Céim Ar Aghaidh

Mír 7

Cúinne na héigse: ‘Coimhlint’

Tá traidisiún na scríbhneoireachta Gaeilge in Oirialla beo beathach i gcónaí. Tá lorg na staire agus macalla na seanfhilí le brath go láidir ar dhánta Antaine Uí Dhonnaile, cuir i gcás, ach baineann na dánta lenár linn féin.

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina léann Antaine dán dar teideal ‘Coimhlint’ as an chnuasach Urú Gealaí Goirme a d’fhoilsigh sé sa bhliain 2011 (Coiscéim). Is dán millteanach drámatúil ann, agus baintear úsáid ealaíonta as fuaimeanna garbha leis an doirteadh fola a chur in iúl, leithéidí ‘grágarsach mharfach’ agus ‘clamhairt craicinn is clúimh’. Tá uaim go láidir ann.

Tá rud beag oibre le déanamh agat sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán.

  • Léigh an dán.
  • Cuardaigh na focail agus na frásaí míchoitianta seo sna foclóirí:
    • tamhach táisc
    • i gcochall a chéile
    • clamhairt
    • idir chorp is chleiteacha
    • i gcleithiúnas
    • círín
    • smearthaí dearga (‘smearadh’ san uimhir uatha)
  • Scríobh míniú Gaeilge ar chiall na bhfocal agus na bhfrásaí thuas.

Amharc ar an fhíseán ansin agus tabhair cluas mhaith d’Antaine agus é ag aithris an dáin. Bain triail as é a léamh os ard tú féin. I ndiaidh duit é a chleachtadh, déan taifeadadh fuaime díot féin agus ‘Coimhlint’ á aithris agat.

COIMHLINT
Toisc nach mbíodh acu
tásc ná tuairisc
ar Chonstáblacht Ríoga Uladh
an lá áirithe sin
shocraigh siad go mbeadh acu
tamhach táisc
i nduibheagán ghort na n-úll
is scaoil amach na héin.

Chuaigh na coiligh i gcochall a chéile
le grágarsach mharfach.
Crúba ag clamhairt craicinn is clúimh
go díocasach dochrach.
Dlaíoga, duilleoga, coirp is cleiteacha
ag imeacht san aer.
Cinniúint gach éin i gcleithiúnas
bhás a dhearthár.

Chuir an coileach caithréimeach
cos ar chírín a chomrádaí
is choimhéad go claonsúileach
lucht an chruinnithe
a bhí anois ciúnaithe
ag na deora íobartacha
spréachtha thart ar an chró
mar a bheadh na smearthaí dearga

ar chraicinn na ndrumaí móra
ag deireadh an lae chéanna.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Antaine Ó Donnaile: Coimhlint

Antaine Ó Donnaile ag léamh, ‘Coimhlint’ - dáin as a chnuasach féin, Urú Gealaí Goirme.

Antaine Ó Donnaile

Níl mé sásta le hachan dán atá istigh anseo, but tá cúpla ceann a thaitníonn liom go fóill, roinnt blianta i ndiaidh a scríofa. Ach seo ceann, ‘Coimhlint’, agus sílimse gur, cineál, go léiríonn sé an saol atá ag daoine in Ard Mhacha. An scéal atá taobh thiar den dán seo ná achan bhliain, ar an darna lá dhéag de mhí Iúil, nuair a bhí lucht an RUC uilig ag máirseáil nó ag ceiliúradh cultúr eile, rud a rinne na feirmeoirí fá thuaisceart Ard Mhacha ná go mbeadh cock fights acu, go mbeadh an coiligh ag troid, mar bhí a fhios acu nach mbeadh na péas thart. Agus sin an lá ab fhearr le cock fights a reáchtáil.

Agus… Agus mé ag fás aníos, shíl mé i gcónaí go raibh sé greannmhar go raibh cró na gcoileach iontach cosúil le lambeg drum, go raibh na coiligh caite isteach ann agus iad ag marú a chéile. Agus, ar a bharr sin, ag deireadh an lae, ar an darna lá dhéag, ba ghnách leis na Fir Bhuí a bheith ag bualadh ar na drumaí seo, a bheith ag déanamh mórtais as an fhuil a bheadh ar na lámha s’acu, ó bheith ag bualadh na ndrumaí móra. So, bhí an íomhá sin iontach láidir i mo chloigeann nuair a bhí mé ag smaoineamh faoi seo.

So, seo ‘Coimhlint’.
Toisc nach mbíodh acu
tásc ná tuairisc
ar Chonstáblacht Ríoga Uladh
an lá áirithe sin
shocraigh siad go mbeadh acu
tamhach táisc
i nduibheagán ghort na n-úll
is scaoil amach na héin.

Chuaigh na coiligh i gcochall a chéile
le grágarsach mharfach.
Crúba ag clamhairt craicinn is clúimh
go díocasach dochrach.
Dlaíoga, duilleoga, coirp is cleiteacha
ag imeacht san aer.
Cinniúint gach éin i gcleithiúnas
bhás a dhearthár.

Chuir an coileach caithréimeach
cos ar chírín a chomrádaí
is choimhéad go claonsúileach
lucht an chruinnithe
a bhí anois ciúnaithe
ag na deora íobartacha
spréachtha thart ar an chró
mar a bheadh na smearthaí dearga
ar chraicinn na ndrumaí móra
ag deireadh an lae chéanna.

So, sin… Agus, ar bhealach, sin tuaisceart Ard Mhacha duit.

Seo sainmhíniú Gaeilge ar na focail agus na frásaí sa dán.

tamhach táisc
Is é an sainmhíniú atá tugtha in FGB ná commotion, uproar. Sa dán seo, tá níos mó i gceist ná ‘rí rá’, áfach – tá spórt agus siamsaíocht i gceist fosta. Bhí scéalaithe Rann na Feirste iontach ceanúil ar an fhrása ‘tamhach táisc’, a bhíonn le cluinstin go minic ina gcuid seanscéalta.

i gcochall a chéile
In adharca a chéile, i mbun comhraic le chéile.

clamhairt
craiceann nó gruaig a stróiceadh

idir chorp is chleiteacha
Is é a chiallaíonn an frása seo de ghnáth, ‘go huile is go hiomlán’. Baintear casadh as i ndán Antaine.

i gcleithiúnas
Is ionann a bheith ‘i gcleithiúnas’ duine nó ruda agus a bheith ag brath air. Tugtar ‘cleithiúnaí’ ar dependent sa Ghaeilge, is é sin páiste nó duine muinteartha a bheadh ag brath ort.

círín
cleiteacha a bheadh ag gobadh amach as barr cloigeann éin

smearthaí dearga (‘smearadh’ san uimhir uatha)
smáil nó loirg dhearga