Céim Ar Aghaidh

Mír 7

Lúth na teanga: abair féin é

Éist le Comhad fuaime 2.

  • Cluinfidh tú na habairtí 1–10 á léamh amach.
  • Cluinfidh tú achan abairt dhá uair, agus spás eatarthu le go mbeidh seans agat féin an abairt a rá.
  • Tabhair aird faoi leith do na focail a bhfuil défhoghar ‘ua’ nó ‘ia’ iontu.
  • Déan do dhícheall difear soiléir a bheith le cluinstin idir na défhoghair agus síntí fada.
  1. Tá dúil agam sa Luas i mBaile Átha Cliath.
  2. Is as Contae Lú mé.
  3. Bhí sé ag cur ó thús an chluiche.
  4. Thuas staighre atá an seomra folctha.
  5. Rinne siad an obair ar an phingin is ísle.
  6. Ní chreidfeá an phian a bhí orm!
  7. Ar chas tú le m’iníon, Nuala?
  8. Ar chas tú le mo nia, Niall?
  9. Cuairt ghearr an chuairt is fearr.
  10. Tá cara sa chúirt agam.

Aonad 7 Comhad Fuaime 2