San aonad seo, tá nótaí agus cleachtaí ar na rudaí seo a leanas:
- Fuaimniú focail agus frásaí áirithe i nGaeilge Uladh.
- An réamhfhocal ceart a chur le briathra agus le focail eile.
- Dóigheanna éagsúla le focail agus le smaointe a threisiú.
- ‘A’ réamhtheachtach in abairtí mar ‘Is doiligh liom a chreidbheáil go ndéanfadh sé sin.’
- Ceartúsáid an tsaorbhriathair agus na haidiachta briathartha.