Céim Ar Aghaidh

Mír 4

An Lia Gramadaí: ‘ag fáil’ nó ‘ag éirí’?

Éist le hAodh Ó Gallchóir, an Lia Gramadaí, ag cur síos ar dhrochnós atá ag teacht chun cinn sa Ghaeilge, dar leis. I ndiaidh duit an físeán a choimhéad, freagair na ceisteanna 1–3 thíos.

  1. Tá an drochnós a raibh Aodh ag cur síos air ina shampla den rud a dtugtar ‘béarlachas’ air. Scríobh míniú ar chiall an fhocail sin, ‘béarlachas.’ Caidé go díreach atá i gceist?
  2. Tabhair 3 shampla den bhéarlachas. Caidé mar ba cheart na rudaí sin a rá i nGaeilge, dar leat?
  3. Cén ráiteas den dá cheann thíos is fearr a chuireann síos ar do dhearcadh féin maidir leis an bhéarlachas?   

"Níl sé ach nádúrtha go mbeadh béarlachas sa Ghaeilge, mar is é an Béarla an teanga is láidre sa tír. Ní chuireann sé isteach ná amach ormsa."

"Ba cheart do chainteoirí Gaeilge an béarlachas a ruaigeadh as a gcuid Gaeilge, oiread agus a thig le daoine sin a dhéanamh."

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

An Lia Gramadaí: ag fáil nó ag éirí?

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart: ‘Ag fáil dorcha’ nó ‘Ag éirí dorcha’?

Aodh Ó Gallchóir

Cluintear rudaí ar nós ‘tá sé ag fáil fuar’, nó ‘tá mé ag fáil ocrach’ sa chaint. Ach an bhfuil siad ceart?

Ar dtús, tá an briathar sin – to get – iontach coitianta sa Bhéarla. Is minic a chluintear trácht ar getting fired, getting hungry, getting cold agus mar sin de. Níl an briathar sin chomh coitianta céanna sa Ghaeilge. Cinnte, níl sé chomh coitianta céanna sna cásanna sin.

É sin ráite, tá drochnós ag teacht chun cinn, áit a bhfuil an briathar sin in úsáid ag daoine ar an dóigh chéanna sin, sa Ghaeilge. Cluineann muid anois rudaí ar nós, ‘tá mé ag fáil ocrach’, ‘tá sé ag fáil dorcha’, ‘beidh siad ag fáil pósta’, ‘tá sé ag fáil fuar’ nó ‘fuair sé ramhar’, cuir i gcás. Tá na haistriúcháin dhíreacha sin iontach mínádúrtha ar fad sa Ghaeilge agus níl siad ag teacht le dúchas na teanga ar chor ar bith.

Is minic is féidir an briathar ‘éirí’ a úsáid sna cásanna céanna: ‘d’éirigh sé ocrach’, ‘tá sé ag éirí dorcha’, ‘tá sé ag éirí fuar’, nó ‘d’éirigh sé ramhar’, mar shampla. Rudaí iad sin a tharlaíonn de réir a chéile.

Ní i gcónaí a thig ‘éirí’ a úsáid. Agus, i ndáiríre, is minic a bhíonn bealach simplí dúchasach sa teangaidh leis an rud céanna a ráit. Is mó seans go ndéarfadh duine, ‘tá ocras ag teacht orm’ ná ‘tá mé ag éirí ocrach’. Maidir le bheith ‘ag éirí dorcha’, well nach dtiocfadh le duine a rá go bhfuil sé ‘ag dul ó sholas’ nó go bhfuil ‘an oíche ag titim’.

I dtaca le bheith ag éirí fuar de, well, b’fhéidir gur sin an bealach is dúchasaí agus is nádúrtha leis sin a ráit, ach is cinnte nach ndéarfá go bhfuil sé ‘ag fáil fuar.’

Maidir leis an té atá ag éirí ramhar, well, b’fhéidir nár mhiste a rá sa chás sin go díreach go bhfuil an duine i ndiaidh ‘titim chun feola’ nó ‘meáchan a chur suas.’

Agus ansin, má théann muid siar go dtí an sampla eile sin a bhí agam, an lánúin úd a bheas ‘ag fáil pósta’ mar a dúirt mé. Well, nárbh fhusa i bhfad a ráit go díreach go mbeidh siad ‘ag pósadh’ nó go bhfuil siad ‘le pósadh’. Thiocfaí rud inteacht mar seo a ráit ach oiread: ‘tá siad geallta’, ‘tá lámh agus focal eatarthu’, ‘tá focal acu pósadh’, ‘tá siad ag brath pósadh’, ‘tá sé socraithe acu pósadh’ nó ‘tá sé ar intinn acu pósadh.’

Bígí cúramach, mar sin, gan nósanna an Bhéarla a thabhairt díreach trasna go dtí an Ghaeilge. Tá ár gcuid dóigheanna féin againn sa teangaidh seo.

Freagraí samplacha atá sna nótaí thíos.

  1. Is é is béarlachas ann, dar le go leor daoine a scríobh faoin ábhar, tionchar an Bhéarla ar chomhréir agus ar chora cainte na Gaeilge. Cuir i gcás, is faoi thionchar it’s up to you a déarfadh duine ‘suas duit féin atá sé’. Is doiligh sin a mhaitheamh nuair atá frása simplí seanbhunaithe sa Ghaeilge a bhfuil an chiall chéanna leis: ‘fút féin atá sé.’
    Ní ‘béarlachas’ sa chiall is cruinne atá i leithéidí ‘gan dabht’ in áit ‘gan amhras.’ Is measa go mór comhréir na Gaeilge a chur as a riocht seachas corrfhocal Béarla a scaoileadh isteach.
  2. Tabhair 3 shampla den bhéarlachas. Caidé mar ba cheart na rudaí sin a rá i nGaeilge, dar leat?
    • Na réamhfhocail a úsáidtear sa Bhéarla a úsáid sa Ghaeilge, mar shampla ‘Tá eolaithe ag iarraidh leigheas a fháil don ghalar’ seachas ‘ar an ghalar’ mar a bheadh i nGaeilge.
    • Aistriúchán díreach a dhéanamh ar chora cainte, mar shampla ‘Caithfidh muid na botúin a rinne muid a ghlacadh ar bord’ ón Bhéarla We have to take on board the mistakes that we made. Is iomaí bealach leis an rud chéanna a rá i nGaeilge, mar shampla: Tá ciall cheannaithe againn i ndiaidh na botúin a rinne muid.’
    • Dobhriathra mar ‘suas’ agus ‘síos’ a úsáid díreach mar a dhéantar sa Bhéarla, mar shampla ‘Ní thig liom m’intinn a dhéanamh suas.’ Is é a deirtear sa Ghaeilge, ‘Ní thig liom cinneadh a dhéanamh.’
  1. Fút féin atá sé an cheist sin a fhreagairt.