Céim Ar Aghaidh

Don Fhoghlaimeoir

Intreoir

Tá Céim ar Aghaidh dírithe ar fhoghlaimeoirí meánleibhéil agus ardleibhéil i gCúige Uladh.

Cuireann Céim ar Aghaidh deiseanna foghlama ar fáil a bhíonn de dhíth go géar ar dhaoine atá ag déanamh staidéir ina n-aonar nó i ranganna taobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh seans agat cluas le héisteacht a thabhairt do na cainteoirí cumasacha Gaeilge atá faoi agallamh sna físeáin. Gheobhaidh tú blaiseadh ceart den Ghaeilge mar a labhraítear i gCúige Uladh inniu í. Díreofar d’aird ar ghnéithe den teanga de réir mar a thig siad aníos sna hagallaimh: idir fhoghraíocht, ghramadach agus stór focal. Beidh tú ábalta téacs na n-agallamh a léamh, chomh maith le nótaí cuimsitheacha ina bpléitear gnéithe de chanúint Uladh. Tá cleachtaí ann a chuideoidh leat máistreacht a fháil ar na struchtúir, ar na fuaimeanna, agus ar an stór focal atá le cluinstin sna hagallaimh.

Aonaid 1-10