Cúinne na héigse: Conor Ó Gallchóir
Tá borradh faoin amhránaíocht ar an tsean-nós ar fud Chúige Uladh faoi láthair. I nGaeltacht Thír Chonaill, tá slua d’amhránaithe óga i ndiaidh teacht sna sála ar leithéidí Lillis Uí Laoire agus Bhriain Uí Dhomhnaill. Ina measc sin tá Doiminic Mac Giolla Bhríde, Nóilín Ní Cholla agus Máire Ní Choilm, a bhfuil dlúthdhioscaí curtha ar fáil acu agus neart duaiseanna bainte acu.
Is as Gort a’ Choirce do Conor Ó Gallchóir, fear óg a bhfuil dornán maith duaiseanna bainte aige le blianta anuas. San fhíseán seo, deir sé an t-amhrán traidisiúnta ‘Is Fada mo Chosa gan Bhróga’ nó ‘An Saighdiúir Tréigthe’.
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Conor Ó Gallchóir: Is Fada mo Chosa gan Bhróga
An t-amhrán ‘Is Fada mo Chosa gan Bhróga’ á rá ag Conor Ó Gallchóir, Gort a’ Choirce, Dún na nGall.
Conor Ó Gallchóir
Fuair mé an t-amhrán ‘Is Fada mo Chosa gan Bhróga’ ó bhailiúchán Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaibh Uladh. Ar ndóigh, rinneadh bailiúchán béaloidis agus ba é Énrí Ó Muirgheasa a bhí ina bhun. Agus is amhrán é a chuireann síos ar fhear a thréig an t-arm. Ar ndóigh, ábhar conspóideach go leor.
Is fada mo chosa gan bhróga
’s is faide mo phócaí gan pinghin;
agus is fada mé ag ól le mná óga
ach níor ól mé riamh deoir le mo mhian.
Is trua nach marbh a bhí m’athair
nuair a chuir sé mé go harm an rí;
’s gurb í an uaigh mo chruaidh-leabaidh feasta
’s a chéadsearc, nach trua leat mo luí?
Dá mbeinnse seacht mbliana faoi thalamh
nó i bhfiabhras na leapa ’mo luí;
a chéadsearc, dá dtiocfá is mé a fhiafraí
scéal cinnte go mbeinn leat i mo shuí.
Is fada m’uaighe á dhéanamh
mo thuamba á phriontáil ag saor;
mo chónair á tógáil lá an earraigh
is na buachaillí deasa ’dul faoi.
Nuair a d’éirigh mé ar mhaidin Dé Céadaoin
mo chiall mhaith gur lig mé le gaoth;
is níl pléisiúr ná áthas sa tsaol seo
ó scar mé le grá geal mo chroí.