Céim Ar Aghaidh

Mír 3

An Lia Gramadaí: deireadh seachtainí nó deirí seachtaine?

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina bpléann Aodh Ó Gallchóir cruacheist eile ghramadaí.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, tabhair faoin cheist seo thíos.

  • Léigh an liosta focal 1–5.
  • Caidé an leagan ceart san uimhir iolra: A nó B?
  • An dtiocfadh leat an riail a mhíniú do dhuine atá ag foghlaim Gaeilge?
  • Amharc ar an fhíseán ansin, go gcluinfidh tú míniú ar an riail.
  1. damhsa céilí
    A: damhsa céilithe
    B: damhsaí céilí
  1. turas scoile
    A: turais scoile
    B: turais scoileanna
  1. iall bróige
    A: iallacha bróige
    B: iall bróga
  1. teach tábhairne
    A: teach tábhairní
    B: tithe tábhairne
  1. cúrsa ollscoile
    A: cúrsaí ollscoile
    B: cúrsaí ollscoileanna

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

An Lia Gramadaí: deireadh seachtainí nó deirí seachtaine?

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart: ‘deireadh seachtainí’ nó ‘deirí seachtaine’?

Aodh Ó Gallchóir

Cluintear ‘deirí seachtainí’, ‘deireadh seachtainí’ agus ‘deirí seachtaine’. An bhfuil glacadh leo uilig?

Ar dtús, gnáthrud sa Ghaeilge, b’fhéidir, dhá ainmfhocal a bheith againne áit nach mbeadh ach ainmfhocal amháin sa téarma Béarla: ‘teach leanna’ nó ‘mac léinn’, cuir i gcás. In amanna eile, b’fhéidir go mbeadh dhá ainmfhocal sa téarma Gaeilge agus sa téarma Béarla: ‘fón póca’ nó ‘plean ceachta’ mar shampla.

Sna samplaí sin uilig, bíonn an darna hainmfhocal sa tuiseal ginideach. Anois, san uimhir iolra, ní bhíonn daoine cinnte cé acu ainmfhocal ba cheart a chur san uimhir iolra, an chéad cheann nó an dara ceann. Is é freagra na ceiste sin gurb é an chéad ainmfhocal ba cheart a chur san uimhir iolra agus go bhfágtar an darna ceann sa tuiseal ginideach.

Bígí ag caint, mar sin, ar ‘Theachtaí Dála’, ar ‘fhóin phóca’, ar ‘dheirí seachtaine’ agus ar ‘phleananna ceachta’ oiread agus is mian libh. Ach ná bíodh ‘Teachtaí Dálaí’, ‘fóin pócaí’, ‘deirí seachtainí’ ná ‘pleananna ceachtanna’ le cluinstin uaibh.

  1. damhsa céilí
    B: damhsaí céilí
  2. turas scoile
    A: turais scoile
  3. iall bróige
    A: iallacha bróige
  4. teach tábhairne
    B: tithe tábhairne
  5. cúrsa ollscoile
    A: cúrsaí ollscoile

Is é an míniú gurb é an chéad ainmfhocal a bhíonn sa tuiseal ainmneach iolra. Sa tuiseal ghinideach uatha a bhíonn an dara hainmfhocal, de ghnáth. Beidh an dara hainmfhocal sa tuiseal ghinideach iolra más amhlaidh atá níos mó ná rud nó duine amháin i gceist, mar shampla ‘scoil chailíní’, ‘consól cluichí’ nó ‘long eitleán’.