Cluas le héisteacht: páistí a thógáil le Gaeilge
Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antaine Ó Donnaile síos ar chuid de na dúshláin a bhíonn le sárú ag tuismitheoirí atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.
Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na focail agus na frásaí 1–10 thíos.
- Caidé mar a déarfá féin na rudaí sin i nGaeilge?
- Amharc ar an fhíseán go gcluinfidh tú na leaganacha a bhí ag Antaine.
- Ná bíodh imní ort mura bhfuil sibh ar aon fhocal – is iomaí dóigh le rudaí a rá i nGaeilge.
- in the very heart of the Gaeltacht
- constantly, all the time
- most of the relatives
- as well as that/in addition
- we had the good fortune to be able
- she had great Irish
- battling against the odds/striving against adversity
- you’re the odd one out
- a thing of wonder
- even if they don’t keep Irish up
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Ag tógáil páistí le Gaeilge
Cuireann Antaine Ó Donnaile síos ar na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge.
Antaine Ó Donnaile
Tá sé iontach deacair páistí a thógáil le Gaeilge in áit nach labhartar1 Gaeilge mar ghnáth-theanga. Fiú i gcroílár na Gaeltachta, sa lá atá inniu ann, déarfainn go bhfuil sé deacair. Ach is deacra arís é sa Ghalltacht.
Agus, ar bhealach, domh féin mar shampla, agus mo bhean chéile – foghlaimeoirí Gaeilge2 muidne. Mo dheirfiúracha agus mo dheartháireacha, labhrann siadsan Béarla, de ghnáth. Béarla a labhrann mo thuismitheoirí. Béarla ar an teilifís. Agus tá sé iontach deacair a bheith ag brú na Gaeilge i rith an ama nuair atá bunús na ngaolta, bunús na meán cumarsáide atá ag teacht isteach sa teach agus a bhfuil dúil ag páistí iontu…
Agus chomh maith, lena chois sin, toisc nár tógadh le Gaeilge mé, chaill mé an réimse sin teanga fosta. Na focla beaga, an dóigh a labhrann tú le páistí i nGaeilge. Bíonn tú ag tarraingt ar do thógáil féin nuair a bhíonn tú ag plé le páistí. So, bhí sin ina dheacracht fosta.
Ach bhí sé de bhua againn a bheith ábalta na páistí a chur go bunscoileanna lán-Ghaeilge. Agus bhí múinteoir den scoith3 acu sa chéad bhliain, as an Bhealtaine i nGort a’Choirce. Bhí Gaeilge ar dóigh aici agus nuair a tháinig siad chun an bhaile, iad ina bpáistí beaga, bhí siad ag labhairt mar a bheadh duine as Gort a’Choirce. Scoith na Gaeilge. Bhí muid iontach bródúil astu, ach sílim gur chuidigh sin go mór, an córas scolaíochta. Agus ansin, bhí Gaeilge agam féin agus ag mo bhean chéile le bheith ag tacú leis an scoil.
Ach i rith an ama, bíonn tú ag snámh in aghaidh easa. Bíonn tú i d’éan chorr,4 ag iarraidh Gaeilge a labhairt. Fiú, tá mac agam agam – Lughaidh. L-U-G-H-A-I-D-H. Bíonn daoine ag rá, ‘Caidé an rud sin? Lug – lug – daí. Caidé?’ Agus tá ’níon agam, Sadhbh, litrithe S-A-D-H-B-H. Agus, fiú na hainmneacha, is ábhar iontais iad, in amanna.
Ach is fiú a dhéanamh, nó fiú mura leanann siad leis an Ghaeilge, tugann an teanga eile sin, agus teanga na hÉireann atá inti, tugann sé dearcach eile daofa agus is cuid den repertoire atá inti chomh maith. Agus ní… is buntáiste mór atá ann, is dóigh liom.
1. …nach labhartar… Is ionann seo agus ‘nach labhraítear’. Is minic a dhéantar briathra den dara réimniú a ghiorrú ar an dóigh seo i nGaeilge Uladh.
2. …foghlaimeoirí Gaeilge… Tá an t-ainm sin á úsáid ag Antaine sa chiall ‘ní raibh an Ghaeilge againn ó dhúchas’ seachas ‘tá muid ag foghlaim Gaeilge.’
3. …den scoith… Is é an litriú caighdeánach ‘den scoth’. I nGaeilge Uladh, is minic a bhíonn ‘o’ gairid iontach cosúil le ‘a’ gairid, sa dóigh is gur ‘scaith’ a deir daoine.
4. …i d’éan chorr… Tá séimhiú iontach soiléir le cluinstin ar an aidiacht ‘corr’, cé gur focal firinscneach é ‘éan’. Is amhlaidh atá Antaine i ndiaidh an aidiacht a shéimhiú as siocair í a bheith sa tuiseal thabharthach, i ndiaidh an réamhfhocail ‘i’. Tá an nós sin taobh amuigh den Chaighdeán Oifigiúil, ach tá sé láidir i gcónaí i nGaeilge Chúige Uladh.
- in the very heart of the Gaeltacht
Ba é a dúirt Antaine: ‘i gcroílár na Gaeltachta’. - constantly/all the time
Ba é a dúirt Antaine: ‘i rith an ama’. Rud aisteach, is minic a deirtear ‘i rith na hama’ i nGaeltacht Thír Chonaill, cé go mbíonn ‘am’ ina ainmfhocal firinscneach i gcásanna eile. - most of the relatives
Ba é a dúirt Antaine: ‘bunús na ngaolta’. - as well as that/in addition
Ba é a dúirt Antaine: ‘chomh maith le’ agus ‘lena chois sin’. - we had the good fortune to be able
Ba é a dúirt Antaine: ‘Bhí sé de bhua againn a bheith ábalta’. Thig an frása céanna a úsáid le trácht ar thallann nó ar chumas: ‘Bhí sé de bhua aici daoine a chur ar a suaimhneas.’ - she had great Irish
Ba é a dúirt Antaine: ‘bhí Gaeilge ar dóigh aici sin.’ Tá ‘ar dóigh’ iontach coitianta i nGaeilge Uladh, ach tabhair faoi deara gur gnách ainmfhocal a úsáid leis, mar shampla ‘Tá ceol ar dóigh aici.’ Bheadh blas aisteach ar leithéidí ‘Tá sí ar dóigh.’ - battling against the odds/striving against adversity
Ba é a dúirt Antaine: ‘ag snámh in aghaidh easa’. - you’re the odd one out
Ba é a dúirt Antaine: ‘Bíonn tú i d’éan corr.’ - a thing of wonder
Ba é a dúirt Antaine: ‘ábhar iontais.’ - even if they don’t keep Irish up
Ba é a dúirt Antaine: ‘Fiú mura leanann siad leis an Ghaeilge.’