Céim Ar Aghaidh

Mír 9

Cúinne na héigse: Seán Bán Mac Meanman

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Máire Uí Cheallaigh síos ar shaol agus ar shaothar Sheáin Bháin Mhic Mheanmain, scríbhneoir as ceantar Bhaile na Finne i nGaeltacht Láir Dhún na nGall. Tá clú na dea-Ghaeilge ar a chuid scríbhinní.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, léigh na ceisteanna thíos.

  1. Luann Máire baile beag ar a dtugtar ‘Na Gleanntaí’ i nGaeilge agus Glenties i mBéarla. Caidé mar a déarfá in Glenties? Caidé mar a deir Máire an rud céanna?
  2. Cuir Béarla ar an abairt seo as an agallamh: ‘Tá muid faoi chomaoin ag Seán Bán mar, ach gurb é go dtáinig sé ar an fhód nuair a tháinig, ní bheadh scéalta ar bith againne fán tseanam.’
  3. Deir Máire, ‘scríobh sé mórán gearrscéalta’. An bhfuil rud ar bith suntasach faoin dóigh a n-úsáidtear an focal ‘mórán’ san abairt sin?
  4. Deir Máire, ‘tá leabharthaí Sheáin Bháin uilig coinniste san ionad, Áras Sheáin Bháin.’ Caidé atá i gceist le ‘coinniste’?
  5. Agus í ag caint ar shaibhreas Gaeilge Sheáin Bháin, tugann Máire an sampla ‘dearc chugat mar a dhearcas tú uait.’ Cén chiall atá leis sin nó cén dóigh ab fhearr le Béarla a chur air?
  6. Nuair a bhítear ag caint ar dhaoine atá marbh, is minic a deirtear go bhfuil siad ‘ar shlí na fírinne.’ Deir Máire rud atá beagáinín difriúil: caidé atá ann?

Tá script an fhíseán le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Seán Bán Mac Meanman: scríbhneoir Conallach

Máire Uí Cheallaigh ag caint faoi Sheán Bán Mac Meanman, údar de chuid Ghaeltacht Thír Chonaill.

Máire Uí Cheallaigh

Anois, rugadh Seán Bán i gceantar Bhaile na Finne, baile fearainn ar a dtugtar ‘an Ceann Garbh’, agus sa bhliain ocht déag ochtó is a dó. Agus fear a bhí i Seán Bán a chaith, arís, mórchuid dá shaol sa cheantar, taobh amuigh de bheith ag teagasc ar na Gleanntaí. Agus d’fhág sé oidhreacht luachmhar liteartha ina dhiaidh, mar scríobh sé ceithre leabhar dhéag go hiomlán, chomh maith le haltanna in irisí. Agus scríobh sé trí mhiondráma fosta.

Agus, creidim, tá muid faoi chomaoin1 ag Seán Bán mar, ach gurb é go dtáinig sé2 ar an fhód nuair a tháinig, ní bheadh scéalta ar bith againne fán tseanam. Nó, i ndáiríribh, is é chóir a bheith an t-aon scríbhneoir3 é a scríobh fán cheantar féin. Tá mórán daoine eile, b’fhéidir, a bhí ag scríobh fá cheantar Ghleann Fhinne agus ceantair mar sin, ach scríobh Seán Bán fá cheantar Bhaile na Finne. Agus scríobh sé mórán gearrscéalta, b’fhéidir, ag caint fá luibheanna agus leigheasanna agus rudaí atá ar shiúl go hiomlán i láthair na huaire, ach gurb é go raibh Seán Bán, mar a dúirt mé, ar an fhód ag an am agus go bhfuil sé seo uilig scríofa aige. Agus tá leabharthaí Sheáin Bháin uilig coinniste4 san ionad, Áras Sheáin Bháin.

Scríobh Seán Bán a chéad leabhar sa bhliain naoi déag cúig déag. Agus scríobh sé sin ar ‘Scéalta Gairide Geimhridh’. Agus thug sé scéalta ansin faoi dhaoine, b’fhéidir, as an cheantar. Luaigh sé mórán daoine agus an caitheamh aimsire a bhí acu, agus cén dóigh a rachadh oíche airneáil ar aghaidh agus, an bhfuil a fhios agat, scéalta mar sin. Agus bhí an leabhar sin iontach suimiúil ar fad.

Ach, chomh maith leis sin, tá Gaeilge luachmhar fríd na leabharthaí uilig5. Tá Gaeilge ann nach bhfuil i mBaile na Finne anois. Agus is rud mór sin. Tá mórán den chaint a bhí aige… mar déarfadh sé, b’fhéidir, ‘dearc chugat mar a dhearcas tú uait’. Well, níl sin i gcanúint an lae inniu.

Agus ansin, bhéarfadh sé comhairle fosta ina chuid scríbhneoireachta, mar a déarfá. Agus chaomhnaigh sé seo agus chuir sé go mór le sealbhú teanga sa cheantar. Agus tá cuid de na seandaoine anois, tá an chuid is mó acu ar shlua na fírinne a raibh cuimhne acu ar Sheán Bhán. Fuair sé bás sa bhliain naoi déag seasca is a dó. Agus, creidim, níl sin – tá sé píosa maith ar ais anois – ach, san am chéanna, tá mórchuid de na daoine anois… b’fhéidir go mbeadh cúpla duine fágtha a mbeadh aithne acu air.

