Céim Ar Aghaidh

Mír 5

I ngleic leis an ghramadach: an t-ainm briathartha

In Aonad 4, pléadh cuid de na bealaí ina n-úsáidtear an t-ainm briathartha sa Ghaeilge. Chonaic muid samplaí de na struchtúir seo a leanas:

  1. Tá mé ag iarraidh cluiche a imirt.
  2. Tá mé ag iarraidh amharc ar an chluiche.
  3. Tá mé ag dul a imirt cluiche.

Tá struchtúr eile ann atá coitianta sa Ghaeilge ach a mbíonn deacrachtaí ag daoine leis in amanna. Míneofar é sna nótaí seo agus beidh seans agat é a chleachtadh.

A réamhtheachtach

Amharc ar an dá abairt seo:

Is doiligh polaiteoirí a chreidbheáil.
Is doiligh a chreidbheáil go ndéanfadh polaiteoir a leithéid.

Tá an chéad abairt díreach cosúil le ‘Tá mé ag iarraidh cluiche a imirt.’ Tig an t-ainm briathartha (‘creidbheáil’) i ndiaidh an chuspóra (‘polaiteoirí’).

Tá leagan amach eile ar fad ar an dara habairt, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine, corruair. Is minic a scríobhtar a leithéid mar seo, go mícheart:

Is doiligh creidbheáil go ndéanfadh polaiteoir a leithéid.

Cad chuige a bhfuil sé sin mícheart? Is é rud go bhfuil cuspóir ag an ainm bhriathartha ‘creidbheáil’, cé nach bhfuil sé san áit a mbeifeá ag súil leis. Is é an cuspóir atá ann ná ‘go ndéanfadh polaiteoir a leithéid.’ Sin é an rud atá ‘le creidbheáil’. Mar sin de, ba cheart ‘a’ gairid a chur roimh ‘creidbheáil’ agus an t-ainm briathartha a shéimhiú, díreach ar nós ainm briathartha ar bith eile a bhfuil cuspóir aige.

Cinnte, ní focal deas néata mar ‘cluiche’ atá i gcuspóir na habairte seo. Tá sé rófhada le go dtiocfadh é a chur roimh an ainm bhriathartha. Abairt iontach ciotach a bheadh ann dá ndéanfaí sin:

Is doiligh go ndéanfadh polaiteoir a leithéid a chreidbheáil.

Ina leithéid sin de chás, cuirtear an t-ainm briathartha roimh an chuspóir. Is dá bhrí sin a thugtar ‘a réamhtheachtach’ ar an a gairid.

Seo dornán eile samplaí. Tá cló trom ar an chuspóir in achan abairt.

Caithfidh muid a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.
Ní mian liom a thabhairt le fios go ndearna sí rud ar bith as bealach.
Mise a chaithfidh a rá leo nach mbeidh muid ann.
Bhí mé ag iarraidh a mhíniú caidé atá le déanamh.