Céim Ar Aghaidh

Mír 4

An Lia Gramadaí: na briathra gluaiseachta

Agus í ag caint ar na rudaí a dhéanann sí mar chaitheamh aimsire, deir Máire Uí Cheallaigh gur maith léi ‘dul a dh’airneáil’. B’fhéidir go mbeifeá ag súil léi ‘ag dul ag airneáil’ a rá, ach is minic gur ‘a’ a bhíonn i ndiaidh briathra áirithe i nGaeilge Uladh. Cuireann sé séimhiú ar chonsain.

Thosaigh mé a phlé leis an aisteoireacht nuair a bhí mé beag.
Chuir an callán an páiste a chaoineadh orm arís!~
Chuaigh an chuideachta ar fad a mhagadh ar an chréatúr bhocht.

Má thosaíonn an t-ainm briathartha le guta, b’fhéidir go gcluinfeá ‘dh’ soiléir mar a bhí ag Máire san fhíseán. Sa Ghaeilge scríofa, is minic a fhágtar an ‘dh’ ar lár. Tá rogha agat an briathar a scríobh ar cheachtar den dá dhóigh seo.

Tháinig Peadar a dh’iarraidh iasacht airgid orm. (Tháinig Peadar a iarraidh iasacht airgid orm.)
Chuaigh siad a dh’iascaireacht scadán amach ó Thoraigh. (Chuaigh siad a iascaireacht scadán amach ó Thoraigh.)
Thosaigh sí a dh’urnaí ar a dícheall ansin. ( Thosaigh sí a urnaí ar a dícheall ansin.)

Dar ndóigh, bheadh sé iomlán ceart ‘ag’ a úsáid sna cásanna sin, más fearr leat.

Thosaigh mé ag plé leis an aisteoireacht nuair a bhí mé beag.
Tháinig Peadar ag iarraidh iasacht airgid orm.

Amharc anois ar Aodh Ó Gallchóir, an Lia Gramadaí, a thabharfaidh míniú níos iomláine duit ar a bhfuil i gceist le ‘briathra gluaiseachta’ i nGaeilge Chúige Uladh.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.

An Lia Gramadaí: na briathra gluaiseachta

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir: úsáid na mbriathra gluaiseachta i nGaeilge Uladh.

Aodh Ó Gallchóir

Tá nós sa chaint ‘a’ beag gairid a úsáid in áit ‘ag’ i samplaí mar seo: ‘thoisigh siad a chaint’ nó ‘chuaigh siad amach a shiúl.’ Cad chuige sin, nó an bhfuil an dá nós chomh fónta lena chéile?

Tréith í seo atá leitheadach go maith, go háirithe i gcanúint Uladh. Ní phléifidh mé achan chás anseo ach déanfaidh mé iarracht cibé an scéal a shoiléiriú rud beag. Ar dtús, nuair a thig ‘briathar gluaiseachta’ – déarfaidh muid ‘thoisigh sé’, ‘tháinig sí’ nó fiú ‘stad mé’ – nuair a thig briathar den chineál sin roimh an ainm briathartha, is minic a bhíonn an ‘a’ gairid sin againn in áit ‘ag’: ‘thoisigh siad a chaoineadh’, déarfaidh muid, nó ‘stad mé a chaint.’

Tugaigí faoi deara, go minic leis na samplaí sin go mbíonn rún, mian nó sprioc i gceist: ‘tháinig sé a iarraidh cuidithe’, ‘chuaigh sí amach a iarraidh airgid’ nó ‘tá mé ag dul a cheannacht carr úr’. I gcanúintí eile, leis an tsampla dheireanach sin, b’fhéidir go ndéarfadh duine, ‘tá mé chun carr nua a cheannacht’. Ach fiú i gcanúintí eile, tá an ‘a’ gairid sin le cluinstin i samplaí áirithe – déarfaidh muid, ‘ag dul a chodladh’ nó ‘ag dul a luí’, cuir i gcás.

Agus deireadh ráite, is beag locht a bheadh ag duine ar ‘chuaigh siad ag troid’1 nó ar ‘chuaigh siad a throid’, ach is deas an nósmhaireacht áirithe seo. Agus, ar a laghad, tuigfidh sibh anois cén bunús atá léi an chéad uair a chluinfidh sibh í.

  1. Chuaigh siad a throid. Is minic a úsáidtear ‘chuaigh’ sa chiall ‘thoisigh’ i nGaeilge Uladh.