  1. faoi chomaoin… Fuaimníonn Máire seo amhail is gur ‘faoi choimín’ a bheadh ann.
  2. ach gurb é go dtáinig sé… Is ionann seo agus ‘murach gur tháinig sé’. I nGaeilge Uladh, úsáidtear ‘go’ agus ‘nach’ seachas ‘gur’ agus ‘nach’ in aimsir chaite roinnt briathra neamhrialta. Tá leagan eile i nGaeilge Uladh arb ionann ciall dó agus do ‘ach gurb é’ – is é sin ‘ach ab é’, atá coitianta go maith fosta.
  1. an t-aon scríbhneoirt caol atá i dtús an fhrása ‘an t-aon’. I dTír Chonaill, fuaimnítear é amhail is gur ‘an t-éan’ a bheadh ann.
  2. coinniste… Foirm mhalartach den aidiacht bhriathartha ‘coinnithe’. Is le briathra den dara réimniú is mó a úsáidtear an fhoirm seo, mar shampla ‘ceannaithe’ > ‘ceannaiste’.
  3. fríd na leabharthaí uilig… Is é ‘fríd’ a deirtear i nGaeilge Uladh áit ar bith a mbeadh ‘trí’ nó ‘tríd’ i gcanúintí eile. Is cuma faoi uimhir an ainmfhocail: ‘shiúil siad fríd an bhaile’ nó ‘shiúil siad fríd na bailte.’
  1. Luann Máire baile beag ar a dtugtar ‘Na Gleanntaí’ i nGaeilge agus Glenties i mBéarla. Caidé mar a déarfá in Glenties? Caidé mar a deir Máire an rud céanna?
    Bheadh fonn ort, b’fhéidir, ‘sna Gleanntaí’ a rá, ach tá claonadh i nGaeilge Chúige Uladh an réamhfhocal ‘ar’ a úsáid i gcás go bhfuil an t-alt (san uimhir uatha nó san uimhir iolra) ina pháirt den logainm. Seo dornán samplaí eile:

Ar an Chlochán Liath
Ar an Bhaile Mheánach
Ar na Cealla Beaga

  1. Cuir Béarla ar an abairt seo as an agallamh: ‘Tá muid faoi chomaoin ag Seán Bán mar, ach gurb é go dtáinig sé ar an fhód nuair a tháinig, ní bheadh scéalta ar bith againne fán tseanam.’
    Beidh a leagan féin ag achan duine, ach seo an chiall atá leis an abairt Ghaeilge: We are indebted to Seán Bán because, if he hadn’t been on the scene when he was, we would have no stories about the old days.
  1. Deir Máire, ‘scríobh sé mórán gearrscéalta’. An bhfuil rud ar bith suntasach faoin dóigh a n-úsáidtear an focal ‘mórán’ san abairt sin?
    De ghnáth, úsáidtear ‘mórán’ i gceisteanna agus in abairtí diúltacha:

Níl mórán céille ag an ghasúr sin.
An bhfuil mórán airgid fágtha sa chuntas?

Is gnách focail eile a úsáid in abairtí dearfacha:

Tá neart céille ag an ghasúr sin.
Tá tréan airgid fágtha sa chuntas.

Is sa Ghaeltacht Láir agus i ndeisceart Dhún na nGall (Teileann, Gleann Cholm Cille) is mó a úsáidtear ‘mórán’ in abairtí dearfacha. Dar ndóigh, tá sé iomlán ceart.

  1. Deir Máire, ‘tá leabharthaí Sheáin Bháin uilig coinniste san ionad, Áras Sheáin Bháin.’ Caidé atá i gceist le ‘coinniste’?
    Is ionann ‘coinniste’ agus ‘coinnithe’. Gné de chanúint Uladh atá ann an deireadh sin –(a)iste a chur le haidiachtaí briathartha, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an dara réimniú.
Modh ordaitheach Leagan caighdeánach Leagan canúnach
ceannaigh ceannaithe ceannaiste
críochnaigh críochnaithe críochnaiste

Úsáidtear foirmeacha mar ‘coinnithe’ agus ‘críochnaithe’ go coitianta i nGaeilge Uladh fosta.

  1. Agus í ag caint ar shaibhreas Gaeilge Sheáin Bháin, tugann Máire an sampla ‘dearc chugat mar a dhearcas tú uait.’ Cén chiall atá leis sin nó cén dóigh ab fhearr le Béarla a chur air?
    Is é atá i gceist gur cheart do dhaoine breithiúnas a thabhairt orthu féin chomh dian céanna leis an bhreithiúnas a thugann siad ar dhaoine eile: judge others as you judge yourself.
  2. Nuair a bhítear ag caint ar dhaoine atá marbh, is minic a deirtear go bhfuil siad ‘ar shlí na fírinne.’ Deir Máire rud atá beagáinín difriúil: caidé atá ann?
    Is é a deir Máire ‘ar shlua na fírinne.’