Céim Ar Aghaidh

Mír 4

Focal ar fhocal: frásaí ama

I dtús an agallaimh a rinne sí faoina cuid oibre sa Ghaelscolaíocht, deir Susan Ní Mhianáin, ‘Tá mé ag obair i nGaelcholáiste Dhoire le ceithre bliana anuas.’

Dá mbeifeá ag iarraidh Béarla a chur air sin is dócha gur mar seo a bheadh: I’ve been working in Gaelcholáiste Dhoire for four years now. I mBéarla, d’fhéadfaí for a úsáid i gcomhthéacsanna agus in aimsirí eile:

  • I was working there for a year.
  • I was busy for all that time.
  • I won’t retire for another year.

Seans gurb é nós sin an Bhéarla a chuireann mearbhall ar lucht na Gaeilge, sa dóigh is go n-úsáideann siad frásaí ama go mícheart. Is iad na frásaí atá i gceist: ‘le’, ‘ar feadh’, ‘i rith’ agus ‘go ceann’.

Is mar seo ba cheart na frásaí ama a úsáid:

  • Tá mé ag obair anseo le bliain. (Agus tá mé anseo go fóill.)
  • Bhí mé ag obair ann ar feadh bliana. (Níl mé ag obair ann níos mó.)
  • Bhí mé gnoitheach i rith/ar feadh an ama sin. (Ó thús go deireadh na tréimhse.)
  • Beidh mé ag obair ann go ceann bliana. (Tá bliain eile le cur isteach agam.)

Tá rud beag oibre le déanamh agat anois, féacháint an dtig leat na rialacha a bhaineann le frásaí ama a chur i bhfeidhm.

  • Léigh na habairtí 1–10.
  • Roghnaigh an frása ama ceart le cur sa bhearna.
  • B’fhéidir go dtiocfadh níos mó ná frása amháin a roghnú a bheadh fóirsteanach don chomhthéacs.

1. Níl mé ag iarraidh dul abhaile _________________________ tamall beag eile.
2. Níor chuir sí scairt orm _________________________ na seachtaine sin.
3. Tá an t-óstán sin druidte _________________________ mo chuimhne.
4. Bhí siad ag comhrá ina measc féin _________________________ uair an chloig.
5. _________________________ tréimhse fhada, ní raibh ag éirí liom a dhath ar bith a scríobh. 
6. Shíl mise nach mbeadh toghchán ann _________________________ mí nó dhó eile.
7. Tá rudaí le rá agam ba mhian liom a rá _________________________ fada.
8. Shuíodh sé sa teach leanna _________________________ an tráthnóna agus é ag comhrá leis na cuairteoirí.
9. Beidh an bealach mór druidte _________________________ fada go leor.
10. Tá mo mhuintir ina gcónaí san áit seo _________________________ bunús céad bliain.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Níl mé ag iarraidh dul abhaile go ceann tamall beag eile.
  2. Níor chuir sí scairt orm i rith/ar feadh na seachtaine sin.
  3. Tá an t-óstán sin druidte le mo chuimhne.
  4. Bhí siad ag comhrá ina measc féin ar feadh/i rith uair an chloig.
  5. Ar feadh tréimhse fhada, ní raibh ag éirí liom a dhath ar bith a scríobh. 
  6. Shíl mise nach mbeadh toghchán ann go ceann mí nó dhó eile.
  7. Tá rudaí le rá agam ba mhian liom a rá le fada.
  8. Shuíodh sé sa teach leanna ar feadh/i rith an tráthnóna agus é ag comhrá leis na cuairteoirí.
  9. Beidh an bealach mór druidte go ceann fada go leor.
  10. Tá mo mhuintir ina gcónaí san áit seo le bunús céad bliain.