Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Ainmneacha agus leasainmneacha

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina míníonn Seán Ó Daimhín cuid de na fadhbanna a bhí aige agus é ag iarraidh teacht ar leagan ceart Gaeilge dá ainm féin. Amharc ar an fhíseán agus tabhair faoin dá thasc thíos.

Tasc 1

Freagair na ceisteanna seo faoin mhéid a deir Seán san agallamh.

  1. Cad chuige a raibh leagan Gaeilge den tsloinneadh 'Devine' de dhíth ar Sheán an chéad lá riamh?
  2. Luann Seán rud ar a dtugtar ‘An Sloinnteoir’. Caidé atá i gceist leis sin?
  3. Cad chuige a bhfuil amhras ar Sheán faoin chéad leagan a roghnaigh sé?
  4. Deir Seán go bhfuil Devine coitianta sa cheantar. Cén fhianaise a thugann sé?

Tasc 2

An úsáideann tú féin leagan Gaeilge de do shloinneadh féin? Má úsáideann, freagair na ceisteanna seo a leanas:

  1. An bhfuil níos mó ná leagan nó litriú amháin ann? Cad chuige ar roghnaigh tú an leagan atá in úsáid agat?
  2. An bhfuil eolas ar bith agat faoin chiall atá le do shloinneadh? Amharc, mar shampla, an bunús atá le ‘Ó Murchú’: muir + cú.
  3. An bhfuil eolas ar bith agat faoin cheantar lena mbaineann an sloinneadh? Cuir i gcás, is sloinneadh de chuid na hAlban é Mac Fhionnlaoich (McKinley).
  4. An bhfuil armas ag an teaghlach? Cuir síos air.
  5. An bhfuil mana ag an teaghlach? Cuir síos air.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.

Ainmneacha agus leasainmneacha

Ní gan dua a thiocfadh duine ar an leagan cheart Gaeilge dá shloinneadh, mar a mhíníonn Seán Ó Daimhín.

Seán Ó Daimhín

Well, cé go dtugaim, is ‘Devine’ i mBéarla a bhí orm ó dhúchas, agus tá cuid mhór daoine a bhfuil an sloinne sin orthu sa cheantar, go háirithe Gleann Mornáin, an ceantar taobh amuigh den tSrath Bán agus istigh sa bhaile mhór féin.

Agus nuair a thoisigh mé féin ag imirt peil Ghaelach, chuaigh mé chuig An Sloinnteoir agus phioc mé ‘Ó Daimhín’ amach as mar sin an rud atá istigh sa Sloinnteoir fá choinne ‘Devine’. Agus ‘Ó Daimhín’ a thug mé orm féin ó shin, i nGaeilge. Ach tá taighde déanta ag duine nó beirt eile, agus sílimse go bhfuil an ceart acu, nach sin an leagan áitiúil atá ann ar chor ar bith, ach ‘Ó Duibhín’, seachas ‘Ó Daimhín’. [Litríonn sé an dá ainm.]

Anois, ceann is gur ghlac mé féin an leagan ‘Ó Daimhín’, agus gur chuir mé an leagan sin ar mo chuid páistí, níl sé i gceist agam é a athrú anois, ach sin an chiall atá leis. Agus déarfainn gur bhain sé le dath – ní bhaineann sé le dath mo chuid gruaige féin sa lá atá inniu ann – ach ‘Ó Duibhín’, déarfainn gur dhaoine a raibh, b’fhéidir, gruaig dhubh orthu ag an am, nó rud éigin. So, sin an leagan den sloinne.

Chomh maith leis sin, tá an oiread sin daoine sa cheantar, go fóill, a bhfuil ‘Ó Duibhín’ mar shloinne orthu i mBéarla. Agus, b’fhéidir gur tháinig seo ón Ghaeilge, go raibh orthu leasainm a chur ar achan teaghlach. So, tá teaghlaigh ann a bhfuil Lads orthu, tá teaghlaigh eile ann a bhfuil Gordons orthu, teaghlaigh eile a bhfuil Rodger orthu. Moores, agus go leor…agus Lads. Ach is Devines nó muintir Uí Dhuibhín ar fad atá iontu. Mar ní fhéadfadh fear an phoist iad… na litreacha a chur sa teach ceart dá mbeadh an t-ainm ‘Ó Duibhín’ ar an litir. So, tá an nós sin ann, go bhfuil cineál leasainm le gach sloinne, le gach teaghlach sa cheantar.

Tasc 1

  1. Cad chuige a raibh leagan Gaeilge den tsloinneadh 'Devine' de dhíth ar Sheán an chéad lá riamh?
    Thosaigh sé a imirt peil Ghaelach. Is dócha go raibh leagan Gaeilge dá ainm agus sloinneadh de dhíth le clárú mar imreoir.
  2. Luann Seán rud ar a dtugtar ‘An Sloinnteoir’. Caidé atá i gceist leis sin?
    Is leabhar tagartha é An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir a mbíonn cainteoirí Gaeilge ar fud na tíre ag tarraingt air. Tugtar na sloinnte Béarla agus Gaeilge taobh le chéile, agus dornán maith céad ainmneacha fosta. Muiris Ó Droighneáin a réitigh an chéad eagrán sa bhliain 1966, atá leasaithe agus méadaithe ó shin ag Micheál A. Ó Murchú. Díoladh na mílte cóip. Coiscéim a d’fhoilsigh.
  3. Cad chuige a bhfuil amhras ar Sheán faoin chéad leagan a roghnaigh sé?
    Rinneadh taighde ó shin a thugann le fios gurb é ‘Ó Duibhín’ an sloinneadh ceart stairiúil.
  4. Deir Seán go bhfuil Devine coitianta sa cheantar. Cén fhianaise a thugann sé?
    Tá a oiread sin daoine ann a bhfuil Devine orthu gurbh éigean leasainmneacha a thabhairt ar theaghlaigh faoi leith le go mbeifí ábalta iad a dhealú ó chéile.

Tasc 2

Is fútsa atá sé na ceisteanna seo a fhreagairt.