Céim Ar Aghaidh

Mír 2

Bain triail as: an réamhfhocal

Más focail bheaga féin iad, is gné iontach tábhachtach den Ghaeilge atá sna réamhfhocail. Ní hionann mar a úsáidtear an réamhfhocal Gaeilge agus an réamhfhocal Béarla, mar is léir sa tsampla seo:

I go walking for the good of my health.

B’fhéidir go mbeadh an réamhfhocal for ar intinn daoine a bheadh ag iarraidh an rud céanna a rá i nGaeilge. Seans, mar sin, gur ‘do’ a bheadh acu.

Téim amach a shiúl ar mhaithe do mo shláinte.

Tharla gur réamhfhocal eile ar fad (‘le’) a úsáidtear sa Ghaeilge.

Téim amach a shiúl ar mhaithe le mo shláinte.

Tá difríochtaí den chineál sin le cluinstin sa mhéid a deir Gráinne – réamhfhocal amháin sa Bhéarla agus réamhfhocal eile ar fad sa Ghaeilge.

Béarla Gaeilge
The culture was so different from Irish culture. Bhí an cultúr chomh difriúil sin le cultúr na hÉireann.
The people of India are used to it. Tá cleachtadh ag muintir na hInde air sin.
People don’t do it out of badness. le mioscais a dhéanann daoine é.

Tá tasc le déanamh agatsa anois leis na réamhfhocail a chleachtadh.

  • Aistrigh go Gaeilge na habairtí 1–15.
  • Bíodh aird faoi leith agat ar na réamhfhocail.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. I’m not afraid of ghosts.
  2. I made a complaint to the manager.
  3. Did you ever come across that book you lost?
  4. Do you know the woman with the black hair?
  5. Is this the road for Coleraine?
  6. I was in Spain for a fortnight.
  7. There’s no money left for petrol.
  8. There’s no cure for laziness.
  9. Have you time for a coffee?
  10. Wait for me here.
  11. It’s important to protect yourself from sunburn.
  12. We had a good laugh at it.
  13. They came at the break of dawn.
  14. I was still at school at that time.
  15. She’s in bed with a cold.

Aistriúcháin shamplacha atá sna freagraí thíos. Thiocfadh aistriúcháin eile a bheith ceart fosta.

  1. I’m not afraid of ghosts.
    Níl eagla ormsa roimh thaibhsí.
  2. I made a complaint to the manager.
    Rinne mé gearán leis an bhainisteoir.
  3. Did you ever come across that book you lost?
    Ar tháinig tú riamh ar an leabhar sin a chaill tú?
  4. Do you know the woman with the black hair?
    An bhfuil aithne agat ar an bhean úd a bhfuil gruaig dhubh uirthi? (Nó, ‘ar bhean na gruaige duibhe’.)
  5. Is this the road for Coleraine?
    An é seo an bealach go Cúil Raithin?
  6. I was in Spain for a fortnight.
    Bhí mé sa Spáinn ar feadh coicíse.
  7. There’s no money left for petrol.
    Níl airgead ar bith fágtha fá choinne peitril.
  8. There’s no cure for laziness.
    Níl leigheas ar bith ar an fhalsacht.
  9. Have you time for a coffee?
    An bhfuil am agat fá choinne caife?
  10. Wait for me here.
    Fan liom anseo. (Tá ‘fan orm’ coitianta sa chaint fosta.)
  11. It’s important to protect yourself from sunburn.
    Tá sé tábhachtach tú féin a chosaint ar dhó gréine.
  12. We had a good laugh at it.
    Rinne muid ár sáith gáire faoi.
  13. They came at the break of dawn.
    Tháinig siad le breacadh an lae.
  14. I was still at school at that time.
    Bhí mé ar scoil go fóill san am sin.
  15. She’s in bed with a cold.
    Tá sí sa leaba agus slaghdán uirthi.