Céim Ar Aghaidh

Mír 5

Bain triail as: Lorg an Bhéarla

Bhí Seán Mac Maoláin (1884–1973 ina scríbhneoir agus ina aistritheoir Gaeilge. Ba i nGleann Aireamh, Contae Aontroma a tháinig sé chun an tsaoil, ach chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.

Sa bhliain 1957, d’fhoilsigh Seán leabhrán beag dar teideal Lorg an Bhéarla, ag cur comhairle ar fhoghlaimeoirí maidir le tionchar an Bhéarla ar a gcuid Gaeilge agus ag moladh seifteanna leis an tionchar sin a mhaolú.

  • Tá cúig shampla dhéag as an leabhar tugtha thíos. Tugtar an abairt Bhéarla ar dtús agus an abairt Ghaeilge ina dhiaidh sin.
  • Shíl Mac Maoláin go raibh béarlachas le brath orthu uilig. Caidé do bharúil féin?
  • Má shíleann tú an abairt a bheith lochtach, scríobh nótaí leis na cúiseanna a mhíniú, mar atá déanta sa tsampla.
  • Athscríobh na habairtí Gaeilge le go mbeidh siad saor ó thionchar an Bhéarla, mar atá déanta sa tsampla.

Sampla: BELOW. The other warriors were seated below Fionn: ‘Bhí na laochra eile suite faoi Fhionn.’

Locht:faoi dhuine ar bith a bhí siad ina suí.

Athleagan: Bhí na laochra eile suite taobh thíos d’Fhionn.

