Céim Ar Aghaidh

Mír 6

Lúth na teanga: na défhoghair

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antain Mac Lochlainn síos ar dhéfhoghair na Gaeilge, agus go háirithe ar ‘ua’ agus ‘ia’ i bhfocail mar ‘suas’ agus ‘siar’.

Amharc ar an fhíseán go gcluinfidh tú a bhfuil le rá ag Antain faoi na défhoghair. Agus sin déanta, tabhair faoi chleachtadh seo.

  • Éist le Comhad Fuaime 1.
  • Cluinfidh tú sraith focal á léamh amach.
  • Cluinfidh tú achan fhocal trí huaire.
  • Éist go gcluinfidh tú cé acu focal atá á léamh amach: an focal i gcolún A nó an focal i gcolún B.
  • Cuir tic leis an cheann cheart.
A. Síneadh fada B. Défhoghar
tua  
cúl cual  
dubh dua  
túr tuar  
síor siar  
díon dian  
fíor fiar  
cíor ciar  

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Siar agus síor, túr agus tuar: défhoghair na Gaeilge

Pléann Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn défhoghair na Gaeilge agus na difríochtaí idir iad agus fuaimeanna eile.

Aonad 7 Comhad Fuaime 1

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: Téarma a úsáidtear go minic i gcúrsaí foghraíochta ná ‘défhoghair’. An bhféadfá sin a mhíniú dúinn, le do thoil?

Antain: Well, is ionann ‘foghar’ agus ‘fuaim’. Focal eile ar an rud chéanna. Agus is uaidh sin a fhaigheann muid an focal ‘foghraíocht’, mar shampla. Agus is é an rud atá sa défhoghar ná dhá fhuaim. Dhá fhuaim le chéile. Agus sampla iontach maith ná ‘ua’ i bhfocla mar ‘suas’ agus ‘bruach’ agus ‘thuas’ agus ‘fuaim’, is dóiche. Agus tugtar ‘défhoghar’ air mar bíonn an dá fhuaim le cluinstin go soiléir. Tá an ‘u’ le cluinstin agus tá an ‘a’ le cluinstin. Agus sin, is mar gheall air sin a thugtar ‘défhoghar’ air.

Siuán: Agus an mbíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí leis na fuaimeanna sin?

Antain: Yeah… is rud iontach atá ann, ar bhealach, mar níl sé deacair a ráit. Níl an fhuaim féin deacair ar bhealach ar bith. Níl le déanamh agat ach ‘a’ agus ‘u’ a ráit i ndiaidh a chéile agus tá leat. Ach is dóiche go mbíonn fuaimeanna Béarla ag cur isteach ar dhaoine. Bíonn na fuaimeanna sin ar intinn acu agus iad ag caint i nGaeilge. Cuir i gcás an ‘o’ dúbailte sin a bíos i bhfocla Béarla mar good agus wood agus food. Bíonn sin ag cur isteach ar dhaoine agus is mar gheall air sin a deir siad rudaí cosúil le ‘Tá mé hoose staighre’ agus ‘tá sé ag dul soos’ agus ‘tá an nookt ag toiseacht’ agus mar sin de.

Agus b’fhéidir go mbíonn fuaimeanna Gaeilge ag cur isteach orthu fosta. Tá ‘ú’ sa Ghaeilge, ar ndóigh – ‘sú’ agus ‘cú’ agus focla mar sin. Agus bíonn daoine rud beag fríd a chéile mar gheall air sin agus ‘ua’. Bíonn siad fríd a chéile acu.

Siuán: Ach nach cuma, ar bhealach, má thuigtear thú? Fiú mura mbíonn tú iomlán beacht agus cruinn?

Antain: Déarfá sin ceart go leor ach, go minic, bíonn ciall ag brath air seo. Luaigh mé ansin ‘ua’ agus ‘ú’ ach, go minic, bíonn an chiall ag brath ar na rudaí seo. Tá an Túr Eiffel ann, i bPáras. ‘Túr’ – ‘ú’ ansin. Agus ansin bíonn tuar na haimsire ann, nó réamhaisnéis na haimsire. ‘Túr’ agus ‘tuar’ agus tá difear céille idir an dá rud agus caithfidh tú sin a thabhairt slán.

Agus tá sé mar a chéile i gcás défhoghar eile – ‘ia’. ‘I’ agus ‘a’ le chéile. ‘Dian’ agus ‘siar’ agus focla mar sin. Má dhéanann tú ‘í’ de sin, ní déarfaidh tú ‘dian’. Is é an rud a déarfaidh tú ná ‘díon’, mar atá os ár gcionn. Agus is focal eile ar fad é sin. Mar sin de, tá sé tábhachtach na rudaí seo a thabhairt leat mar is ceart. Ní cineál ‘snobaireacht chainte’ atá ann, mar sin. Bíonn ciall ag brath air.

Is iad seo na focail atá le cluinstin ar Comhad Fuaime 1.

A.     Síneadh fada B.      Défhoghar
  tua
cúl  
dubh  
  tuar
síor  
díon  
  fiar
cíor