Céim Ar Aghaidh

Mír 8

An Lia Gramadaí: ‘Bhí siad pósta anuraidh’

Amharc ar Aodh Ó Gallchóir, an Lia Gramadaí, ag míniú an difir idir ‘Bhí siad pósta anuraidh’ agus ‘Pósadh anuraidh iad.’

I ndiaidh duit an físeán a choimhéad, cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.

  1. That book was published in the summer.
  2. That battle is lost, alas.
  3. Too many working days are lost because of illness.
  4. Our best player was injured in the first match of the season.
  5. I was injured at the time, and couldn’t play.
  6. The building work was never finished.
  7. I’ll have that report finished tomorrow.
  8. German is also spoken in Belgium.
  9. The All-Ireland Final (Cluiche Ceannais na hÉireann) is usually played in August.
  10. The All-Ireland Final was played in September this year.

Tá script an fhíseán le fáil in Scripteanna.  
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.  

An Lia Gramadaí: ‘Bhí siad pósta anuraidh’ nó ‘Pósadh anuraidh iad’?

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart: ‘Bhí siad pósta anuraidh’ nó ‘Pósadh anuraidh iad’?

Aodh Ó Gallchóir

Amharcfaidh muid anois ar dheacracht a bhíonn ag daoine leis an aidiacht bhriathartha agus an briathar saor, rudaí ar nós, ‘Bhí siad pósta anuraidh’ in áit ‘Pósadh anuraidh iad.’

Tá an rud seo againn sa teangaidh ar a dtugaimid ‘aidiacht bhriathartha’ agus, dála go leor aidiachtaí eile, is é a dhéanann an aidiacht bhriathartha ná go dtugann sí staid le fios dúinn. Déarfadh duine, cuir i gcás, go bhfuil an fhuinneog briste, go bhfuil na haistí sin uilig ceartaithe anois ag an mhúinteoir, nó go bhfuil an teach úr sin tógtha anois. Tá droch-chlaonadh ag daoine an aidiacht bhriathartha a úsáid nuair ba cheart daofa an briathar saor a úsáid.

Úsáideann muid an briathar saor sa Ghaeilge nuair a bhíonn muid ag trácht ar ghníomh ach nuair nach mbíonn muid ag tabhairt le fios cé atá, a bhí nó a bheas ina bhun. Sa Bhéarla, b’fhéidir go ndéarfadh duine, ‘That house was built last year.’ Is é a déarfadh duine sa Ghaeilge, ‘Tógadh an teach sin anuraidh,’ nó ‘Anuraidh a tógadh an teach sin.’ Ní bheadh sé ceart sa chás sin aidiacht bhriathartha a úsáid [Bhí an teach sin tógtha anuraidh.] Tógfaimid sampla eile: in áit, ‘Bhí an carr sin díolta inné,’ is é ba cheart a ráit ansin ná, ‘Díoladh an carr sin inné.’

Déanta na fírinne, thiocfadh leis an aidiacht bhriathartha brí eile ar fad a chur in iúl. Amharcfaidh muid anois ar dhá shampla bheaga leis sin a léiriú. Dá ndéarfadh duine, ‘Bhí siad pósta anuraidh’, thuigfeadh duine go breá gur mar sin a bhí acu anuraidh ach tá baol ansin go mbeifí ag tabhairt le fios go mb’fhéidir gur athraigh a stádas pósta ó shin1 agus go mb’fhéidir nach bhfuil siad pósta níos mó. Ach dá ndéarfadh duine, ‘Pósadh anuraidh iad’, bheadh sé breá soiléir, go díreach, go raibh an bhainis acu anuraidh agus ní bheadh an baol céanna míthuisceana sin ag baint leis.

Gan amhras, úsáidtear an briathar saor sna haimsirí eile fosta. San aimsir láithreach, cuir i gcás, déarfadh duine, ‘Déantar cácaí deasa sa tsiopa sin’, ní ‘Bíonn cácaí deasa déanta sa tsiopa sin.’ Nó, agus muid ag caint faoin am atá romhainn, b’fhéidir go ndéarfadh duine, ‘Ceannófar an teach sin go luath’, ní ‘Beidh an teach sin ceannaithe go luath.’

Is fusa i gcónaí, sílim, cuimhneamh ar shamplaí ná ar rialacha. Mar sin, smaointigí2 ar na samplaí beaga praiticiúla sin, agus beidh sibh go breá.

  1. ó shin… Deir Aodh na focail seo amhail is gur ‘ó shoin’ a bheadh ann.
  2. smaointigí… ‘Smaoinígí’ an leagan caighdeánach. Bíonn an ‘n’ iontach srónach ar fad agus is ar éigean a chluintear ar chor ar bith é. Is dá bharr sin a fhuaimnítear ‘smaoineamh’ ar nós ‘smaoitiú’.

Seo leaganacha Gaeilge de na habairtí 1–10. Is aistriúcháin shamplacha iad; is cinnte go dtiocfadh na habairtí a aistriú ar bhealaí eile.

  1. Sa tsamhradh a foilsíodh an leabhar sin.
  2. Tá an cath sin caillte, faraor.
  3. Cailltear barraíocht laethanta oibre mar gheall ar thinneas.
  4. Gortaíodh an t-imreoir is fearr atá againn sa chéad chluiche den tséasúr.
  5. Bhí mé gortaithe san am, agus ní raibh mé ábalta imirt.
  6. Níor críochnaíodh an obair thógála riamh.
  7. Beidh an tuairisc sin críochnaithe agam amárach.
  8. Labhraítear (nó ‘labhartar’) an Ghearmáinis sa Bheilg fosta.
  9. I mí Lúnasa a imrítear Cluiche Ceannais na hÉireann, de ghnáth.
  10. I mí Mheán Fómhair a imríodh Cluiche Ceannais na hÉireann i mbliana.