Focal ar fhocal
Ar ball beag, beidh tú ag amharc ar fhíseán ina gcuireann Anna Ní Bhroin agus Máire Uí Cheallaigh síos ar na rudaí a dhéanann siad mar chaitheamh aimsire.
Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, bain triail as an chleachtadh thíos.
- Léigh na focail agus na frásaí Béarla sa liosta thíos.
- Caidé mar a déarfá féin na rudaí sin i nGaeilge?
- Má tá ceann ar bith ann nach dtig leat a aistriú go Gaeilge, cuardaigh i bhfoclóir Béarla–Gaeilge é.
- Scríobh amach do leaganacha Gaeilge féin.
- Amharc ar an fhíseán ansin agus bí ag éisteacht fá choinne leaganacha Gaeilge na bhfocal agus na bhfrásaí. Scríobh síos iad.
- An raibh tú féin agus na cainteoirí ar aon fhocal? Ná bí buartha mura raibh – tá neart bealaí ann leis na rudaí céanna a rá i nGaeilge.
- soil, earth
- putting things together, assembling things
- watering plants
- growing up
- I go to classes
- recently
- house-visiting, an evening’s company
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Am saor
Anna Ní Bhroin & Máire Uí Cheallaigh ag cur síos ar na rudaí a dhéanann siad ina gcuid am saor.
Anna Ní Bhroin
Well, is dóiche,1 nuair a thagann sé go dtí caitheamh aimsire de, gur… nuair a bhí na páistí beag bídeach, an caitheamh aimsire is mó a raibh am agam dó ná caitheamh aimsire a dtiocfadh liom na páistí a bheith rannpháirteach ann fosta.
Agus thoisigh mé féin agus iad féin a gharradóireacht2 agus bíonn muid ag garradóireacht agus cuireann muid an-stró orainn féin ag tús na bliana, ag bailiú síolta agus ag réitiú3 créafóige agus ag bailiú boscaí4 agus rudaí agus ag cur rudaí i gceann a chéile. Agus bíonn cúpla seachtain de sin déanta againn… Ach, go minic, dhéanfá dearmad ansin nuair a thagann laethanta an tsamhraidh agus bíonn an ghrian ag soilsiú agus bíonn fonn orainn a bheith ar an tráigh.
Agus bíonn muid ag déanamh, bíonn muid… bíonn cineál, bíonn stró orainn agus bíonn drogall orainn ansin go gcaithfimid a bheith ag cur uisce ar phlandaí agus a leithéid. Agus ansin, sa taobh tíre ina bhfuil muid anseo, i dTír Chonaill, bíonn sé dúshlánach go maith a bheith ag garradóireacht. Bíonn muid ag troid le cúrsaí aimsire agus le cúrsaí gaoithe agus seo uilig go léir. Ach is deas an rud é a bheith ábalta am a chaitheamh amuigh faoin aer agus a bheith ag garradóireacht.
Ansin nuair a bhíonn am agam domh féin, is maith liom am a chaitheamh liom féin. Rinne mé, you know, chaith mé am liom féin agus mé ag fás aníos, agus bíonn sé deas am a chur sa chlár ama anois le ham a chaitheamh liom féin. Agus nuair a bhíonn na páistí gafa le rudaí eile, bíonn sé deas imeacht ar siúl agus am a chaitheamh, b’fhéidir, ag éisteacht le radio agus, nuair a fhaighim deis, b’fhéidir, amharc ar chláracha teilifíse agus a leithéid. Ach bíonn an t-am teoranta.
- …is dóiche… Is é ‘is dócha’ an leagan caighdeánach.
- …ag garradóireacht… Is é ‘garraíodóireacht’ an leagan caighdeánach.
- …ag réitiú créafóige… Is é ‘ag réiteach’ an leagan caighdeánach.
- …ag bailiú boscaí… Dar ndóigh, ní ‘bosca’ a deirtear i nGaeilge Uladh, ach ‘bocsa’.
Máire Uí Cheallaigh
Tá, creidim,1 bím gnoitheach cuid mhór den am, cinnte, agus corram, níl a fhios agam cén dóigh a mbím gnoitheach ach, cá bith.2 Glacaim páirt, b’fhéidir, ag dul a fhad le ranganna3 agus rud mar sin. Agus téim a fhad4 le ranganna damhsa, b’fhéidir. Bhí rang ansin i Leitir Ceanainn ar na moillibh5 ag na hoifigigh Ghaeilge sa Chomhairle Contae, Seán Ó Daimhín agus Róisín Nic Laifeartaigh. Rith siad cúig rang damhsa i Leitir Ceanainn agus bhí siad reáchtáilte trí mheán na Gaeilge. