Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Foinsí foghlama: taifeadtaí béaloidis

Más ag iarraidh do stór focal a shaibhriú atá tú, nó éisteacht leis an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha ag cainteoirí cumasacha, is fiú go mór eolas a chur ar na bailiúcháin bhéaloidis atá foilsithe le blianta anuas.

I measc na n-acmhainní atá le fáil ar líne tá:

  • Tionscadal Béaloidis Thír Chonaill ar bealoideasbeo.ie. Is tionscadal de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é seo, inar cuireadh agallamh ar chainteoirí as achan chearn de Ghaeltacht Thír Chonaill, ó Fhánaid go Gleann Cholm Cille. Thig éisteacht leis na taifeadtaí agus téacs na n-agallamh a léamh.
  • Seanchas Rann na Feirste le Malachy McKenna ar rannnafeirste.com Tá idir fhuaim agus fhocail ar an tsuíomh seo agus seanchaithe iomráiteacha as Rann na Feirste le cluinstin ann. Ina measc, tá John Ghráinne Ó Duibheannaigh, nach maireann, agus Bríd Anna Ní Bhaoill.

Tá cion fir déanta ag Pádraig Ó Baoighill, as Rann na Feirste ó dhúchas, le béaloideas Chúige Uladh a chur i láthair an phobail. Seo roinnt bheag de na hábhair atá curtha ar fáil aige thar na blianta. Tá dlúthdhioscaí le hachan leabhar atá luaite.

  • Ó Cadhain i dTír Chonaill, Coiscéim, 2007. Scéalta agus seanchas a bhailigh Pádraig i gcuideachta Mháirtín Uí Chadhain, scoláire agus scríbhneoir, le linn a chuairte ar Thír Chonaill in 1957.
  • Padaí Láidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thír Eoghain, Coiscéim, 2009. Scéalta agus blúiríní seanchais ó bhéal cuid de na cainteoirí dúchais deireanacha i dTír Eoghain.