Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Focal ar fhocal: an seanfhocal is ansa liom

D’iarr muid ar Bhrian Ó Fearraigh cur síos dúinn ar an tseanfhocal Gaeilge is ansa leis. Roghnaigh sé seanfhocal atá gar dá chroí agus dá dhearcadh saoil mar shagart Caitliceach, is é sin ‘Is giorra cuidiú Dé ná maidí an dorais.’

Leoga, tá seoda cainte go leor sa mhíniú a thug Brian ar bhrí an tseanfhocail, mar shampla:

‘Tá min agus móin againn’, is é sin tá achan uile rud againn a bheadh de dhíth ar dhaoine.
‘Tá an saol ina shuí ar a thóin againn’, is é sin tá an saol ceansaithe againn, tá saol deas réidh againn.

Anois, tá beagán oibre le déanamh agat féin.

  • Amharc ar an fhíseán ina míníonn Brian brí an tseanfhocail. Tá an téacs tugtha thíos le go mbeidh tú ábalta é a léamh le linn duit a bheith ag éisteacht.
  • Smaoinigh ar an tseanfhocal is fearr a chuireann síos ar do dhearcadh féin faoi chúrsaí an tsaoil, nó seanfhocal a shíleann tú a bheith gonta greannmhar glic.
  • Cuir i gcás go bhfuil duine ag iarraidh ort an dúil atá agat sa tseanfhocal a mhíniú. Scríobh míniú gairid ar nós mhíniú Bhriain.
  • Déan an píosa a scríobh tú a thaifeadadh.

"Tá cuid mhór seanfhocal agus nathanna cainte agus mar sin de. Agus, creidim, ceann de na cinn is luaithe agus is cóngarai do mo chroí féin ná an seanfhocal sin, 'Is giorra cuidiú Dé ná maidí an dorais.' Agus chuala mé sin ó m'athair. Chuala mé go minic é ó m'athair agus chonaic mé go raibh tábhacht ann dósan. So, is giorra cuidiú Dé ná maidí an dorais.

Agus an rud a chiallaíonn... go bhfuil an Tiarna Dia taobh linn i dtólamh, is cuma caidé atá muid ag dul fríd sa tsaol seo. Cé acu atá muid thuas nó thíos nó cé acu atá cúrsaí ag dul go maith dúinn, má tá mn agus móin againn agus an saol ina shuí ar a thóin againn nó má tá muid ag streachailt le cúrsaí an tsaoil. Tá an Tiarna Dia taobh linn i dtólamh. Agus is maith liom an seanfhocal sin."

Brí an tSeanfhocail

Brian Ó Fearraigh ag cur síos ar na seanfhocail Ghaeilge is ansa leis.