  1. CAME (came from). He himself and all his relations came from the North: ‘Tháinig sé féin agus a ghaolta go léir ón Tuaisceart.’
  2. END (end. in). It is hoped that these talks will end in a satisfactory settlement: ‘Táthar ag súil go gcríochnóidh na comhráite seo i socrú sásúil.’
  3. EXPLAIN. The extremely wet night might explain the clay that was on his shoes: ‘B’fhéidir go míneodh an oíche an-fhliuch an chré a bhí ar a bhróga.’
  4. FOLLOW. He spoke so rapidly that I was unable to follow him: ‘Labhair sé chomh tiubh sin nárbh fhéidir liom é a leanúint.’
  5. INCREASING. It seems that the listening public is increasing.: ‘Dealraíonn sé go bhfuil an pobal éisteachta ag dul i méid.’
  6. LEARNED. He learned from his father that the money was spent. ‘D’fhoghlaim sé óna athair go raibh an t-airgead caite.’
  7. LEFT. They left Cork in a small sailing boat: ‘D’fhág siad Corcaigh i mbád beag seoil.’
  8. NOTE. (a mental note) He made a mental note of the car’s number: ‘Rinne sé nóta ina aigne de uimhir an ghluaisteáin.’
  9. ON. Dublin is situated on the Liffey: ‘Tá Baile Átha Cliath suite ar an Life.’
  10. REACH. Now, workers who reach three score receive a pension: ‘Anois, faigheann oibrithe a shroicheann trí scór pinsean.’
  11. Reach (2). The cloak she wore reached her shoes: ‘Shroich an clóca a chaith sí a bróga.’
  12. REDUCE. It is extremely difficult to prevent the epidemic from spreading; but effort will be made to reduce the number of deaths: ‘Tá sé an-deacair cosc a chur ar leathadh na haicíde; ach déanfar gach dícheall chun líon na marbh a laghdú.’
  13. SATISFIED (satisfied that). Then she was satisfied that her husband was dead: ‘Ansin bhí sí sásta go raibh a céile marbh.’
  14. WITH. They came back, and the man with the beard was along with them: ‘Tháinig siad ar ais, agus bhí an fear leis an bhféasóg in éineacht leo.’
  15. BECAME. The land became progressively poorer as it approached the mountain: ‘D’éirigh an talamh níos boichte de réir a chéile, de réir mar a bhí sé ag druidim leis an sliabh.’
  1. CAME (came from). He himself and all his relations came from the North: ‘Tháinig sé féin agus a ghaolta go léir ón Tuaisceart.’
    Locht: Tugann ‘tháinig’ le fios gur ndearna an duine seo turas ón Tuaisceart uair amháin.
    Athleagan: B’fhearr go mór an chopail a úsáid: ‘Ba as an Tuaisceart é féin agus a ghaolta go léir.’
  2. END (end. in). It is hoped that these talks will end in a satisfactory settlement: ‘Táthar ag súil go gcríochnóidh na comhráite seo i socrú sásúil.’
    Locht: Ní úsáidtear ‘críochnaigh i’ mar a úsáidtear end in sa Bhéarla. Tugtar ‘comhlogaíochtaí’ (collocations) ar phéirí nó ar ghrúpaí focal a chuirtear le chéile ar an dóigh sin: pay a visit to, gain insight into agus a leithéid. Caithfear a bheith faichilleach gan comhlogaíochtaí Béarla a thabhairt caol díreach isteach sa Ghaeilge.
    Athleagan: Is é a déarfaí i nGaeilge: ‘Táthar ag súil go mbeidh toradh sásúil ar na comhráite seo.’
  3. EXPLAIN. The extremely wet night might explain the clay that was on his shoes: ‘B’fhéidir go míneodh an oíche an-fhliuch an chré a bhí ar a bhróga.’
    Locht: Is minic sa Bhéarla a chuirtear gníomh i leith rudaí gan chroí gan intinn. Déantar sin sa Ghaeilge in amanna, mar shampla ‘D’éirigh an aimsir níos measa’ nó ‘Tosaíonn na ranganna ar a seacht.’ Bíodh sin mar atá, is ait an rud é an oíche a bheith ‘ag míniú’ rud ar bith.
    Athleagan: B’fhearr gan gníomh a chur i leith na hoíche, mar seo: ‘Oíche an-fhliuch a bhí ann, agus b’fhéidir gur dá bharr sin a bhí an chré ar a bhróga.’
  4. FOLLOW. He spoke so rapidly that I was unable to follow him: ‘Labhair sé chomh tiubh sin nárbh fhéidir liom é a leanúint.’
    Locht: Ní úsáidtear an briathar Gaeilge ‘lean’ sa chiall ‘tuig’.
    Athleagan: ‘Labhair sé chomh tiubh sin nárbh fhéidir liom é a thuigbheáil.’
  5. INCREASING. It seems that the listening public is increasing: ‘Dealraíonn sé go bhfuil an pobal éisteachta ag dul i méid.’
