Céim Ar Aghaidh

Mír 8

I ngleic leis an ghramadach: cleachtaí

Tá dhá thasc le déanamh anois, féachaint an dtig libh na struchtúir ar cuireadh síos orthu sa mhír dheireanach a úsáid mar is ceart.

Tasc 1

Léigh na habairtí 1–15. Ceartaigh abairt ar bith a shíleann tú a bheith mícheart.

  1. Lig domhsa a thiomáint, má tá tú chomh tuirseach sin.
  2. An raibh a fhios agat go raibh sí ag dul pictiúr a ghlacadh?
  3. Cuirtear deontais ar fáil, ag iarraidh comhlachtaí beaga a thacú.
  4. Is doiligh éirí maidin gheimhridh.
  5. B’fhearr dúinn gan a fhanacht anseo i bhfad eile.
  6. Tá mé ag súil go mór le cith a ghlacadh.
  7. Deir sí go bhfuil sí ag dul gearán a dhéanamh leis an scoil.
  8. D’iarr Fear an Tí orm a sheasamh os comhair an tslua agus amhrán a rá.
  9. Ná habair go bhfuil siad ag dul a athrú na rialacha arís!
  10. I ndáiríribh, ní thig liom damhsa.
  11. Ní thig liom a thabhairt vóta don pháirtí sin níos mó.
  12. Tá sé in am duit smaoineamh ar dhaoine eile.
  13. Lá inteacht, tá mé ag dul a scríobh cuntais ar an tréimhse sin.
  14. An ag iarraidh mo mharú atá tú?
  15. Dúirt an bainisteoir liom a chur scairt ar an bhaile.

Tasc 2

Cuir Béarla ar na habairtí 1–10.

  1. I don’t want to talk to those people.
  2. I don’t want to let those people down. (lig síos)
  3. Aren’t you going to say ‘thank you’?
  4. We’re going to be late again.
  5. Do you think we’re going to win? (bain)
  6. Who is going to win the match? (bain)
  7. I can read French fairly well.
  8. We told him to quit. (éirí as)
  9. We told him to quit the cigarettes.
  10. Are you going to buy her a present?

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Tasc 1

  1. Lig domhsa a thiomáint, má tá tú chomh tuirseach sin.
    Mícheart. Níl cuspóir ar bith ag ainm bhriathartha ‘tiomáin’.
    Leagan ceartaithe: Lig domhsa tiomáint, má tá tú chomh tuirseach sin.
  1. An raibh a fhios agat go raibh sí ag dul pictiúr a ghlacadh?
    Mícheart. Ba cheart go mbeadh an t-ainm briathartha ‘glacadh’ roimh an chuspóir. Ba cheart ‘pictiúr’ a bheith sa tuiseal ghinideach.
    Leagan ceartaithe: An raibh a fhios agat go raibh sí ag dul a ghlacadh pictiúir?
  1. Cuirtear deontais ar fáil, ag iarraidh comhlachtaí beaga a thacú.
    Mícheart. Ní dhéantar comhlachtaí a ‘thacú’. Is é rud go mbítear ag tacú leo.
    Leagan ceartaithe: Cuirtear deontais ar fáil, ag iarraidh tacú le comhlachtaí beaga.
  1. Is doiligh éirí maidin gheimhridh.
    Ceart. Níl cuspóir ag an ainm bhriathartha ‘éirigh’.
  1. B’fhearr dúinn gan a fhanacht anseo i bhfad eile.
    Mícheart. Níl cuspóir ag an ainm bhriathartha ‘fan’.
    Leagan ceartaithe: B’fhearr dúinn gan fanacht anseo i bhfad eile.
  1. Tá mé ag súil go mór le cith a ghlacadh.
    Ceart. Is é ‘cith’ an cuspóir atá ag an ainm bhriathartha ‘glac.’
  1. Deir sí go bhfuil sí ag dul gearán oifigiúil a dhéanamh leis an scoil.
    Mícheart. Ba cheart an cuspóir (‘gearán’) teacht i ndiaidh an ainm bhriathartha (‘déan’) agus é a bheith sa tuiseal ghinideach.
    Leagan ceartaithe: Deir sí go bhfuil sí ag dul a dhéanamh gearáin leis an scoil.
  1. D’iarr Fear an Tí orm a sheasamh os comhair an tslua agus amhrán a rá.
    Mícheart. Níl cuspóir ar bith ag an ainm bhriathartha ‘seas’.
    Leagan ceartaithe: D’iarr Fear an Tí orm seasamh os comhair an tslua agus amhrán a rá.
  1. Ná habair go bhfuil siad ag dul a athrú na rialacha arís!
    Ceart. Tig an cuspóir (‘na rialacha’) i ndiaidh an ainm bhriathartha ‘athraigh’.
  1. I ndáiríribh, ní thig liom damhsa.
    Ceart. Níl cuspóir ar bith ag an ainm bhriathartha ‘damhsa’.
  1. Ní thig liom a thabhairt vóta don pháirtí sin níos mó.
    Mícheart. Is é ‘vóta’ an cuspóir atá ag an ainm bhriathartha ‘tabhair’.
    Leagan ceartaithe: Ní thig liom vóta a thabhairt don pháirtí sin níos mó.
  1. Tá sé in am duit smaoineamh ar dhaoine eile.
    Ceart. Níl cuspóir ar bith ag an ainm bhriathartha ‘smaoinigh’.
  1. Lá inteacht, tá mé ag dul a scríobh cuntais ar an tréimhse sin.
    Ceart. Tig an cuspóir (‘cuntas’) i ndiaidh an ainm bhriathartha ‘scríobh’.
  1. An ag iarraidh mo mharú atá tú?
    Ceart. Bheadh ‘An ag iarraidh mé a mharú atá tú?’ i bhfad níos coitianta.
  1. Dúirt an bainisteoir liom a chur scairt ar an bhaile.
    Mícheart. Is é ‘scairt’ an cuspóir atá ag an ainm bhriathartha ‘cuir.’
    Leagan ceartaithe: Dúirt an bainisteoir liom scairt a chur ar an bhaile.

Tasc 2

Is aistriúcháin shamplacha atá sna habairtí thíos. Thiocfadh aistriúcháin eile a bheith ceart fosta.

  1. I don’t want to talk to those people.
    Níl mé ag iarraidh labhairt leis na daoine sin.
  1. I don’t want to let those people down. (lig síos)
    Níl mé ag iarraidh na daoine sin a ligean síos.
  1. Aren’t you going to say ‘thank you’?
    Nach bhfuil tú ag dul a rá ‘go raibh maith agat?’
  1. We’re going to be late again.
    Tá muid ag dul a bheith mall arís.
  1. Do you think we’re going to win? (bain)
    Do bharúil go bhfuil muid ag dul a bhaint?
  1. Who is going to win the match? (bain)
    Cé atá ag dul a bhaint an chluiche?
  1. I can read French fairly well.
    Thig liom an Fhraincis a léamh go measartha maith.
  1. We told him to quit. (éirí as)
    Dúirt muid leis éirí as.
  1. We told him to quit the cigarettes.
    Dúirt muid leis éirí as na toitíní.
  1. Are you going to buy her a present?
    An bhfuil tú ag dul a cheannacht bronntanais di?