Cluas le héisteacht
Ar ball beag beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Gráinne Ní Ghilín síos ar a cuid taistil san India. Bain triail as an tasc thíos sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán.
Deir Gráinne na focail 1–6 le linn an agallaimh.
- Léigh na focail. Tá siad litrithe mar a litrítear sna foclóirí iad, ach seans nach mar sin a deirtear iad. Bí ag smaoineamh ar an dóigh a bhfuaimníonn tú féin iad.
- Amharc ar an fhíseán. Cuir cluas ort féin fá choinne na bhfocal 1–6. Caidé mar a deir Gráinne iad? An bhfuil difear ann idir fuaimniú Ghráinne agus d’fhuaimniú féin?
- maidin
- achan duine
- dóigheanna (agus ‘gnásanna’, ‘dathanna’, ‘blasanna’)
- bolaithe
- ó thaobh radharc de
- tugaim faoi deara
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Seal san Ind
Gráinne Ní Ghilín ag cur síos ar an tsaol san Ind.
Gráinne Ní Ghilín
Is dóigh liom gur duine seort faiteach mé, ar go leor dóigheanna. Agus nuair a chuaigh mise go dtí an Ind1 den chéad uair,2 bhí mé scanraithe. Bhí eagla an domhain orm mar bhí an cultúr chomh difriúil sin le cultúr na hÉireann. Tá i bhfad níos mó daoine ann. So, sin rud amháin – díreach, na sluaite a bhíonn ann.
Is cuimhin liom dul isteach i stáisiún traenach, ar a sé a chlog, maidin amháin agus bhí an áit dubh le daoine. Tuigeann tú ansin cad is ciall leis an chor cainte sin nó leis an fhrása sin, ‘dubh le daoine.’ Bhí tú, bhí achan duine brúite lena chéile. Agus bhí sé iontach doiligh do bhealach a dhéanamh le fáil a fhad leis an ardán, leis an traein a fháil.
Ach ar dhóigh éigin, tá cleachtadh ag muintir na hInde air sin. Sin mar a chaitheann siad a saol. Agus tá córais ann nach dtuigeann duine ón Iarthar ach oibríonn sé. Tá bealaí ann le bogadh thart ar dhaoine. Agus, díreach, amharcann tú ar na daoine áitiúla agus déanann tú aithris orthu nó déanann tú an rud atá siadsan ag déanamh. Agus éiríonn leat, i ndiaidh tamaill, dul i dtaithí ar na gnásanna agus ar an chineál iompair a éascaíonn an bealach in achan ghné den tsaol.
Chuala mé cur síos ar an Ind, agus go háirithe ar an eispéireas a bhíonn ag daoine a théann go dtí an Ind den chéad uair, gur ‘ionsaí ar na céadfaí’ atá ann. Agus sin díreach an rud a mhoithigh mise nuair a chuaigh mé ann. Agus nuair a théim ann – tá mé ag dul ann le seacht mbliana déag – agus i gcónaí, tá seort ionsaí ar na céadfaí i gceist.
Tá bolaithe difriúla san aer, mar shampla. Tá callán ann nach mbíonn sa tír seo nuair a bhíonn tú ar na bóithre, mar shampla. Is den, is gnáthnós é a bheith ag bualadh ar adharc an chairr agus a bheith ag scairteadh amach as an fhuinneog. Agus ní le mioscais a dhéanann daoine sin ach díreach, sin mar a dhéanann daoine cumarsáid ar na bóithre.
Ó thaobh radharc de, más ag caint ar na céadfaí atá muid, ó thaobh radharc de, tá dathanna le fáil sa tír sin nach bhfuil sa tír seo. Tugaim faoi deara nuair a thagaim abhaile, i ndiaidh tréimhse san Ind, go bhfuil éadaí s'againn iontach dorcha, go mbíonn muid uilig ag caitheamh dubh agus liath agus dúghorm. Ach san Ind, na mná go háirithe, caitheann siad éadaí – Saris, mar shampla – agus dathanna agus patrúin láidre orthu. So sin rud iontach, just a bheith spreagtha ar an leibhéal sin. An radharc a bheith spreagaithe, bolaithe, na blasanna. Tá an bia iontach, iontach te, iontach spíosrúil nó thar a bheith milis. Agus is doiligh theacht3 ar bhia, seort, nach ndónn do theangaidh nó nach mbíonn tú ag iarraidh é a chaitheamh amach as siocair4 é a bheith chomh milis sin.
So, is dóigh liom go bhfuil an saol, agus an t-eispéireas ar an tsaol agus ort féin, i bhfad níos láidre san Ind ná mar a bhíonn anseo in Éirinn. Tá muid i bhfad níos ciúine, agus níos suaimhní.
- …go dtí an Ind… Is é ‘an India’ an leagan caighdeánach, ach tá ‘an Ind’ sa Ghaeilge le fada an lá.
- …den chéad uair… Is mar sin a litrítear an frása de réir na bhfoclóirí, cé go bhfuil ‘don chéad uair’ i bhfad níos coitianta sa chaint.
- Is doiligh theacht ar bhia… Bíonn séimhiú ar an ainm briathartha ‘teacht’ fiú nuair nach mbíonn cuspóir aige.
- …as siocair… Is gnách an frása seo a rá amhail is gur ‘siocair’ atá ann, mar ritheann an dá ‘s’ isteach ina chéile.
- maidin
Fuaimníonn Gráinne an focal amhail is go bhfuil síneadh fada ar an dara siolla (‘maidín’). Sin mar is gnách an focal a rá i nGaeilge Uladh. - achan duine
I gCúige Uladh, fuaimnítear ‘duine’ amhail is go bhfuil dhá ‘n’ ann (‘duinne’). Ritheann an litir deireanach den fhocal ‘achan’ agus an chéad litir den fhocal ‘duine’ isteach ina chéile go ndéantar ‘n’ dúbailte díobh. Is é a deir Gráinne, ‘achan nduinne’. - dóigheanna (agus ‘gnásanna’, ‘dathanna’, ‘blasanna’)
Is gnách fuaim ‘í’ a bheith i ndeireadh foirmeacha iolra a chríochnaíonn in -nna. Sin go díreach mar a deir Gráinne iad: ‘dóigheannaí’. - bolaithe
Fuaimníonn Gráinne an focal amhail is gur ‘bolaí’ atá ann. Is mar sin is gnách le daoine foirmeacha iolra a chríochnaíonn in –(a)ithe a rá. - ó thaobh radharc de
I nGaeilge Chúige Uladh, is ‘d’ leathan atá i dtús an réamhfhocail ‘de’. Dá bhrí sin, bíonn sé deacair dealú idir ‘de’ agus réamhfhocal eile ar fad: ‘do’. Is gnách ‘do’ a rá fiú amháin nuair is ‘de’ a bheadh sa Ghaeilge scríofa.
- Bhain mé domh mo chóta. (Bhain mé díom mo chóta.)
- Ó thaobh na polaitíochta dó. (Ó thaobh na polaitíochta de.)
- Tá mé buíoch duit. (Tá mé buíoch díot.)
Is mar gheall air sin a deir Gráinne, ‘ó thaobh radharc dó.’
- tugaim faoi deara
Is é a deir Gráinne ‘tugaim fá dear.’ Is é sin, ‘fá’ atá aici in áit ‘faoi’ agus ní deirtear an ‘a’ deireanach san fhocal ‘deara.’ Is mar sin a deirtear an frása i nGaeilge Uladh.