Cluas le héisteacht: an Ghaeltacht inniu is inné
Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Máire Uí Cheallaigh síos ar cheantar láidir Gaeltachta i lár Thír Chonaill atá imithe ar gcúl go mór le blianta anuas, is é sin na Cruacha Gorma.
Léigh na ceisteanna seo thíos maidir le focail agus frásaí atá le cluinstin san agallamh le Máire. Amharc ar an fhíseán ansin agus freagair na ceisteanna.
- Caidé a bheadh ar siúl ag duine a bheadh ‘ag portaíocht’?
- Comhfhocal atá san fhocal ‘daonáireamh’. Cén dá mhír atá ann?
- Tá bealach eile ag Máire le ‘seachtar’ a rá; caidé atá ann?
- Deir Máire go raibh muintir na gCruach fágtha ‘ar an trá fholamh’. Cén chiall atá leis sin nó caidé mar a chuirfeá Béarla air?
- Tá bealach eile ag Máire le ‘muintir na gCruach’ nó ‘pobal na gCruach’ a rá; caidé atá ann?
- Caidé an rud ‘sconsa’?
- Tá bealach eile ag Máire le ‘faic’ nó ‘a dhath ar bith’ a rá; caidé atá ann?
- Caidé mar a deir Máire ‘aosta’ nó ‘anonn go maith i mblianta’?
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Na Cruacha Gorma
Máire Uí Cheallaigh ag cur síos ar stair agus ar chinniúint cheantar na gCruach, a bhí seal ar an Ghaeltacht ba láidre i gCúige Uladh.
Máire Uí Cheallaigh
Luíonn ceantar na gCruacha anois, mar a déarfá, bheadh an pointe is faide de na Cruacha trátha dhá mhíle dhéag uaimse. Ach ceantar mór scartha atá in, na Cruacha. Ceantar nach raibh mórán ariamh áiseanna acu, leis an fhírinne a rá. Ní raibh oiread agus siopa ariamh ar na Cruacha. Ní raibh oifig poist ann. Ní raibh teach tábhairne ann. Agus an t-aon chaitheamh aimsire a bhí i gcónaí acu, ceol agus ag damhsa agus ag portaíocht agus ag seinm agus mar sin de. Agus bhí, ceantar mór ceoil a bhí ann.
Agus rinne mise, rinne mé taighde ar cheantar na gCruach mar pháirt de bhunchéim a rinne mé. Agus thug mé cuairt ar achan teach ansin, agus ghlac mé pictiúirí de na daoine uilig a bhí ann. Agus tá lúcháir orm anois go ndearna mé é. Mar, ag dul ar ais go dtí an daonáireamh sa bhliain naoi gcéad déag is a haon, bhí dhá chéad duine ar na Cruacha. Agus sa bhliain naoi déag ochtó is a cúig, bhí scór agus triúr fágtha. Agus nuair a rinne mise an chéim an t-am sin, bhí i dtrátha seacht gcloigne ann. Ach anois – b’fhéidir ‘seacht nduine’1 sa Chaighdeán! Ach anois, níl fágtha sna Cruacha ach bean amháin, léi féin.
Agus is mór an truaighe,2 nó, mar a dúirt Seán Ó hEochaidh, bhí ceantar na gCruach, ceantar amháin a bhí ann gur Gaeilge…an t-aon cheantar fíor-Ghaeltachta a bhí i nDún na nGall. Agus is rud mór sin le rá.
Agus ní raibh Gaeilge ag duine ar bith.3 Agus ní raibh fiú scoil acu go dtí an bhliain naoi déag is a seacht. Agus is é an dóigh a bhfuair siad an scoil, foscladh4 teach pobail in Éadan Anfa, b’fhéidir gur mhoithigh tú iomrá air. Foscladh an teach pobail sin sa bhliain naoi gcéad déag is a sé. Agus an lá a foscladh teach an phobail, is é an Cairdinéal Pádraig Ó Dónaill a bhí ann ag an am. Agus, ag am sin, fuair fear as na Cruacha a fhad leis an Easpag agus dúirt sé go raibh bunadh na gCruach uilig ina gcónaí go bocht agus go gcaithfeadh deireadh acu an baile a fhágáil. Agus gur cheart scoil a bheith ann sa dóigh is go mbeadh siad ábalta Béarla a fhoghlaim.
Ach bhí muintir na gCruach fágtha ar an trá fholamh i rith a saoil. Agus rinne rialtas i ndiaidh rialtais neamhshuim dóbhtha. Agus bhí cuid acu fiú nach raibh córas aibhléise acu. Bhí siad ag plé le lampaí ola. Agus bhí cairde móra agam féin ar na Cruacha fosta, mar fuair cara liom, Máire Nic an Luain, bás sa bhliain naoi déag sé déag,5 sin dhá bhliain ó shin… trí bliana, chóir a bheith, dhá bhliain thart i mí Lúnasa. Agus ní raibh an bhean sin, nuair a bhí sí ina cónaí ar na Cruacha, ní raibh aici ach guthán póca. Agus bhí sí sna hochtóidí ag an am agus chaithfeadh sí siúl amach siar sconsa fada le bheith ábalta fáil a fhad le duine inteacht. Agus ní raibh sí ábalta dadaidh a bheith aici. Tá a fhios agat, na gléasanna a bhíonn acu ar a lámha dá dtiocfadh dadaidh orthu. Ní thiocfadh leo rud ar bith mar sin a bheith acu. Bhí siad fágtha ina n-aonar. Agus ní raibh duine ar bith le tarrtháil a thabhairt orthu.
