearsanta i nGaeilge Uladh.

Sraith ainmfhocal i ndiaidh a chéile: ‘bata fear siúil’.

4

Máire Uí Cheallaigh agus Anna Ní Bhroin ag caint ar a gcaitheamh aimsire.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cheartúsáid na mbriathra gluaiseachta i nGaeilge Uladh.

Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar dhifríochtaí idir an Ghaeilge scríofa agus an Ghaeilge labhartha.

An t-amhrán ‘Is Fada mo Chosa gan Bhróga’ á rá ag Conor Ó Gallchóir.

Difríochtaí idir an Ghaeilge labhartha agus an Ghaeilge scríofa.

Saol agus saothar cuid de na bailitheoirí béaloidis agus ceoil a bhí gníomhach i gCúige Uladh.

Na briathra gluaiseachta: ‘Chuaigh sí a chaoineadh.’

An réamhfhocal i gclásal coibhneasta: ‘An duine lena bhfuil mé ag fanacht.’

Struchtúir éagsúla ainm briathartha: ‘Ag iarraidh Iodáilis a fhoghlaim’ ach ‘ag dul a fhoghlaim Iodáilise.’

5

Gráinne Ní Ghilín ag cur síos ar a cuid taistil san Ind.

Antain Mac Lochlainn ag míniú stair agus chuspóirí an Chaighdeáin Oifigiúil.

Antaine Ó Donnaile agus Eithne Ní Ghallchobhair ag cur síos ar na focail Ghaeilge is ansa leo.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú an difir idir ‘Pósadh anuraidh iad’ agus ‘Bhí siad pósta anuraidh.’

Máire Uí Cheallaigh ag cur síos ar shaol agus ar shaothar Sheáin Bháin Mhic Mheanmain.

An caighdeán oifigiúil agus na canúintí Gaeilge.

Leagan malartach agus leagan caighdeánach.

Seán Bán Mac Meanman, údar Conallach.

Comhlogaíochtaí: an réamhfhocal ceart a chur leis an bhriathar.

Bealaí éagsúla le focail agus frásaí a threisiú.

‘A’ réamhtheachtach: ‘Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil an samhradh thart.’

An saorbhriathar vs an aidiacht bhriathartha.

6

Máire Uí Rabhartaigh, Anna Ní Bhroin agus Suzanne Uí Ghallchóir ag cur síos ar a sloinnte féin.

Seán Ó Daimhín ag míniú cuid de na fadhbanna a bhaineann le teacht ar an leagan cheart de do shloinneadh féin.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cad chuige a bhfuil ‘Ag fáil dorcha’ mícheart agus caidé ba cheart a rá ina áit.

‘Timlicín’, scéal do pháistí á insint ag Suzanne Uí Ghallchóir.

Tuairimí maidir le ‘béarlachas’.

Scéal ‘Timlicín’.

Foinsí béaloidis.

Ainmneacha pearsanta agus sloinnte.

Fuaimeanna a bhaineann le canúint Uladh.

‘Ag éirí dorcha’ vs ‘ag fáil dorcha’.

7

Máire Uí Cheallaigh ag cur síos ar stair na gCruach Gorm.

Seán Ó Daimhín ag caint faoi nuathéarmaí Gaeilge agus a dhearcadh féin ina leith.

‘An Lia Gramadaí’ ag cur síos ar cheartúsáid an fhocail ‘darna’ (nó ‘dara’).

Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar na défhoghair sa Ghaeilge.

Pádraig Ó Cearbhaill agus Brian Ó Fearraigh ag caint ar dhúchas mhuintir na n-oileán.

Aodán Ó Cearbhaill ag cur síos ar an tsaol cultúrtha i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Nuathéarmaí Gaeilge agus dearcadh daoine ina leith.

Sliocht as leabhar faoi sheanchas Thoraí.

Cur síos ar ghnéithe de shaol cultúrtha na Gaeltachta inniu.

Parafrása nó téarma teicniúil?

‘An darna bliain’ nó ‘an darna bhliain’: ceartúsáid na réamhlitreach h.

Na défhoghair ‘ia’ agus ‘ua’ vs ‘í’ agus ‘ú’.

8

Antaine Ó Donnaile ag caint ar pháistí a thógáil le Gaeilge.

Susan Ní Mhianáin ag cur síos ar a cuid oibre féin in earnáil na Gaelscolaíochta.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cad chuige a bhfuil ‘ag déanamh é’ mícheart agus caidé ba cheart a rá ina áit.

Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar na fuaimeanna scornúla: ‘A Chonaill’, ‘A Dhónaill’, ‘A Ghráinne’.

Brian Ó Fearraigh ag caint faoi na seanfhocail Ghaeilge is ansa leis.

Deiseanna leis an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga.

Fás na Gaelscolaíochta.

Ceartúsáid frásaí ama mar ‘i rith’, ‘ar feadh’, ‘go ceann’.

‘Bhí sí á dhéanamh’ seachas ‘Bhí sí ag déanamh é.’

‘Ina dhiaidh sin’ seachas ‘i ndiaidh sin.’

Na fuaimeanna scornúla.

9

Seán Ó Daimhín ag cur síos ar a thaithí féin ar na meáin shóisialta.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cad chuige a bhfuil ‘deireadh seachtainí’ mícheart agus caidé ba cheart a rá ina áit.

Antaine Ó Donnaile ag cur síos ar fhilí Oirialla.

Antaine Ó Donnghaile ag léamh ‘Coimhlint’, dán a chum sé féin.

Suzanne Uí Ghallchóir, Máire Uí Rabhartaigh agus Aodán Ó Cearbhaill ag caint faoi na seanfhocail is ansa leo.

‘Téacschaint’ agus giorrúcháin choitianta a úsáidtear sa Ghaeilge.

Plé ar fhilí Oirialla.

Dán le hAntaine Ó Donnaile, craoltóir agus file.

Péirí ainmfhocal san uimhir iolra: ‘deirí seachtaine’ seachas ‘deireadh seachtainí.’

Tréaniolraí agus lagiolraí.

Na fuaimeanna c leathan agus c caol.

An mhír dhiúltach ‘cha’.

10

Antaine Ó Donnaile agus Anna Ní Bhroin ag cur síos ar shealanna a chaith siad sa Bhriotáin.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú cad chuige a bhfuil ‘an bhliain seo chaite’ mícheart agus caidé ba cheart a rá ina áit.

Caitlín Nic Íomhair ag cur síos ar chumadh na filíochta.

‘Tobghrá’, dán le Caitlín Nic Íomhair á léamh ag an údar.

‘An Lia Gramadaí’ ag míniú an dóigh le treise a chur le focail sa Ghaeilge labhartha.

Aodh Ó Gallchóir ag caint faoi dhearcadh daoine maidir le Gaeilge Uladh.

Dearcadh daoine maidir le Gaeilge Uladh.

Plé ar chumadh na filíochta.

‘Tobghrá’, dán le Caitlín Nic Íomhair.

Rialacha an tséimhithe.

Sraith ainmfhocal i ndiaidh a chéile: ‘hata fhear an tí.’

An aidiacht aitreabúideach agus an aidiacht fhaisnéiseach.

Treise a chur le focal sa chaint.