Céim Ar Aghaidh

Mír 7

Na focail is ansa liom

D’iarr muid ar bheirt, Eithne Ní Ghallchobhair agus Antaine Ó Donnaile, cur síos dúinn ar na focail is ansa leo sa Ghaeilge. Amharc ar an fhíseán agus freagair na ceisteanna thíos.

  1. Roghnaigh Eithne focal amháin nach bhfuil le fáil sna foclóirí: ‘póganna gréine’. Cén chiall atá leis an fhocal sin, dar leat?
  1. Caidé na focail eile a roghnaigh Eithne?
    1. _____________________________________________________________________
    2. _____________________________________________________________________
    3. _____________________________________________________________________
  1. Caidé na focail a roghnaigh Antaine?
    1. _____________________________________________________________________
    2. _____________________________________________________________________
    3. _____________________________________________________________________
  1. Caidé na focail a roghnófá féin, dá gcuirfeadh duine ceist ort?
    1. _____________________________________________________________________
    2. _____________________________________________________________________
    3. _____________________________________________________________________

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

‘Na focla a lasas mo chroí’

Eithne Ní Ghallchobhair agus Antaine Ó Donnaile ag caint faoi na focail is ansa leo sa Ghaeilge.

Eithne Ní Ghallchobhair

Na focla anois a lasas1 mo chroí. Á, ‘deora Dé’. Sílim go bhfuil sin thar a bheith deas, agus iad ag titim ar na craobhacha. Agus ‘lus an chromchinn’ mar an gcéanna. Tig siad amach agus bíonn a fhios agat2 nuair a chíonn tú iad go bhfuil an t-earrach linn agus go bhfuil an Cháisc ag tarraingt orainn. Agus lasfadh siad3 do chroí.

Is breá liom an focal ‘muc mara’. Is breá, is aoibhinn liom é. Tá siad mór agus téagartha agus ramhar agus tá sé, nuair a chíonn tú é, tá sé ina mhuc agus tá sé istigh sa mhuir agus sílim gur cur síos iontach beacht atá ann ar an ainmhí féin.

Ach, thar rud ar bith eile, is aoibhinn liom an focal ‘póganna gréine’. Is aoibhinn liom é agus mé ar maos, sa talamh, in iardheisceart Dhún na nGall.

  1. a lasas mo chroí… Sampla den fhoirm choibhneasta a bhfuil cur síos air in Aonad 1. Is ionann é agus ‘a lasann mo chroí’.
  2. bíonn a fhios agat… I ndeisceart Dhún na nGall, is gnách le daoine ‘agham’, ‘aghat’, ‘aghainn’ agus ‘aghaibh’ a rá.
  3. Agus lasfadh siad do chroí. Tá fuaim tle cluinstin i ndeireadh an bhriathair ‘lasfadh’ toisc go bhfuil ‘siad’ ag teacht ina dhiaidh.

Antaine Ó Donnaile

Focal amháin a bhfuil dúil mhór agam ann ná focal a léigh mé sa leabhar Caisleáin Óir.1 Nuair a dúirt Bábaí – an cailín beag seo, Bábaí Mháirtín, sílim, atá uirthi – le Séimí Phádraig Duibh: ‘Ó, a Shéimí, ar buaileadh thú inniu? Tá lorg na suóg ar d’aghaidh.’ Agus an focal sin, ‘suóg’ do…deora beaga ar aghaidh an pháiste, chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm.

Tá cúpla focal eile is maith liom. Is breá liom an focal ‘cumhaidh’ mar baineann sé le dúchas agus baineann sé le pobal agus tá níos mó i gceist ná homesicknessnostalgia. Tá rud níos doimhne, sílim, nach bhfuil sa Bhéarla, ní dóigh liom. Agus is breá liom an fhuaim atá leis an fhocal sin – ‘cumhaidh’, i gCúige Uladh.

Agus focal eile atá iontach deas sa Ghaeilge, is dóigh liom, ná ‘mórtas.’ Mar tá difear mór idir ‘mórtas’ agus ‘bród’, is dóigh liom. ‘Bród’ – tá sin ag… Níl a fhios agam an bhfuil sin chomh dearfach. Baineann ‘mórtas’ arís le, cineál, meas a bheith agat ort féin agus ar do mhuintir2 agus ar d’áit agus ar do phobal. Agus is maith liom sin.

  1. Caisleáin Óir le Séamus Ó Grianna (Máire), a foilsíodh sa bhliain 1924. Áirítear é ar cheann de mhórshaothair údair Ghaeltacht Thír Chonaill. Chuir Niall Ó Dónaill eagar ar eagrán nua sa chló Rómhánach le haghaidh Mercier Press.
  2. do mhuintir… Tá an ‘n’ san fhocal ‘muintir’ chomh srónach sin gur ar éigean a chluintear é. Deir Antaine rud éigin atá cosúil le ‘muitir.’
  1. Roghnaigh Eithne focal amháin nach bhfuil le fáil sna foclóirí: ‘póganna gréine’. Cén chiall atá leis an fhocal sin, dar leat?
    Bricíní nó freckles atá i gceist le ‘póganna gréine.’
  2. Caidé na focail eile a roghnaigh Eithne?
      1. Deora Dé
      2. Lus an chromchinn
      3. Muc mara
  3. Caidé na focail a roghnaigh Antaine?
      1. suóg
      2. cumhaidh (cumha)
      3. mórtas
  4. Caidé na focail a roghnófá féin, dá gcuirfeadh duine ceist ort?
    Fút féin atá sé an cheist sin a fhreagairt.