Agus b’éigean don bhean sin, nuair a d’éirigh sí tinn, na Cruacha a fhágáil agus teach comhairle contae a fháil i mBaile na Finne – áit nach raibh sí sásta – fá choinne an chuid eile dá saol. Ach as siocair nach raibh na háiseanna ar na …. áiseanna ar bith acu, b’éigean dóbhtha fáil amach as an cheantar.
Agus an bhean sin atá fágtha ansin anois léi féin, ní bheadh sí óg, mar a déarfá. Níl a fhios agam cén aois a bheadh sí. Bheadh sí suas go maith i mblianta. Agus tá sí istigh i measc na gcnoc, léi féin.
Sin anois an rud a tharlaigh do cheantar na gCruach. Agus bhí Gaeilge ann nach raibh áit ar bith. Bhí Gaeilge speisialta ar na Cruacha, agus tá an ceantar imithe. Nuair a imeos an bhean sin anois, níl cónaí ar bith ann níos mó. Tá sé fágtha anois, níl dadaidh ann ach ainmhithe. Tá cuid mhór talamh cnoic ann agus cuid mhór sléibhte ann. Agus tá daoine ón taobh amuigh ag teacht isteach agus ag cur stoc ar an talamh. Agus sin anois atá fágtha den cheantar. Is bocht an scéal é.
- …seacht nduine… Ní raibh ábhar ar bith ag Máire í féin a cheartú. Tá ‘seacht gcloigne’ ceart, caighdeánach. Le fírinne, tá blas aisteach ar ‘seacht nduine.’ Is ‘seachtar’ a bheadh ann, sa Chaighdeán nó sa chanúint.
- … is mór an truaighe… Leagan Ultach de ‘trua’.
- Agus ní raibh Gaeilge ag duine ar bith. Bhain sciorradh focail do Mháire ansin. Is é rud nach raibh Béarla ag bunadh na gCruach.
- …foscladh… I nGaeilge Uladh, is minic a bhíonn ‘f’ i dtús focail a thosaíonn le guta de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, mar shampla ‘áras’ > ‘fárás’ agus ‘oscail’ > ‘foscail’. Is iomaí briathar ilsiollach de chuid an dara réimniú a ghiorraítear i nGaeilge Uladh, mar atá déanta ag Máire i gcás ‘osclaíodh’.
- …sa bhliain naoi déag sé déag… Sciorradh focail eile. Dhá mhíle a sé déag ba mhian le Máire a rá.
- Caidé a bheadh ar siúl ag duine a bheadh ‘ag portaíocht’?
Ag gabháil do phort béil a bheadh sé, is é sin a ghuth a úsáid le ceol damhsa a chur ar fáil. ‘Portaireacht’ an leagan caighdeánach. Lilting an focal Béarla. - Comhfhocal atá san fhocal ‘daonáireamh’. Cén dá mhír atá ann?
‘Daon’ (daonna nó ag baint le daoine) móide ‘áireamh’ (cuntas). - Tá bealach eile ag Máire le ‘seachtar’ a rá; caidé atá ann?
‘Seacht gcloigne’ a deir Máire. Deir sí ina dhiaidh sin go bhfuil eagla uirthi nach bhfuil sin ag teacht leis an Chaighdeán Oifigiúil. Le fírinne, tá sé iomlán caighdeánach ‘cloigeann’ a úsáid le daoine a chuntas. Tabhair faoi deara go bhfuaimnítear ‘cloigne’ amhail is gur ‘claigne’ a bheadh ann. - Deir Máire go raibh muintir na gCruach fágtha ‘ar an trá fholamh’. Cén chiall atá leis sin nó caidé mar a chuirfeá Béarla air?
Ciallaíonn sé go ndearnadh neamart sa cheantar agus gur fágadh an pobal beo bocht. Is dócha gur destitute a bheadh ann sa Bhéarla. - Tá bealach eile ag Máire le ‘muintir na gCruach’ nó ‘pobal na gCruach’ a rá; caidé atá ann?
‘Bunadh na gCruach’ a deir Máire. Úsáidtear ‘bunadh’ le trácht ar líon tí fosta (‘bunadh an tí’) agus ar theaghlach nó clann (‘duine de mo bhunadh féin’). - Caidé an rud ‘sconsa’?
Sa chás seo, ciallaíonn ‘sconsa’ fál nó fence. Is focal coitianta i nGaeilge Uladh atá ann. - Tá bealach eile ag Máire le ‘faic’ nó ‘a dhath ar bith’ a rá; caidé atá ann?
‘Dadaidh’ a deir Máire. - Caidé mar a deir Máire ‘aosta’ nó ‘anonn go maith i mblianta’?
‘Suas go maith i mblianta’ a deir Máire.