Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Seal ag éisteacht

Ar ball beag, beidh tú ag éisteacht le sliocht as alt a scríobh Seán Bán Mac Meanman.

  • Éist leis an alt á léamh amach ar Comhad Fuaime 1.
  • Líon na bearnaí sa leagan den alt atá tugtha thíos.
  • Tá 6 bhearna le líonadh. Caidé mar a chuirfeá Béarla ar na focail agus na frásaí atá ann?
  • An leaganacha caighdeánacha nó leaganacha malartacha iad?

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

LUSA LEIGHIS AGUS LUIBHEOLAS THÍR CHONAILL*

Bhí mórán daoine i nGaeltacht Thír Chonaill roimhe seo, agus cuid acu beo go fóill, agus an t-eolas a bhí acu ar luibheanna, bhí sé _____________________. Mná a bhí ina _____________________ seo agus bhí an t-am ann is ní raibh baile ar bith gan bhean luibheanna. Bhí na mná udaí gan Bhéarla gan léann ach ní raibh aon luibh ag fás sna _____________________ nó faoi bhun na gclaíocha nó ar bhruach na sruthán, nach raibh a fhios acu i gceart caidé an bhrí agus caidé an _____________________ a bhí inti. _____________________ caidé a bheadh ort, bhí leigheas duit a fhad is nach mbeadh cos nó lámh briste nó cnámh amach as a áit. Agus ní raibh an leigheas sin ag na dochtúirí nó ina gcuid _____________________ ach go díreach sa talamh, an áit inar chuir Dia é.

Curtha in oiriúint as aiste dar teideal ‘Lusa Leighis agus Luibheolas Thír Chonaill’ in Ó Chamhaoir go Clapsholus (1940) le Seán Mac Meanman.

Tá atheagar curtha ag Séamus Ó Cnáimhsí ar sciar maith de scríbhinní Mhic Mheanmain:

  • Cnuasach Céad Conlach, Coiscéim, 1989
  • An Chéad Mhám, Coiscéim, 1990
  • An Dara Mám, Coiscéim, 1991
  • An Tríú Mám, Coiscéim, 1992

Aonad 5 Comhad Fuaime 1

LUSA LEIGHIS AGUS LUIBHEOLAS THÍR CHONAILL*

Bhí mórán daoine i nGaeltacht Thír Chonaill roimhe seo, agus cuid acu beo go fóill, agus an t-eolas a bhí acu ar luibheanna, bhí sé sonraíoch.1 Mná a bhí ina mbunús2 seo agus bhí an t-am ann is ní raibh baile ar bith gan bhean luibheanna. Bhí na mná udaí gan Bhéarla gan léann ach ní raibh aon luibh ag fás sna garranta3 nó faoi bhun na gclaíocha nó ar bhruach na sruthán, nach raibh a fhios acu i gceart caidé an bhrí agus caidé an bhuaidh4 a bhí inti. Ba chuma in Éirinn5 caidé a bheadh ort, bhí leigheas duit a fhad is nach mbeadh cos nó lámh briste nó cnámh amach as a áit. Agus ní raibh an leigheas sin ag na dochtúirí nó ina gcuid cógaisí6 ach go díreach sa talamh, an áit inar chuir Dia é.

  1. bhí sé sonraíoch. Is é sin, chuirfeá sonrú ann. Bhí eolas thar an choitiantacht acu. Tá ‘sonraíoch’ iomlán caighdeánach – ní leagan d’fhocal atá ann, ach focal ann féin. Corruair, bíonn an ‘n’ chomh srónach sin agus ar éigean a chluintear é. Tarlaíonn an rud céanna i gcás ‘sonrú’.
  2. Mná a bhí ina mbunús seo… Is é sin, mná a bhí ina bhformhór. Is focal iomlán caighdeánach é seo.
  3. sna garranta… Ní ‘gairdín’ ná ‘garraí’ is gnách le daoine a rá i nGaeilge Uladh, ach an leagan malartach ‘garradh’. Is foirm iolra mhalartach é ‘garranta’.
  4. caidé an bhuaidh… Is é sin, an buntáiste nó an sochar nó an fiúntas a bhain leis. Is é ‘bua’ an leagan caighdeánach ach tá an leagan malartach ‘buaidh’ coitianta i nGaeilge Uladh. Tá ‘bua’ firinscneach agus tá ‘buaidh’ baininscneach; is minic a bhíonn difear inscne ann idir an leagan caighdeánach agus an leagan malartach.
  5. Ba chuma in Éirinn… Is minic a úsáidtear ‘Éire’ le smaoineamh a threisiú: ‘Tá an ceann seo i bhfad Éireann níos fearr’, ‘Níl a fhios agam in Éirinn cén dóigh a ndearna sé é.’
  6. cógaisí… Is foirm iolra mhalartach é seo. Is é ‘cógais’ an t-iolra caighdeánach.