Céim Ar Aghaidh

Mír 8

Cúinne na héigse: Timlicín, scéal do pháistí

Is scéalaí, aisteoir agus amhránaí í Suzanne Uí Ghallchóir, a bhíonn ag obair mar chúntóir teanga i nGaoth Dobhair, ag cuidiú le daltaí scoile a gcuid Gaeilge a shaibhriú agus eolas a chur ar amhráin agus ar scéalta. San fhíseán seo, insíonn sí scéal gairid do pháistí.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na ceisteanna seo thíos.

  1. Tá dhá fhocal ag Suzanne ar bogmoor. Caidé an dá fhocal sin?
  2. Caidé a bheadh ar siúl ag an té a bheadh ‘ag cróigeadh mónadh’?
    1. Ag déanamh cruach de na fóid mhónadh i ndiaidh dóibh triomú.
    2. Ag cur cúig nó sé cinn d’fhóid mhónadh ina seasamh le chéile ar an phortach.
    3. Ag lódáil na bhfód mónadh fá choinne iad a thabhairt chun an bhaile.
  3. Caidé mar a déarfá na frásaí seo a leanas? Caidé mar a deir Suzanne iad?
    1. Perished, starving with hunger.
    2. Waiting impatiently for Timlicín.
    3. When he had given up hope of him.
    4. Did you hear that?
  4. Agus iad ag cuartú Thimlicín, scairteann na comharsanaigh amach, ‘Cá bhfuil tú?’ An bhfuil rud ar bith suntasach faoin dóigh a bhfuaimníonn siad na focail sin?
  5. Big scissors sa Bhéarla, ‘siosúr mór’ sa Ghaeilge. Caidé an difear eatarthu? An dtig leat smaoineamh ar thuilleadh samplaí?
  6. ‘Léim Timlicín amach agus a bhascáid agus deireadh leis.’ Cén chiall atá le ‘deireadh’ san abairt sin? Cuir in abairt de do chuid féin é.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.  

Timlicín: scéal do pháistí

Scéal béaloidis á insint ag Suzanne Uí Ghallchóir, Gaoth Dobhair.

Suzanne Uí Ghallchóir

Seo scéal darb ainm ‘Timlicín.’ Agus is í níon Norah Hannah, Caitlín, a d’inis an scéal seo domhsa. Caithfidh mé aitheantas a thabhairt daoithe1 ar a shon.

Fadó fadó, bhí teaghlach ina gcónaí in Éirinn. Máthair, athair agus gasúr beag i dtrátha ceithre bliana d’aois darbh ainm Timlicín. Bhí Timlicín ina ghasúr iontach maith cuidiúil dona thuismitheoirí.2

Lá amháin, bhí Dadaí thuas ar an chaorán, nó ar an phortach, ag cróigeadh mónadh. Agus dúirt Mamaí le Timlicín go rachadh sé suas i dtrátha am dinnéara le babhal brúitín agus buidéal bainne chuig Dadaí, mar go mbeadh Dadaí stiúgtha3 leis an ocras. Tháinig am dinnéara, agus rinne Mamaí réidh an brúitín agus an bainne agus chuir sí isteach i mbascáid bheag é, do Thimlicín.

D’imigh Timlicín leis ag siúl. D’iarr a Mhamaí air dul an aicearra,4 agus rinne sé sin. Ach thoisigh sé a chur báistí agus sheasaigh Timlicín isteach faoi scáth na gcrann. Ach ní raibh a fhios ag Timlicín go raibh tarbh mór dubh istigh sa pháirc ar a chúl, a raibh dúil aige ag ithe páistí beaga.

Bhí Timlicín ina sheasamh ansin nuair a tháinig an tarbh beag aníos ar a chúl agus d’oscail sé a bhéal go mór agus shlog sé síos é.

Bhí Dadaí thuas ar an chaorán agus é ag fanacht go cruaidh le Timlicín. Agus nuair a bhain sé deireadh dúile de, tháinig sé ’na bhaile chuig Mamaí.

“Cad chuige nár chuir tú Timlicín suas inniu?’ a dúirt sé.

“Chuir mé Timlicín suas!” a dúirt sí, agus thoisigh Mamaí a chaoineadh. Nó bhí a fhios aici gur tharlaigh rud inteacht do Thimlicín.

“Socair síos,” a dúirt Dadaí léi. “Gheobhaidh muid na comharsanaigh uilig agus rachaidh muid amach agus cuartóidh muid Timlicín.

Chruinnigh sé na comharsanaigh agus d’imigh siad uilig, a chuartú Thimlicín agus iad ag scairtigh mar a chuaigh siad (???) ‘Timlicín! Timlicín! Cá’il tú? ‘Cá’il tú?’

Ní raibh a dhath ar bith le cluinstin.

‘Timlicín! Timlicín! Cá’il tú? ‘Cá’il tú?’

Agus, leis sin, chuala siad glór beag íseal.

‘A Mhamaí agus a Dhadaí,

ná bígí ’mo chuartú.

