Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Bain triail as

Tá píosa oibre le déanamh anois maidir le pointe gramadaí a tháinig chun cinn san agallamh le hAnna Ní Bhroin.

Dúirt Anna, ‘sa taobh tíre ina bhfuil muid anseo.’ Thiocfadh sin a rá ar bhealach eile: ‘sa taobh tíre a bhfuil muid ann.’ Tá Anna i ndiaidh an réamhfhocal ‘i’ a bhogadh go dtí tús na habairte. Tá an dá nós ceart agus is fiú máistreacht a fháil ar an dá cheann acu. Tá an struchtúr a d’úsáid Anna iontach úsáideach i gcás abairtí fada a mbeadh cuid mhór réamhfhocal i ndiaidh a chéile iontu. Seo sampla:

Dúiche Champagne in oirdheisceart na Fraince – an dúiche a dtagann an fíon súilíneach is mó a bhfuil clú agus cáil air as.

Bheadh an abairt i bhfad níos soiléire dá mbogfaí ‘as’ go dtí tús na habairte:

Dúiche Champagne in oirdheisceart na Fraince – an dúiche as a dtagann an fíon súilíneach is mó a bhfuil clú agus cáil air.

Athscríobh na habairtí 1–8 sa dóigh is go mbeidh an réamhfhocal sa chéad chuid den abairt.

  1. Seomra a raibh radharc galánta ar an Chearnóg agus ar an Ard-Eaglais uaidh.
  2. An té a dtabharfaidh mé mo theach agus mo chuid talaimh agus mo chuid airgid uilig dó.
  3. Polaiteoir ar chuir baill an pháirtí agus lucht vótála na tíre a muinín inti.
  4. Obair ar chaith sí féin agus a muintir dua agus dúthracht léi.
  5. Níl a fhios agam uimhir an tacsaí ar fhág mé mo mhála agus mo ríomhaire glúine ann.
  6. Seo an peann a ndéanadh sí a cuid sceitsí ar fad leis.
  7. Ba é sin an clár teilifíse a ndearnadh an líon is mó gearán riamh faoi.
  8. Caidé an t-ainm atá ar an chuntasóir sin a mbíonn tú ag plé leis?

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. Seomra óna raibh radharc galánta ar an Chearnóg agus ar an Ard-Eaglais.
  2. An té dá dtabharfaidh mé mo theach agus mo chuid talaimh agus mo chuid airgid uilig.
  3. Polaiteoir inar chuir baill an pháirtí agus lucht vótála na tíre a muinín.
  4. Obair lenar chaith sí féin agus a muintir dua agus dúthracht.
  5. Níl a fhios agam uimhir an tacsaí inar fhág mé mo mhála agus mo ríomhaire glúine.
  6. Seo an peann lena ndéanadh sí a cuid sceitsí ar fad.
  7. Ba é sin an clár teilifíse faoina ndearnadh an líon is mó gearán riamh.
  8. Caidé an t-ainm atá ar an chuntasóir sin lena mbíonn tú ag plé?