Céim Ar Aghaidh

Mír 6

Cúinne na héigse: filí Oirialla

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antaine Ó Donnaile, craoltóir agus file, síos ar na filí a bhí ag saothrú ina cheantar dúchais féin ón seachtú haois déag go dtí an naoú haois déag.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, tabhair faoi na ceisteanna seo thíos.

  1. Baineann na filí le dúiche ‘Oirialla’ – ceantar nach dtaispeántar ar léarscáil ar bith. Cá bhfuil dúiche Oirialla, mar sin? Cé chomh fairsing agus a bhí sé sa tréimhse atá i gceist againne?
  2. Luann Antaine beirt fhilí: Peadar Ó Doirnín agus Art Mac Cumhaigh. Cérbh iad na filí eile a áirítear i measc ‘fhilí Oirialla’?
  3. Luann Antaine an t-amhrán, ‘Úirchill an Chreagáin’ le hArt Mac Cumhaigh i measc ‘amhráin mhóra Ard Mhacha’. Caidé cúlra nó scéal an amhráin? Déan roinnt taighde ar líne.
  4. Éist le ‘Úirchill an Chreagáin’ á rá ag Pádraigín Ní Uallacháin ar shuíomh gréasáin Oriel Arts. Is amhránaí agus taighdeoir í Pádraigín atá ina saineolaí ar thraidisiún ceoil Oirialla. Ba í a chuir an saothar cuimsitheach A Hidden Ulster ar fáil sa bhliain 2003 (Four Courts Press).
  5. Caidé mar a chuaigh ‘Úirchill an Chreagáin’ i bhfeidhm ort? Scríobh cur síos gairid ar an amhrán, ar an chanadh agus ar an tionchar a bhí aige ort.

Amharc anois ar Antaine agus é ag cur síos ar fhilí Oirialla.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Filí Oirialla

Míníonn Antaine Ó Donnaile, fear de bhunadh Ard Mhacha, cúlra agus tábhacht fhilí Oirialla.

Antaine Ó Donnaile

Well, in Ard Mhacha, agus i gceantar Oirialla go ginearálta, tá muid iontach bródúil as na filí Gaeilge atá againn. Ní amháin na filí a bhí ann i bhfad siar, ach, go háirithe, na filí a bhí ag feidhmiú nuair a bhí an Béarla ag teacht isteach sa cheantar. Sílim gur filí iad – daoine ar nós Pheadair Uí Dhoirnín agus Airt Mhic Cumhaigh agus a leithéidí sin – bhí siad ábalta a bheith ag plé leis an dá shaol. Bhí siad cruthaitheach le linn tréimhse nuair a bhí an saol ag athrú. Bhí cuid acu níos fearr as ná a chéile. Bhí cuid acu níos fearr ná a chéile. But, thug siad freagra filiúnta do shaol a bhí ag athrú.

Agus thug... tá línte ar dóigh fágtha acu dúinn agus, ar bhealach, na hamhráin agus na dánta a scríobh siad, tá siad, cineál, mar ‘amhráin mhóra Ard Mhacha’. ‘Úirchill an Chreagáin’ agus a leithéidí sin. Nó an dán mór a scríobh Ó Doirnín, ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’ agus a leithéidí sin.

Ach domh féin amháin, sílimse gur filí iad a chonaic… Bhí siad ar maos, báite i saol na Gaeilge. Ba den traidisiún sin iad. Ach bhí siad ag plé le saol eile. Saol úr. Saol an Bhéarla. Agus bhí siad ábalta an dá shaol a thabhairt leo. Agus, ar bhealach, thiocfadh linn foghlaim uaidh sin.

  1. D’athraigh limistéar Oirialla ó aois go haois. Sa tréimhse a bhfuil Antaine ag caint uirthi chuimsigh sé contaetha Ard Mhacha agus Lú, deisceart Chontae an Dúin agus tuaisceart Chontae na Mí. Dar ndóigh, is beag aird a bhí ag na Gaeil ar theorainneacha contae san am.
  2. Bhí neart filí agus scríobhaithe ag saothrú i ndúiche Oirialla san am, ach ba iad na filí ba mhó clú Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaigh, Séamas Dall Mac Cuarta, agus Pádraig Mac a Liondáin. Áirítear Cathal Buí Mac Giolla Gunna i measc fhilí Oirialla in amanna, cé go meastar anois gur le dúiche stairiúil eile a bhain sé, is é sin Bréifne, a chuimsíonn na contaetha Liatroma agus an Chabháin agus páirt d’Fhear Manach.
  3. Focal eile ar ‘reilig’ atá in ‘úirchill’. Tharla Art i lusca eaglais an Chreagáin i ndeisceart Ard Mhacha, áit a gcoinnítí taisí thiarnaí Gaelacha na háite, Niallaigh an Fheadha. Tháinig spéirbhean chuige ag iarraidh é a mhealladh léi go dtí an saol eile, áit a mbeadh suaimhneas aige agus faoiseamh ón choimhlint pholaitiúil agus chultúrtha in Éirinn.

Is fút féin atá sé freagraí a scríobh ar cheisteanna 4 agus 5.