Tá mise anseo ag feadalaigh

istigh i mbolg an tairbh.’

‘Ar mhoithigh sibh sin? ‘Ar mhoithigh sibh sin?’ a dúirt Dadaí. ‘Tá Timlicín istigh i mbolg an tairbh.’

D’imigh siad uilig isteach sa pháirc. Thiontaigh siad an tarbh ar a dhroim. D’imigh Dadaí ’na bhaile chomh gasta agus a thiocfadh leis agus fuair sé siosúr mór. Agus ghearr sé bolg an tairbh uilig, go dtí gur oscail siad suas an craiceann agus léim Timlicín amach agus a bhascáid agus deireadh leis.

Ansin, d’fhuáil Mamaí suas bolg an tairbh, nó char mhaith dúinn a dhath tarlú don tarbh bocht. Agus d’éirigh an tarbh suas agus bolg nimhneach air agus dúirt sé, ‘Ó níl mise ag dul a ithe páistí beaga choíche aríst.’

Ansin, shuigh siad uilig thart ar an bhascáid agus d’ith siad an brúitín agus d’ól siad an bainne a bhí deas te go fóill istigh i mbolg an tairbh.

  1. aitheantas a thabhairt daoithe… Tabhair faoi deara gur t leathan seachas t caol atá i ndeireadh an fhocail ‘tabhairt’. Tarlaíonn sin go minic má thosaíonn an chéad fhocal eile le consan leathan, mar shampla ‘Caidé a dúrt tú?’ seachas ‘Caidé a dúirt tú?’
  2. dona thuismitheoirí. Is é an rud a bheadh ann de réir an Chaighdeáin ‘dá thuismitheoirí’.
  3. stiúgtha… Sa chaint, déantar c den g roimh th. Tarlaíonn an rud céanna i bhfocail mar ‘bogtha’ agus ‘slogtha’. Tá fuaim í le cluinstin i ndeireadh an fhocail, amhail is gur ‘stiúcthaí’ a bheadh ann.
  4. an aicearra… Sa tseanlitriú, is ‘aithghearra’ a bheadh ann. Is mar sin a fhuaimnítear an focal i nGaeilge Uladh.
  1. Tá dhá fhocal ag Suzanne ar bogmoor. Caidé an dá fhocal sin?
    Is iad an dá fhocal a d’úsáid Suzanne ‘caorán’ agus ‘portach’.
  2. Caidé a bheadh ar siúl ag an té a bheadh ‘ag cróigeadh mónadh’?
    b) Ag cur cúig nó sé cinn d’fhóid mhónadh ina seasamh le chéile ar an phortach.
    Cuirtear le chéile ar an dóigh sin iad le go séidfidh an ghaoth tríothu, á dtriomú.
  3. Caidé mar a déarfá na frásaí seo a leanas? Caidé mar a deir Suzanne iad?
    a) Perished, starving with hunger.
    Stiúgtha leis an ocras. Fuaimnítear an chéad fhocal amhail is gur ‘stiúcthaithe’ a bheadh ann.
    b) Waiting impatiently for Timlicín.
    Ag fanacht go cruaidh le Timlicín.
    c) When he had given up hope of him.
    Nuair a bhain sé deireadh dúile de, i.e. nuair nach raibh sé ag dúil leis ní ba mhó. Sa ghnáthchaint, is ‘dó’ a deirtear seachas ‘de’.
    d) Did you hear that?
    Ní bheadh locht ar bith ar ‘Ar chuala tú sin?’ ach tharla gur dhúirt Suzanne ‘Ar mhoithigh tú sin?’ Tá an leagan sin iontach coitianta i nGaeilge Uladh.
  4. Agus iad ag cuartú Thimlicín, scairteann na comharsanaigh amach, ‘Cá bhfuil tú?’ An bhfuil rud ar bith suntasach faoin dóigh a bhfuaimníonn siad na focail sin?
    Is leagan giorraithe a deir Suzanne: ‘cá’il tú?’ Tá se rud beag cosúil leis an fhocal Béarla coal.
  5. Big scissors sa Bhéarla, ‘siosúr mór’ sa Ghaeilge. Caidé an difear eatarthu? An dtig leat smaoineamh ar thuilleadh samplaí?
    scissors san uimhir iolra agus tá siosúr san uimhir uatha. Sampla eile a luaitear go minic, stairs > staighre. De réir na bhfoclóirí agus na leabhar gramadaí, bíonn ‘bríste’ san uimhir uatha i gcónaí ach ní mar sin a bhíonn i nGaeilge Thír Chonaill. ‘Sa bhomaite, chaith mé díom an seanchóta agus chuir orm na brístí’. (Séamus Ó Grianna, Caisleáin Óir)
  6. ‘Léim Timlicín amach agus a bhascáid agus deireadh leis.’ Cén chiall atá le ‘deireadh’ san abairt sin? Cuir in abairt de do chuid féin é.
    Is é an chiall atá leis, achan uile rud.