    Locht: Tá an abairt Ghaeilge débhríoch. Thiocfadh an chiall seo a bhaint as: go bhfuil na héisteoirí ag éirí níos mó. Ní hiad na héisteoirí atá ag dul i méid, ach líon na n-éisteoirí.
    Athleagan: ‘Dealraíonn sé go bhfuil an pobal éisteachta ag éirí níos líonmhaire.’ (Nó ‘Dealraíonn sé go bhfuil líon na n-éisteoirí ag dul i méid.’)
  6. LEARNED. He learned from his father that the money was spent. ‘D’fhoghlaim sé óna athair go raibh an t-airgead caite.’
    Locht: Ní úsáidtear ‘foghlaim’ ar an dóigh sin sa Ghaeilge.
    Athleagan: ‘D’inis a athair dó go raibh an t-airgead caite.’ (Nó ‘Fuair sé amach óna athair go raibh an t-airgead caite.’)
  7. LEFT. They left Cork in a small sailing boat: ‘D’fhág siad Corcaigh i mbád beag seoil.’
    Locht: Dar le Mac Maoláin, ní ceart an briathar ‘fág’ a úsáid sa chiall ‘imigh’. Déarfadh daoine eile go bhfuil ‘fág’ á úsáid sa chiall sin ag cainteoirí maithe Gaeilge le fada an lá. Is fíor, áfach, go bhfuil débhríocht san abairt áirithe seo: an dtig cathair a fhágáil i mbád?Athleagan: ‘D’imigh siad as Corcaigh i mbád beag seoil.’
  8. NOTE. (a mental note) He made a mental note of the car’s number: ‘Rinne sé nóta ina aigne de uimhir an ghluaisteáin.’
    Locht: B’fhéidir go sílfeadh daoine an abairt sin a bheith ceart go leor ach is cinnte go bhfuil bealaí níos simplí leis an rud chéanna a rá i nGaeilge.
    Athleagan: ‘Choinnigh sé cuimhne ar uimhir an ghluaisteáin.’
  9. ON. Dublin is situated on the Liffey: ‘Tá Baile Átha Cliath suite ar an Life.’
    Locht: Ní cathair na Veinéise atá ann le go mbeadh sé tógtha ar uisce.
    Athleagan: ‘Cois Life atá Baile Átha Cliath suite.’ (Nó ‘Ar bhruacha na Life atá Baile Átha Cliath suite.’) 
  10. REACH. Now, workers who reach three score receive a pension: ‘Anois, faigheann oibrithe a shroicheann trí scór pinsean.’
    Locht: Tá débhríocht san abairt. Tá an chuma air go mbeidh trí scór pinsean le fáil ag na hoibrithe. Dar le Mac Maoláin nár cheart ‘faigh’ agus ‘sroich’ a bheith san aimsir ghnáthláithreach ag trácht ar rud a tharlóidh san am atá romhainn.
    Athleagan: ‘Anois, beidh pinsean ag oibrithe i ndiaidh dóibh trí scór bliain d’aois a shroicheadh.’
  11. Reach (2). The cloak she wore reached her shoes: ‘Shroich an clóca a chaith sí a bróga.’
    Locht: Arís, bhí Mac Maoláin in amhras faoi ghníomh a chur i leith rud neamhbheo.
    Athleagan: ‘Bhí clóca go béal bróg uirthi.’
  12. REDUCE. It is extremely difficult to prevent the epidemic from spreading; but effort will be made to reduce the number of deaths: ‘Tá sé an-deacair cosc a chur ar leathadh na haicíde; ach déanfar gach dícheall chun líon na marbh a laghdú.’
    Locht: An té atá marbh, ní thig é a thabhairt ar ais. Mar sin de, ní thig líon na marbh a laghdú.
    Athleagan: ‘Tá sé an-deacair cosc a chur ar leathadh na haicíde; ach déanfar gach dícheall chun líon na marbh a choinneáil chomh híseal agus is féidir.’
  13. SATISFIED (satisfied that). Then she was satisfied that her husband was dead: ‘Ansin bhí sí sásta go raibh a céile marbh.’
    Locht: Úsáidtear satisfied sa chiall free of all doubt. Níl an chiall sin le ‘sásta’ sa Ghaeilge.
    Athleagan: ‘Ansin bhí sí cinnte go raibh a céile marbh.’
  14. WITH. They came back, and the man with the beard was along with them: ‘Tháinig siad ar ais, agus bhí an fear leis an bhféasóg in éineacht leo.’
    Locht: Tugann ‘an fear leis an bhféasóg’ le fios go raibh an fhéasóg á hiompar thart leis. San áit a mbeadh the woman with the black hair sa Bhéarla, bheadh an t-alt sa Ghaeilge: 'bean na gruaige duibhe.’
    Athleagan: ‘Tháinig siad ar ais, agus bhí fear na féasóige in éineacht leo.’
  15. BECAME. The land became progressively poorer as it approached the mountain: ‘D’éirigh an talamh níos boichte de réir a chéile, de réir mar a bhí sé ag druidim leis an sliabh.’
    Locht: Arís, bhí Mac Maoláin in amhras faoi ghníomh a chur i leith rud neamhbheo nó a thabhairt le fios go raibh an talamh ag bogadh ó áit go háit.
    Athleagan: ‘Dá dheise don sliabh é, ba amhlaidh ba bhoichte an talamh.’