Caighdeán agus canúint
In Aonad 5, pléadh caidé go díreach atá i gceist leis an Chaighdeán Oifigiúil. Tugadh míniú ar na téarmaí ‘leagan malartach’ agus ‘leagan caighdeánach’ fosta.
Anois, úsáidfidh muid focail agus frásaí as an scéal ‘Timlicín’ a chuala tú i mír 8 le cuid de na difríochtaí idir canúint Uladh agus an Caighdeán Oifigiúil (an CO) a léiriú. Beidh agat féin le cuid de na bearnaí a líonadh.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
- Leaganacha malartacha
Aimsigh leaganacha caighdeánacha na bhfocal a bhfuil cló trom orthu:- Agus is í níon Norah Hannah, Caitlín, a d’inis an scéal seo domhsa.
- Bhí Dadaí thuas ar an chaorán, ag cróigeadh mónadh.
- Babhal brúitín
- Nó bhí a fhios aici gur tharlaigh rud inteacht do Thimlicín.
- D’imigh siad uilig, a chuartú Thimlicín agus iad ag scairtigh.
- Tá mise anseo ag feadalaigh.
- Chuir sí isteach i mbascáid bheag é, do Thimlicín.
- Forainmneacha réamhfhoclacha
Nuair a thig réamhfhocal (‘ag’, ‘le’ srl.) agus forainm (‘mé, ‘tú’ srl.) le chéile, tugtar forainm réamhfhoclach ar an fhocal úr, mar shampla ‘agam’ nó ‘leat’. I gcás an réamhfhocail ‘do’, tá difear mór idir na forainmneacha atá sa CO agus iad siúd atá i nGaeilge Uladh.
Líon na bearnaí sa tábla thíos.
Gaeilge Uladh | An CO |
dom | |
duit | duit |
dó | dó |
di | |
dúinn | dúinn |
daoibh | daoibh |
dóibh |
- Ginideach malartach
Corruair, ní mar a chéile foirm ghinideach an fhocail sa CO agus sa chanúint. Aimsigh foirm chaighdeánach na n-ainmfhocal a bhfuil cló trom orthu:- Bhí Dadaí thuas ar an chaorán, ag cróigeadh mónadh.
- i dtrátha am dinnéara
- Iolra malartach
Go minic, ní hionann uimhir iolra an ainmfhocail sa chanúint agus uimhir iolra an CO. Cuir i gcás, deir Suzanne, ‘Gheobhaidh muid na comharsanaigh uilig’. ‘Comharsana’ an uimhir iolra atá sna foclóirí.
- Réimniú na mbriathra
Siolla amháin, de ghnáth, a bhíonn i modh ordaitheach na mbriathra atá sa chéad réimniú (‘tóg’, ‘déan,’ ‘ná gabh’). Dhá shiolla, de ghnáth, a bhíonn i modh ordaitheach na mbriathra atá sa dara díochlaonadh (‘diúltaigh,’ ‘ceannaigh’, ‘ná himigh’). Ní hionann réimniú na mbriathra sa CO agus sa chanúint. Cuir i gcás, deir Suzanne, ‘Sheasaigh Timlicín isteach faoi scáth na gcrann.’
- Leaganacha malartacha
Ag seo na leaganacha caighdeánacha:- Agus is í iníon Norah Hannah, Caitlín, a d’inis an scéal seo domhsa.
- Bhí Dadaí thuas ar an chaorán, ag gróigeadh mónadh.
- Babhla brúitín
- Nó bhí a fhios aici gur tharla rud éigin do Thimlicín.
- D’imigh siad uilig, a chuartú Thimlicín agus iad ag scairteach.
- Tá mise anseo ag feadaíl.
- Chuir sí isteach i mbascaed bheag é, do Thimlicín.
- Forainmneacha réamhfhoclacha
Gaeilge Uladh |
An CO |
domh |
dom |
duit* |
duit |
dó |
dó |
daoithe |
di |
dúinn |
dúinn |
daoibh |
daoibh |
daofa nó dóbtha |
dóibh |
* Fuaimnítear an focal amhail is gur duid a bheadh ann.
- Ginideach malartach
Ag seo na leaganacha caighdeánacha:- Bhí Dadaí thuas ar an chaorán, ag cróigeadh móna.
- i dtrátha am dinnéir