Céim Ar Aghaidh

Mír 5

Lúth na teanga: an Ghaeilge labhartha agus an Ghaeilge scríofa

Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Antain Mac Lochlainn síos ar chuid de na rudaí a bhíonn le feiceáil sa Ghaeilge scríofa ach nach mbíonn le cluinstin sa chaint. Amharc ar an fhíseán agus freagair an cheist thíos.

Luaigh Antain na rudaí sa liosta 1–3. Tabhair an t-eolas seo a leanas faoin mhéid a dúirt sé:

  1. Cad chuige ar luaigh sé iad?
  2. Tabhair sampla amháin a léiríonn an rud atá i gceist. (Thig leat samplaí de do chuid féin a thabhairt.)
  1. Forainmneacha
    1. ____________________________________________________________
    2. ____________________________________________________________
  1. An t-alt (‘an’)
    1. ____________________________________________________________
    2. ____________________________________________________________
  1. An réamhfhocal ‘ag’
    1. ____________________________________________________________
    2. ____________________________________________________________

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

An Ghaeilge scríofa agus an Ghaeilge labhartha.

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus an rud a deirtear.

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: Anois, is minic a deir daoine go bhfuil difear idir an teangaidh scríofa agus an teangaidh labhartha. An bhfuil sé sin fíor i gcás na Gaeilge?

Antain: Tá sé fíor i gcás na Gaeilge, is dóigh liom. Bíonn i gcónaí difear idir an teangaidh scríofa agus an teangaidh labhartha. Is doiligh rudaí áirithe a bhaineann leis an chaint a léiriú sa scríobh. Agus, go minic, cuireann sin foghlaimeoirí, cineál… baineann sin truisle1 astu. Mar shampla, na forainmneacha, na focla beaga sin ‘mé,’, ‘tú’, ‘sé’, ‘sí’. Bíonn síneadh fada orthu sin an t-am ar fad sa scríobh, ach ní i gcónaí a fhuaimnítear fada iad. Go minic, bíonn siad gairid sa chaint. Cuir i gcás, má chuirtear briathar leo: ‘Sin an rud a dúirt me.’ Ní deir daoine, ‘Sin an rud a dúirt ’. ‘Chuir se cuid mhór inné.’ Ní deir daoine, ‘Chuir cuid mhór inné’ nó rud ar bith mar sin. Agus fiú amháin ‘siad’ – níl síneadh fada air sin ach tá sé fada mar tá an ‘i’ agus an ‘a’ ann agus is défhoghar atá ann: ‘siad’. Ach fuaimnítear sin iontach gairid fosta. Is é an rud a deir daoine ná, ‘Sin an rud a rinn’ siad.’ Agus bíonn an ‘siad’ sin iontach gairid.

Agus tarlaíonn sé fosta má bhíonn an forainm mar chuspóir ag briathar. Bhí dán ag Dubhghlas de hÍde a bhí sa tsiollabas scoile fadó, ‘An Gleann inar Tógadh Mé’ – ‘An Gleann inar Tógadh Me’. Iontach gairid, ní ‘An Gleann inar Tógadh nó rud ar bith mar sin. Agus bíonn sé mar sin i ngach aimsir chomh maith. ‘Cuirfidh me scairt ort amárach.’ Ní deir daoine, ‘Cuirfidh scairt ort amárach.’

So, sin sampla amháin ina mbíonn síneadh fada sa scríobh ach ní bhíonn sé le cluinstin sa chaint.

Siuán: Agus thiocfadh an t-alt a lua ansin fosta, nach dtiocfadh? An focal beag tábhachtach sin, ‘an’.

Antain: Gan dabht. Is sampla iontach maith sin, mar scríobhtar an ‘n’ i gcónaí sa Ghaeilge chaighdeánach ach ní i gcónaí a chluintear é. Go háirid2 idir dhá fhocal: ‘oifig a’ phoist’, ‘fear a’ tí’, ‘Léim a’ Mhadaidh’. Agus léiríonn sé sin cé chomh bunúsach is atá sé sin sa Ghaeilge, go mbíonn sé le cluinstin fiú amháin sna logainmneacha Béarla. Portaferry. Limavady. Ní deir muid, ní bhíonn ‘n’ ar bith le cluinstin ansin. So, tá sin ag dul i bhfad siar.

Agus sampla eile nár mhiste a lua, is dócha, ná ‘ag’. An focal beag sin ‘ag’ a chuirtear le hainmneacha briathartha. Agus cluin tú an ‘g’ in amanna: ‘ag urnaí’, ‘ag ól’, ‘ag éisteacht.’ Ach tá guta i dtús gach ceann de na briathra sin. Dá mbeadh an briathar ag toiseacht le consan, ní i gcónaí a chluintear an ‘g’: ‘a’ siúl ’na bhaile’, ‘a’ teacht ’na bhaile’ agus mar sin de.

Siuán: Agus, corruair, ritheann focla isteach ina chéile go díreach?

Antain: Sin é, díreach ar nós teangaidh ar bith. Sa Bhéarla, mar shampla, deir daoine rock n’ roll. Ní deir duine ar bith rock and roll, nó fish n’ chips agus rudaí mar sin. Agus tarlaíonn sin sa Ghaeilge fosta. Focla mar, cuir i gcás ‘chun an bhaile’. Sin an rud a scríobhtar, ach is é an rud a deir daoine ná ‘na bhaile’. So, tá mé ag teacht na bhaile.’ Ní deir daoine ‘tá mé ag teacht chun an bhaile’ nó rud ar bith mar sin.

Agus is fiú na rudaí beaga sin a thabhairt leat, is dóigh liom, má tá tú ag iarraidh go mbeidh sruth deas cainte leat agus go mbeidh rithim i do chuid Gaeilge. Tá difear mór idir ‘Chonaic me fear a’ tí a’ teacht na bhaile’ agus ‘Chonaic mé fear an tí ag teacht chun an bhaile.’ Rud nár dhúirt duine ar bith riamh, agus nach ndéarfaidh.

  1. truisle… Is é ‘tuisle’ an leagan caighdeánach.
  2. Go háirid… Is é ‘go háirithe’ an leagan caighdeánach.
  1. Forainmneacha
    A: Cé go mbíonn síneadh fada ar fhorainmneacha mar ‘mé’ agus ‘sé’ sa Ghaeilge scríofa, fuaimnítear gairid iad go minic sa chaint. Tarlaíonn sé sin nuair a thagann briathar rompu. *
    B: ‘Dhíol me an bille’ nó ‘lean an madadh me.’
  1. An t-alt (‘an’):
    A: Ní bhíonn sé le cluinstin, de ghnáth, idir dhá fhocal.
    B: ‘Teach a’ tsolais’ nó ‘fear a’ cheoil’.
  1. An réamhfhocal ‘ag’.
    A: Ní bhíonn sé le cluinstin roimh ainmneacha briathartha a thosaíonn le consan.
    B: ‘A’ tiomáint leoraí’ nó ‘a’ cumadh scéalta’.

* Tá comhthéacs amháin ina bhfuaimnítear an síneadh fada. Dá mbeadh daoine ag comhrá, agus dá mbeadh duine acu ag iarraidh treise a chur le freagra, b’fhéidir go mbainfeadh sé fad as an fhorainm, mar seo:

Cainteoir 1: Ní chreidim go ndéarfadh Donnchadh rud mar sin.
Cainteoir 2: Dúirt !
Cainteoir 1: Níor thug tú cuidiú ar bith domh riamh.
Cainteoir 2: Thug !