Fás na Gaelscolaíochta
Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Susan Ní Mhianáin síos ar a cuid oibre i nGaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin.
Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na ceisteanna seo thíos. Tá an t-eolas atá riachtanach leis na ceisteanna a fhreagairt le fáil sa mhéid a deir Susan.
1. Cén tábhacht atá leis na huimhreacha agus na dátaí seo a leanas?
- 2015
- Beirt
- Cúig dhuine dhéag.
- Seacht nduine dhéag.
- 180.
2. Bhí Susan ag plé le hachan ghné d’obair na scoile ar dtús. Anois, bíonn cúraimí faoi leith uirthi. Caidé na cúraimí atá ann?
3. Tá mana ag Susan a chuireann síos go beacht ar chur chuige agus ar fhealsúnacht na scoile. Caidé atá ann?
4. Tugann Susan samplaí den mhéid atá bainte amach ag an scoil ó thaobh an spóirt de. Caidé atá ann?
Anois, amharc ar an fhíseán agus freagair na ceisteanna.
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
An Ghaelscolaíocht
Susan Uí Mhianáin ag caint ar fhás agus ar fhorbairt na Gaelscolaíochta ó thuaidh.
Susan Ní Mhianáin
Tá mé ag obair i nGaelcholáiste Dhoire, i nDún Geimhin, le ceithre bliana anuas. Bunaíodh an scoil mí Mheithimh dhá1 mhíle ’s cúig déag. Agus tháinig muid isteach ag an am sin le Príomhoide amháin, Oifigeach Riaracháin agus Cumarsáide amháin agus beirt mhúinteoirí lánaimseartha, mé féin agus Conall Ó Coinn. Agus, ag an phointe seo, tá muid i ndiaidh fás ón fhoireann sin go níos mó ná cúig déag ar an fhoireann. Agus i ndiaidh fás ó seachtar déag nó mar sin sa chéad bhliain suas go dtí céad ochtó i mí Mheán an Fhómhair i mbliana.
So, is é an obair atá i gceist, agus mé ag obair ann anois ná… Ag an tús, bhí muid ag déanamh achan uile rud, ag toiseacht ón tús. Anois, tá muid dírithe ar rudaí ar leith. So, is é sin litearthacht na Gaeilge sa scoil agus na spóirt. Agus, ar ndóigh, an tréadchúram agus cosaint pháistí.
Is dóiche, an mantra atá againne leis na páistí ná, ‘Is é an duine is tábhachtaí sa scoil an duine is laige.’ Is cuma más sa seomra ranga é nó í nó amuigh ag imirt spóirt nó cibé rud.
So, bíonn tú ag iarraidh go mbeadh na páistí ag teacht amach as an scoil, nuair atá siad réidh linn, muiníneach, bródúil as an Ghaeilge atá acu agus cumasach – breá ábalta dul amach sa domhan agus páirt a ghlacadh ann go héifeachtach agus iad breá sásta leis an chineál duine atá iontu. Agus déanann muid sin, déanann muid an t-ullmhúchán sin, trí mheán na n-imeachtaí sa scoil. Feicim féin, an dóigh is fusa le daoine a chur a chaint i nGaeilge, agus a forbairt, ná iad a chur ag gníomhú, ag déanamh rud inteacht a bhfuil pléisiúr ann. Agus, de réir a chéile, tógann siad an caisleáin sin.
Is dóiche, an rud is mó a mbainim sult as ná, ag amharc2 ar na páistí nuair a thig siad isteach ag an tús agus ag feiceáil3 go bhfuil forbairt agus dul chun cinn déanta. Sin, sin an fáth a bhfuil muid ann, le cuidiú leis na daoine óga atá ag teacht isteach.
Tá an-mheas agam ar na tuismitheoirí a chuireann a bpáistí chuig an scoil, go háirid muna4 bhfuil Gaeilge acu. Agus nuair a amharcann tú ar na daltaí sin agus iad ag dul ó neart go neart, tá an-mheas agam ar na daltaí fosta. Mar níl sé furast’. Níl an scolaíocht furast’ gan trácht ar é a dhéanamh trí mheán na Gaeilge muna bhfuil Gaeilge sa bhaile.
Bainim an-sult as an spórt, caithfidh mé a rá, agus na himeachtaí trí mheán na Gaeilge. I mbliana, d’éirigh go hiontach geal linn maidir leis na cluichí. Agus bhain muid trí chorn Uladh agus chaill muid sa chluiche ceannais, sa chamógaíocht. Agus, ar a bharr sin, na himeachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge, mar shampla an chaint phoiblí, trí mheán Gael Linn, agus Díospóireacht Uí Chadhain fosta.
Agus tá an-dúil againne sna comórtais. Arís, sa scoil, bíonn tú ag iarraidh freastal ar na daoine is laige, but, go háirithe, caithfidh muid déileáil leis agus freastal ar na daoine is láidre fosta. Ag iarraidh iad a bhrú chun tosaigh agus a bheith muiníneach amuigh ansin, i measc na ndaoine is cumasaí atá timpeall na tíre.
D’éirigh linn, dhá bhliain i ndiaidh a chéile, dul a fhad le babhta ceannais Dhíospóireacht Uí Chadhain, agus éacht ollmhór a bhí ann. So, bhí muid iontach, iontach bródúil as na daltaí. Agus bhí siad mar sprioc do na daltaí a bhí i scoil s’againne fosta.
So, sin an rud a chuireann an…an-áthas orm.
- …dhá mhíle… Ní fuaim scornúil atá i dtús an fhocail ‘dhá’ i nGaeilge Thír Chonaill. Fuaimnítear an focal amhail is gur ‘dheá’ a bheadh ann.
- ...ag amharc... Ní mar a chéile a fhuaimnítear 'amharc' ó áit go háit. Seo an treoir a thug Dónall P. Ó Baoill faoi fhuaimniú an fhocail sa leabhrán An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh (Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1996): 'Deirtear anc, onc, órc.'
- ...ag feiceáil... Is é a deir Susan, 'ag feiceáilt'. Is minic a chuirtear 't' breise le focail a chríochnaíonn le ceann ar bith de na consain l, n nó t.
- ...muna bhfuil... Leagan malartach de 'mura bhfuil'.
1. Cén tábhacht atá leis na huimhreacha agus na dátaí seo a leanas?
- 2015
Ba sa bhliain sin a bunaíodh Gaelcholáiste Dhoire. - Beirt
Ní raibh ach beirt mhúinteoirí sa scoil, tráth a bunaíodh í. - Cúig dhuine dhéag.
B’in líon na ndaltaí sa scoil an bhliain ar bunaíodh í. - Seacht nduine dhéag.
Sin an líon daoine atá ar fhoireann na scoile inniu. - 180.
Sin líon na ndaltaí tráth a rinneadh an t-agallamh.
2. Bhí Susan ag plé le hachan ghné d’obair na scoile ar dtús. Anois, bíonn cúraimí faoi leith uirthi. Caidé na cúraimí atá ann?
Litearthacht Ghaeilge agus spórt.
3. Tá mana ag Susan a chuireann síos go beacht ar chur chuige agus ar fhealsúnacht na scoile. Caidé atá ann?
Deir Susan, ‘Is é an duine is tábhachtaí sa scoil, an duine is laige.’
4. Tugann Susan samplaí den mhéid atá bainte amach ag an scoil ó thaobh an spóirt de. Caidé atá ann?
Bhain siad trí chorn Uladh agus bhain siad cluiche ceannais na camógaíochta amach, bíodh is nár bhain siad an cluiche sin.