Céim Ar Aghaidh

Mír 6

Lúth na teanga: fuaimeanna Ultacha

Ar ball, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antain Mac Lochlainn síos ar chuid de na fuaimeanna a bhaineann le canúint Ghaeilge Chúige Uladh.

Léigh na ceisteanna seo thíos sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán.

  1. Caidé a thug Antain faoi deara maidir le fuaimniú briathra mar ‘ceannaigh’ agus ‘éirigh’?
  2. Tugann Antain dhá shampla: ‘Dúirt sí go gcuirfeadh sí scairt orm’ agus ‘Dúirt sí go gcuirfeadh an rúnaí scairt orm’. Caidé an difear atá eatarthu ó thaobh na foghraíochta de?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Fuaimeanna Ultacha

Is foghlaimeoir Gaeilge as Contae Dhoire é Antain. San fhíseán seo, cuireann sé síos ar chuid de na rudaí a thug sé faoi deara agus é ar cuairt i nGaeltacht Thír Chonaill.

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: A Antain, cuir síos dúinn ar na rudaí a thug tú féin faoi deara agus tú ag foghlaim Gaeilge anseo i nGaeltacht Dhún na nGall.

Antain: Is cuimhin liom an t-am sin, b’fhéidir go mbeadh rud amháin…bheifeá i ndiaidh rud amháin a fhoghlaim san ollscoil agus ansin, anseo sa Ghaeltacht, bheadh agat le rud eile ar fad a fhoghlaim.

Is cuimhin liom, d’fhoghlaim mé mar shampla, na focla sin a bhfuil níos mó ná siolla amháin iontu: ‘ceannaigh’, ‘éirigh’, briathra mar sin, den chineál sin – san aimsir fháistineach gurb é an rud atá ann ná ‘ceannóidh mé’ agus ‘éireoidh mé’ agus rudaí mar sin. Ach ansin, sa Ghaeltacht, chuala mé daoine ag rá ‘ceannóchaidh mé’ agus ‘éireochaidh mé’ agus rudaí mar sin.

Agus tá sé mar a bheadh siolla beag breise istigh ansin. Agus má léann tú na seanleabharthaí Gaeilge a foilsíodh roimh an Chaighdeán Oifigiúil, chífidh tú gur mar sin ba ghnách na rudaí sin a scríobh. Agus bhí sin ar fud Chúige Uladh, ní amháin i dTír Chonaill.

Siuán: Agus an bhfuil an rud céanna fíor sna haimsirí eile?

Antain: Go díreach. Is dóigh liom, an rud a d’fhoghlaim mise i dtús báire ná I would buy. Is dóigh liom, an rud a déarfainn ná ‘cheannóinn’. Ach ar ndóigh, an rud a d’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin ná ‘cheannóchainn’.

Agus tá an modh coinníollach suimiúil ar bhealach eile chomh maith. Mar, an rud a d’fhoghlaim mise, abair anois, tá mé ag smaoineamh ar bhriathar cosúil le ‘déan’ agus ‘dhéanfadh’ – gur ú a bíos1 i ndeireadh an bhriathair sin an t-am ar fad. ‘Dhéanfadh Peadar an obair dá mbeadh an t-am aige’ agus rudaí mar sin.

Ach bhí mé i nDún na nGall agus bhí mé ag éisteacht le daoine agus chuala mé an t seo ag deireadh an bhriathair: dhéanfat sé an obair’ agus ‘dhéanfat sí an obair’ agus rudaí mar sin.

Agus bhí iontas orm faoi sin. An rud atá ann, má tá ‘sé’ nó ‘sí’ nó ‘siad’ ag teacht i ndiaidh a leithéid de bhriathar, cuireann tú, cluin tú an t beag sin. ‘Dhéanfat siad an obair’ agus rudaí mar sin. Agus cluin tú é fosta roimh ‘seo’ agus ‘sin’ agus ‘siúd’. ‘Dúirt sé go ndéanfat sin cúis’ agus rudaí mar sin.

Agus is rud beag deas atá ann ach fadhb, b’fhéidir, atá ann, cluin daoine an t sin agus síleann siad go bhfuil sé ann an t-am ar fad. Agus cluinim daoine á ráit gach áit anois sa mhodh choinníollach, bíonn an t sin acu. Ach ní bhíonn sé ann ach amháin roimh ‘sé’, ‘sí’, ‘siad’, ‘seo’, ‘sin’, siúd’ – roimh na rudaí sin. So, is é an rud a bheadh ann ná, ‘dúirt sí go gcuirfeat sí scairt orm.’ Agus bheadh an t ansin ceart go leor. Ach ‘dúirt sí go gcuirfeadh an rúnaí scairt orm’ agus ní bheadh t ar bith le cluinstin ansin.

  1. a bíos… Is foirm choibhneasta é seo a chiallaíonn ‘a bhíonn’. Cluintear ‘a bhíos’ agus ‘a bíos’ i nGaeilge Uladh.
  1. Caidé a thug Antain faoi deara maidir le fuaimniú briathra mar ‘ceannaigh’ agus ‘éirigh’?
    San aimsir fháistineach, agus sa mhodh choinníollach, fuaimnítear briathra den dara réimniú amhail is go bhfuil siolla breise iontu: ceannóidh mé > ceannóchaidh mé, d’éireoinn > d’éireochainn. Ba ghnách na briathra a litriú ar an dóigh sin i seanleabhair Ghaeilge.
  2. Tugann Antain dhá shampla: ‘Dúirt sí go gcuirfeadh sí scairt orm’ agus ‘Dúirt sí go gcuirfeadh an rúnaí scairt orm’. Caidé an difear atá eatarthu ó thaobh na foghraíochta de?
    Cluintear fuaim atá cosúil le t nuair a thagann briathar sa mhodh choinníollach roimh na forainmneacha pearsanta ‘sé’, ‘sí’ nó ‘siad’ agus roimh na forainmneacha taispeántacha ‘seo’, ‘sin’ nó ‘siúd.’