Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Focal ar fhocal: focail treise

D’úsáid Gráinne roinnt focail treise ina cuid cainte, is é sin focail agus frásaí a úsáidtear le béim a chur ar smaoineamh nó ar fhocal áirithe san abairt:

Bhí eagla an domhain orm…
Tá i bhfad níos mó daoine ann…
Tá an bia iontach, iontach te… nó thar a bheith milis.
Bhí an áit dubh le daoine.

Is iad ‘iontach’ agus ‘millteanach’ an dá fhocal treise is coitianta i nGaeilge Uladh. Bí cúramach: thig iad a úsáid mar fhocail treise nó mar aidiachtaí simplí. Ní hionann go díreach na rialacha a bhíonn i gceist sa dá chás.

Nuair is aidiachtaí simplí iad, cuirtear infhilleadh agus séimhiú i bhfeidhm orthu ach oiread le haidiacht ar bith eile:

Bíonn scéalta iontacha ag Máire.
Oíche mhillteanach a bhí ann.

Nuair a úsáidtear iad le haidiacht eile a threisiú, cuirtear infhilleadh agus séimhiú ar ceal:

Bíonn scéalta iontach greannmhar ag Máire.
Oíche millteanach fuar a bhí ann.

Míreanna treise

Thig míreanna a chur i dtús focail fosta leis an smaoineamh a threisiú. Is dócha gurb é ‘an-’ an mhír threise is coitianta sa Ghaeilge inniu, cé nach bhfuil sé coitianta i gCúige Uladh. Tá neart míreanna eile ann:

Dearg

Amadán atá ann.
Deargamadán atá ann.

Dubh

Bhí an ghráin acu ar a chéile.
Bhí an dubhghráin acu ar a chéile.

Fíor

Tá mé buartha.
Tá mé fíorbhuartha.

Lán

Bhí siad sásta leis an mhargadh.
Bhí siad lánsásta leis an mhargadh.

Is cuma liom.
Is ríchuma liom.

Sár

Duine atá eolach ar an stair.
Duine atá sáreolach ar an stair.

Anois, cuir achan cheann de na míreanna treise thuas in abairtí samplacha de do chuid féin.