Gnéithe den chanúint: ‘cha’ agus ‘ní’.
Agus é ag trácht ar na seanfhocail is fearr leis, dúirt Aodán Ó Cearbhaill, ‘Cha dtig leis an ghobadán an dá thráigh a fhreastal.’ Tá an chéad fhocal sin – ‘cha’ – thar a bheith coitianta in abairtí diúltacha i nGaeilge Uladh. Ní Tír Chonaill amháin atá i gceist – ‘cha’ a bhí sna canúintí Gaeilge in oirthear Chúige Uladh fosta. Is é an t-aon mhír dhiúltach a úsáidtear i gcanúintí Ghaeilge na hAlban.
Ní mar a chéile a úsáidtear ‘cha’ ó áit go háit. Tá ceantair ann ina bhfuil ‘cha’ i bhfad níos coitianta ná ‘ní’. I gceantair eile, is gnách ‘cha’ a úsáid le treise a chur ar smaointe nó ar eolas áirithe, mar seo:
- An mbeidh tú i bPáirc an Chrócaigh amárach?
- Ní bheidh.
- Beidh tú, leoga. Níor chaill tú cluiche ceannais riamh.
- Cha bhím, a deirim leat.
Úsáidtear ‘cha’ i nathanna cainte áirithe fosta.
- Char dhadaidh beagán! (Nach mór an rud a bhfuil tú ag súil leis!)
- Chan díth nár bhain mé sult as an cheol. (Ní hé nár bhain mé sult as an cheol.)
Ní luaitear ‘cha’ sa Chaighdeán Oifigiúil, agus ní fheictear é i dtuarascálacha bliantúla ná téacsanna oifigiúla de chineál ar bith. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil sí mícheart. Gné shuntasach de Ghaeilge Uladh atá ann agus é le fáil go tréan i scríbhinní údair Ghaeltachta ó Oirialla go Rann na Feirste.
Anois, tá beagán oibre le déanamh agat le ceartúsáid ‘cha’ a mhíniú.
- Cuir an fhoirm cheart de ‘cha’ in áit ‘ní’ sna habairtí thíos.
- Úsáid na samplaí leis an bhosca ag bun an leathanaigh a líonadh.
- Tá an chéad cheann déanta, le cuidiú leat.
- Níl sin ceart ná cóir.
- Ní théann an bus sin go hInis Ceithleann.
- Ní dhíolfainn pingin air.
- Ní bheidh an obair déanta in am.
- Níor chríochnaigh sé an t-úrscéal riamh.
- Ní hionann ar chor ar bith Pádraig agus Eoin.
- Níor pháiste ar bith a bhí ann an t-am sin.
- Níorbh fhíor na scéalta a bhí sna páipéir.
Caidé a tharlaíonn nuair… | |
…a thagann ‘cha’ roimh an bhriathar ‘bí’ san aimsir láithreach? | Riail: Deirtear ‘chan fhuil’. Sampla: Chan fhuil sin ceart ná cóir. |
… a thagann ‘cha’ roimh bhriathar a thosaíonn le ‘d’ nó ‘t’? | Riail: Sampla: |
…a thagann ‘cha’ roimh bhriathar san aimsir fháistineach? | Riail: Sampla: |
… a thagann ‘cha’ roimh bhriathar rialta san aimsir chaite? | Riail: Sampla: |
…a úsáidtear ‘cha’ mar fhoirm dhiúltach na copaile san aimsir láithreach? | Riail: Sampla: |
…a úsáidtear ‘cha’ mar fhoirm dhiúltach na copaile san aimsir caite? | Riail: Sampla: |
…a úsáidtear ‘cha’ mar fhoirm dhiúltach na copaile san aimsir caite roimh fhocal a thosaíonn le guta nó fh + guta? | Riail: Sampla: |
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Ní cur síos iomlán ar na rialacha a bhaineann le ‘cha’ atá sna nótaí seo. Is fiú amharc ar an eolas gramadaí a thugtar faoi ‘cha’ in Foclóir Gaeilgé–Béarla.
Caidé a tharlaíonn nuair… | |
…a thagann ‘cha’ roimh an bhriathar ‘bí’ san aimsir láithreach? | Riail: Deirtear ‘chan fhuil’. Sampla: Chan fhuil sin ceart ná cóir. |
… a thagann ‘cha’ roimh bhriathar a thosaíonn le ‘d’ nó ‘t’? | Riail: Cuirtear urú ar thúslitir an bhriathair. Sampla: Cha dtéann an bus sin go hInis Ceithleann. Sampla: Cha ndíolfainn pingin air. |
…a thagann ‘cha’ roimh bhriathar san aimsir fháistineach? | Riail: Is san aimsir ghnáthláithreach a bhíonn an briathar. Sampla: Cha bhíonn an obair déanta in am. |
… a thagann ‘cha’ roimh bhriathar rialta san aimsir chaite? | Riail: ‘Char’ a scríobhtar. Sampla: Char chríochnaigh sé an t-úrscéal riamh. |
…a úsáidtear ‘cha’ mar fhoirm dhiúltach na copaile san aimsir láithreach? | Riail: ‘Chan’ a scríobhtar. Sampla: Chan ionann ar chor ar bith Pádraig agus Eoin. |
…a úsáidtear ‘cha’ mar fhoirm dhiúltach na copaile san aimsir caite? | Riail: ‘Char’ a scríobhtar. Sampla: Char pháiste ar bith a bhí ann an t-am sin. |
…a úsáidtear ‘cha’ mar fhoirm dhiúltach na copaile san aimsir caite roimh fhocal a thosaíonn le guta nó fh + guta? | Riail: ‘Charbh’ a scríobhtar. Sampla: Charbh fhíor na scéalta a bhí sna páipéir. |