Céim Ar Aghaidh

Mír 8

Lúth na teanga: na fuaimeanna scornúla

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antain Mac Lochlainn síos ar na fuaimeanna ‘scornúla’ atá le cluinstin i dtús na samplaí seo:

A Chaitríona
A Dhónaill
A Ghráinne

Amharc ar an fhíseán go gcluinfidh tú an méid atá le rá ag Antain faoi thábhacht na bhfuaimeanna seo agus faoin dóigh a ndéantar iad.

Agus sin déanta agat, tabhair faoin tasc seo thíos. An aithníonn tú na fuaimeanna scornúla seo thar fhuaimeanna eile?

  • Cuir Comhad Fuaime 1 ar siúl.
  • Cluinfidh tú péire focal á léamh amach.
  • Tabhair cluas mhaith éisteachta d’achan phéire focal.
  • An focail éagsúla iad nó an é go bhfuil an focal céanna le cluinstin faoi dhó?
  • Déan iarracht na focail a scríobh amach.
A. Na focail atá le cluinstin B. Na focail chéanna C. Focail éagsúla
1. athair/achair  
2.    
3.    
4.    
5.    
6.    
7.    
8.    

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Fuaimeanna scornúla

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn ag caint ar na fuaimeanna scornúla a bhíonn le fáil i bhfocail mar ‘loch’ agus ‘ghortaigh’.

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: A Antain, an mbíonn fuaimeanna faoi leith ann a mbíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí na Gaeilge leo?

Antain: Chítear domh in amanna, tá fuaimeanna ann nach bhfuil iontach doiligh iontu féin ach go mbíonn faitíos ar dhaoine iad a rá. Agus tá mé ag smaointiú ar an ‘ch’ sin atá againn sa Ghaeilge, an ‘ch’ leathan. Agus is deacair a dhéanamh amach cad chuige a mbíonn a oiread deacrachtaí ag daoine leis mar tá an fhuaim sin sa Bhéarla atá againn i gCúige Uladh. Dá gcluinfeadh duine scéal, b’fhéidir, scéal truacánta, b’fhéidir go ndéarfadh siad, Och, isn’t that a pity? Nó rud éigin mar sin. Tá sé againn i logainmneacha – Lough Erne agus rudaí mar sin. Tá an fhuaim ann ach bíonn drogall ar dhaoine é a ráit. Agus déarfainn, b’fhéidir, gurb é an chúis atá leis, b’fhéidir, go síleann siad go bhfuil sé cineál ‘garbh’ nó rud éigin mar sin.

Agus tá an rud céanna fíor i gcás na bhfuaimeanna eile atá, cineál, cosúil leis. ‘Dh’ leathan, mar shampla: ‘a dhochtúir’. Agus ‘gh’ leathan: ‘ghlan mé an teach’ agus ‘ghortaigh mé mé féin’ agus rudaí mar sin. Ar chúis éigin, bíonn drogall éigin ar fhoghlaimeoirí na focla sin a ráit.

Siuán: Agus an é go mbíonn ciall ag brath air?

Antain: Bíonn ciall ag brath air, minic go leor. Inscne, mar shampla. Tá ciall faoi leith le ‘a chuid airgid’ agus séimhiú a bheith air. Is é sin, his money. Agus tá ciall eile ar fad le ‘a cuid airgid’ gan séimhiú a bheith air. Sin, her money. Agus má tá tú ag iarraidh go dtuigfeadh daoine thú, b’fhearr duit an ‘ch’ sin a bheith le cluinstin go soiléir.

Siuán: Agus an mbíonn an fhuaim sin i gcónaí láidir?

Antain: Is fíor go bhfuil comhthéacsanna ann agus níl an ‘ch’ díreach chomh láidir. I gCúige Uladh, an chuid is mó den am, deir muid ‘gasúr’ ach tá an focal ‘buachaill’ ann fosta. Agus thiocfadh leat ‘buachaill’ a rá agus an ‘ch’ atá i lár báire ansin a bheith iontach soiléir, agus béim a chur air: ‘buachaill’. Ach is fíor ina dhiaidh sin go ndeir daoine ‘buachaill’ agus is ar éigean atá an ‘ch’ le cluinstin ar chor ar bith.

Agus, i ndeireadh focail, an rud céanna. ‘An teach deireanach ar an bhealach’, mar shampla. Thiocfadh leat an ‘ch’ a bheith an-láidir ansin ach cloisfidh, cluinfidh tú daoine ag rá, ‘An tea’ deireana’ ar an bheala’.’ Agus tá an dá rud chomh maith lena chéile, an bhfuil a fhios agat? Ní hé go bhfuil ceann acu ceart, ceann acu mícheart. Ach mholfainn d’fhoghlaimeoirí, b’fhéidir, an ‘ch’ a ráit agus… díreach le go dtiocfaidh siad, le go mbeidh cleachtadh acu air agus le go dtiocfaidh sé leo.

Agus, ar a bhfaca tú riamh, ná cuir ‘k’ in áit an ‘ch’ sin. Ná habair, ‘An teac deireanac ar an bhealac’. Tá sin… níl sin dúchasach sa Ghaeilge. Agus b’fhearr go mór an ‘ch’ a fhágail ar lár ar fad ná ‘k’ a chur ina áit.

Seo an chuma ba cheart a bheith ar an tábla.

A. Na focail atá le cluinstin B. Na focail chéanna C. Focail éagsúla
1. athair/achair  
2. chathair/chathair  
 
3. reachtaire/reacaire    
4. leat/leacht    
5. aisteach/aiste    
6. loch/loch  
 
7. meacan/meáchan    
8. clochar/clochar