Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Téacschaint na Gaeilge

Ó am go ham, foilsíonn an iris ar líne nos.ie liosta de na giorrúcháin a úsáidtear i dteachtaireachtaí Gaeilge, leithéidí ‘fadhb RB’ (‘fadhb ar bith’) agus ‘GOA’ (‘Gáire Os Ard’).

An dtuigeann tú na giorrúcháin seo a bhíonn in úsáid sna meáin shóisialta agus sa téacschaint Ghaeilge?

  1. 7n
  2. an8
  3. LDT
  4. CGL
  5. SGF
  6. MAF
  7. BLD
  8. GAELT8
  9. LBS
  10. MB

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Is iad seo na leaganacha atá i gceist sna giorrúcháin:

  1. 7n = seachtain
  2. an8 = anocht
  3. LDT = le do thoil
  4. CGL = ceart go leor
  5. SGF = slán go fóill
  6. MAF = maith an fear
  7. BLD = buíochas le Dia
  8. GAELT8 = Gaeltacht
  9. LBS = lá breithe sona
  10. MB = míle buíochas