Céim Ar Aghaidh

Mír 10

Foinsí foghlama: www.ainm.ie

San fhíseán ‘Is Fada mo Chosa gan Bhróga’, dúirt Conor Ó Gallchóir amhrán a bhailigh Énrí Ó Muirgheasa, fear bailithe amhrán, scéalta agus seanchais. Tá ábhar againn a bheith buíoch d’Ó Muirgheasa agus do na bailitheoirí eile a bhí ag saothrú i gceantair Ghaeltachta in oirthear Uladh. Ina measc sin bhí Charlotte Brooke (1740–93), Roibeard Mac Ádhaimh (1808–95), Seosaimh Laoide (1865–1939), agus Aoidhmín Mac Gréagóir (1884–1950).

Nuair a chuir Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú rompu nótaí beathaisnéise a scríobh faoi dhaoine a bhí mór le rá i ngluaiseacht na Gaeilge, b’éigean dóibh áit a thabhairt do na bailitheoirí seo. D’fhoilsigh Breathnach agus Ní Mhurchú naoi leabhar sa tsraith Beathaisnéis idir 1986 agus 2007, leabhair atá lán eolais faoi scoláirí, scríbhneoirí agus fathaigh na hathbheochana. Tá ábhar na leabhar sin, agus iontrálacha úra lena chois, le fáil ar an tsuíomh www.ainm.ie.

 Tá píosa oibre le déanamh agat anois maidir le hobair na mbailitheoirí móra.

Cuir isteach na hainmneacha seo i mbosca cuardaigh www.ainm.ie agus léigh na cuntais ar a saol agus a saothar:

  1. Roibeard Mac Ádhaimh
  2. Aoidhmín Mac Gréagóir

I ndiaidh duit na beathaisnéisí a léamh, freagair na ceisteanna seo a leanas:

  • Ba é Robert Shipboy McAdam an t-ainm Béarla a bhí ar Roibeard. Caidé is cúis le ‘Shipboy’ a bheith ann?
  • Caidé na cuspóirí a bhí ag Cuideacht Gaedhilge Uladh?
  • Cé dó an graiméar Gaeilge a raibh baint ag Roibeard lena fhoilsiú?
  • Cén dóigh ar chuir Robert fostaíocht ar fáil do scoláirí Gaeilge?
  • Cá háit a bhfuil uaigh Roibeaird Mhic Ádhaimh?
  • Toghadh Aoidhmín Mac Gréagóir ar Choiste Cathrach Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1900. Caidé a bhí neamhghnách faoi sin?
  • Cén t-eolas atá againn faoi shaol oibre Aoidhmín?
  • MacMillan an sloinneadh Béarla a bhí air – cad chuige ar roghnaigh sé ‘Mac Gréagóir’ mar leagan Gaeilge?
  • Caidé mar a léirigh Aoidhmín an tsuim a bhí aige i gcultúr Ghaeil na hAlban?
  • Cá háit a bhfuil uaigh Aoidhmín Mhic Gréagóir?

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  • Ba é Robert Shipboy McAdam an t-ainm Béarla a bhí ar Roibeard. Caidé is cúis le ‘Shipboy’ a bheith ann?
    Shipbuoy an sloinneadh a bhí ar a mháthair.
  • Caidé na cuspóirí a bhí ag Cuideacht Gaedhilge Uladh?
    Lámhscríbhinní a bhailiú, múinteoirí Gaeilge a sholáthar agus leabhair Ghaeilge a fhoilsiú. Bhí na gnéithe sin lárnach i gcuid oibre Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1893, trí bliana is seasca i ndiaidh bhunú Chuideacht Gaedhilge Uladh.
  • Cé dó an graiméar Gaeilge a raibh baint ag Roibeard lena fhoilsiú?
    Do dhaltaí a bhí ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa Royal Belfast Academical Institution, nó ‘Inst’ mar is fearr aithne air.
  • Cén dóigh ar chuir Robert fostaíocht ar fáil do scoláirí Gaeilge?
    D’fhostaigh sé leithéidí Aodha Mhic Dhomhnaill le bheith ag obair ar thionscadail Ghaeilge, mar shampla foclóir a chur le chéile nó lámhscríbhinní a bhailiú.
  • Cá háit a bhfuil uaigh Roibeaird Mhic Ádhaimh?
    I gCnoc Bhríde (Knockbreda), Béal Feirste.
  • Toghadh Aoidhmín Mac Gréagóir ar Choiste Cathrach Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1900. Caidé a bhí neamhghnách faoi sin?
    Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois san am.
  • Cén t-eolas atá againn faoi shaol oibre Aoidhmín?
    Is cosúil nach raibh post aige riamh. Mhair sé ar an airgead a fuair sé le huacht óna mhuintir. Ba é a scríobh sé ar an fhoirm dhaonáirimh gur ‘duine uasal gan chéard’ a bhí ann, is é sin ‘gan cheird.’
  • MacMillan an sloinneadh Béarla a bhí air – cad chuige ar roghnaigh sé ‘Mac Gréagóir’ mar leagan Gaeilge?
    Ní fios dúinn go díreach ach tharla go raibh suim mhór aige i nGaeilge na hAlban. Bhí an chanúint sin ar a thoil aige chomh maith le Gaeilge na hÉireann.
  • Caidé mar a léirigh Aoidhmín an tsuim a bhí aige i gcultúr Ghaeil na hAlban?
    Sheinneadh sé ar an phíb mhór agus chaitheadh sé an filleadh beag.
  • Cá háit a bhfuil uaigh Aoidhmín Mhic Gréagóir?
    I nDún Dónaill, Béal Feirste.