Céim Ar Aghaidh

Mír 6

I ngleic leis an ghramadach: ‘I do dhiaidh’

Tá Aodh Ó Gallchóir i ndiaidh a mhíniú dúinn gur botún a bheadh ann forainm a chur díreach i ndiaidh ainm briathartha: 

Ná bí ag cáineadh mé. 

Ina áit sin, úsáidtear an réamhfhocal ‘do’ agus an aidiacht shealbhach:

Ná bí do mo cháineadh.

Ní bhíonn an réamhfhocal ‘do’ le feiceáil sa tríú pearsa.

Ná bí á cheartú (fir.)
Ná bí á ceartú (bain.)
Ná bí á gceartú (iolra)

Má léann tú seanleabhair Ghaeilge, chífidh tú lorg an réamhfhocail ‘do’ fiú sa tríú pearsa. 

Ná bí dá cheartú (nó ‘dhá cheartú’)
Ná bí dá ceartú (nó ‘dhá ceartú’)
Ná bí dá gceartú (nó ‘dhá gceartú') 

Mhínigh Aodh nár cheart forainm a chur díreach i ndiaidh ainm briathartha. Tá an rud céanna fíor i gcás forainm a chur díreach i ndiaidh réamhfhocal comhshuite, is é sin réamhfhocal a bhfuil níos mó ná focal amháin ann (‘i ndiaidh’, ‘i lár’, ‘fá choinne’ srl.)Tá na leaganacha seo mícheart, cuir i gcás.

I ndiaidh mé
I ndiaidh tú
I ndiaidh é
I ndiaidh í
I ndiaidh muid
I ndiaidh sibh
I ndiaidh iad

Ina áit sin, cuirtear an aidiacht shealbhach leis an réamhfhocal. Bíonn na gnáthrialacha a bhaineann le séimhiú agus urú i bhfeidhm.

I mo dhiaidh
I do dhiaidh
Ina dhiaidh
Ina diaidh
Inár ndiaidh
In bhur ndiaidh
Ina ndiaidh

I gcás an tríú pearsa, is minic a ritheann an réamhfhocal agus an aidiacht shealbhach isteach ina chéile, mar shampla ‘faoina’, ‘ina’ nó ‘lena’. I gcás ‘de’ agus ‘do’, moltar sa Chaighdeán Oifigiúil ‘dá’ a scríobh, mar seo:

Bhain sí an hata dá ceann.
Bhí airgead leis le thabhairt dá mháthair.
Bhí siad breá sásta deiseanna a thabhairt dá gcairde.

 I gcanúint Uladh, is minic a bhíonn ‘dena’ agus ‘dona’ le cluinstin in áit ‘dá’.

Baineann na rialacha céanna leis na míreanna taispeántacha ‘seo’, ‘sin’, ‘siúd’. Botún a bheadh ann ceann ar bith de na focail sin a chur díreach i ndiaidh ainm briathartha nó réamhfhocal comhshuite.

Caidé a dhéanfaidh muid i ndiaidh seo?  
Ná bí ag déanamh sin.  
Máiréad? Ná habair focal i dtaobh siúd.  

Is mar seo a scríobhtar a leithéid:

Caidé a dhéanfaidh muid ina dhiaidh seo? 
Ná bí á dhéanamh sin. 
Máiréad? Ná habair focal ina taobh siúd.