Céim Ar Aghaidh

Mír 1

Cluas le héisteacht: ainm agus sloinneadh

Ar ball, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann triúr cainteoirí síos ar na sloinnte atá orthu. Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, déan an tasc thíos.

  • Léigh na focail agus na frásaí Béarla 1–8.
  • Caidé mar a déarfá féin i nGaeilge iad? Scríobh síos do chuid leaganacha féin.
  • Amharc ar an fhíseán ansin, go gcluinfidh tú na leaganacha a bhí ag na cainteoirí.
  • Ní bí buartha má tá leaganacha eile ar fad san fhíseán – bíonn níos mó ná bealach amháin ann le rudaí a rá i nGaeilge.
  1. Most of them are in County Armagh.
  2. I think that’s where the name originates from.
  3. I don’t have that much information about my surname, apart from its meaning.
  4. I was called ‘Ní Dhuibheannaigh’ before I was married.
  5. Important people (celebrated people).
  6. Maybe that’s the reason I like it.
  7. Going back generations.
  8. His people were from County Meath.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí

M’ainm agus mo shloinneadh

Suzanne Uí Ghallchóir, Máire Uí Rabhartaigh agus Anna Ní Bhroin ag míniú chiall agus chúlra a gcuid sloinnte.

Suzanne Uí Ghallchóir

Mo shloinneadh? Nic Gairbh a bhí orm. So, ciallaíonn sé ‘garbh’. So, níl ciall ródheas leis. Agus tá an mhórchuid acu i gContae1 Ard Mhacha, tá mé ag déanamh gur sin an áit as a dtáinig an t-ainm ó thús. Ach níl a oiread sin eolais agam ar mo shloinneadh amach ón chiall atá leis, go gciallaíonn sé ‘garbh’ nó ‘garbh-bhéal’. Agus tá leaganacha difriúla den ainm ann, cosúil le ‘Ó Gairbhín’ agus mar sin de.

  1. i gContae Ard Mhacha… Ní ‘contae’ a deirtear i nGaeilge Uladh, ach ‘condae’. Tá an focal baininscneach i nGaeilge Uladh.

Máire Uí Rabhartaigh

‘Ní Dhuibheannaigh’ a bhí ormsa sular pósadh mé, ach ‘Uí Rabhartaigh’ atá orm anois. Anois, deir siad gur ón rabharta iomlán a thig an t-ainm. Níl mé cinnte, ach caithfidh mé a ráit go bhfuil daoine mór le rá amuigh ansin a bhfuil ‘Ó Rabhartaigh’ orthu – cosúil le, an fear ar leis Budweiser. Michael J. Roarty atá airsean agus b’fhéidir gur sin an tuige1 a bhfuil dúil agamsa sa Bhudweiser mé féin. Tá mé ag inse2 duit, tá sé san fhuil!

  1. sin an tuige… Fuaimníonn Máire an focal ‘tuige’ amhail is gur ‘tuí’ a bheadh ann. Is mar sin a deirtear i nGaeilge Uladh é. Cé gur ‘cad chuige’ a scríobhtar de ghnáth, is é ‘ca tuí’ a deirtear.
  2. ag inse duit… Is é an leagan malartach ‘inse’ a deirtear i nGaeilge Uladh, áit a mbeadh ‘insint’ i gcanúintí eile.

Anna Ní Bhroin

Éamonn Shéamais Bhriain Ó hOireachtaigh, ba é sin m’athair mór. Agus rugadh agus tógadh eisean agus na glúnta fada ag dul siar roimhe sin, rugadh agus tógadh iadsan i Machaire Rabhartaigh. Mar sin, tá an teaghlach s’agamsa ceangailte le Machaire Rabhartaigh ag dul siar na blianta fada fada fada.

Ach m’ainm féin, Anna Ní Bhroin, ba as Contae Chill Mhantáin do m’athair agus ba as Contae na Mí a mhuintir siúd, roimhe sin. Agus tháinig sé sin go Machaire Rabhartaigh i ndiaidh dó castáil ar mo mháthair i mBaile Átha Cliath, ag damhsa, lá dá raibh. Agus tháinig sé go Machaire Rabhartaigh agus ní raibh focal Gaeilge aige nuair a tháinig sé go Machaire Rabhartaigh ar dtús. Ach d’fhoghlaim sé an teangaidh agus bhí sé líofa go hiomlán i ndeireadh a shaoil.

  1. Most of them are in County Armagh.
    Tá an mhórchuid acu i gContae Ard Mhacha.
    Nó ‘an chuid is mó acu’ nó ‘a mbunús’ nó ‘a bhformhór’.
  2. I think that’s where the name originates from.
    Tá mé ag déanamh gur sin an áit as a dtáinig an t-ainm ó thús.
  3. I don’t have that much information about my surname, apart from its meaning.
    Níl a oiread sin eolais agam ar mo shloinneadh amach ón chiall atá leis.
    Tá an frása gairid sin ‘amach ó’ iontach coitianta i nGaeilge Uladh.
  4. I was called ‘Ní Dhuibheannaigh’ before I was married.
    ‘Ní Dhuibheannaigh’ a bhí ormsa sular pósadh mé.
    Tabhair faoi deara gur leor ‘orm’ a rá, mar shampla ‘Pádraig atá air’ (= ‘Pádraig an t-ainm atá air.’)
  5. Important people (celebrated people).
    Daoine mór le rá.
    Tabhair faoi deara gur frása dobhriathartha é ‘mór le rá’. Fanann sé san uimhir uatha bíodh is go bhfuil ‘daoine’ san uimhir iolra.
  6. Maybe that’s the reason I like it.
    B’fhéidir gur sin an tuige a bhfuil dúil agamsa ann.
    Níl aon ní mícheart le ‘fáth’ ach tá ‘tuige’ iontach coitianta i nGaeilge Uladh. Tabhair faoi deara go bhfuaimnítear é amhail is gur ‘tuí’ a bheadh ann.
  7. Going back generations.
    Na glúnta fada ag dul siar.
  8. His people were from County Meath.
    Ba as Contae na Mí a mhuintir siúd.
    Úsáidtear ‘siúd’ ag trácht ar rudaí atá píosa ar shiúl uait (‘An é siúd do theachsa?’) agus le dealú idir rudaí nó idir daoine.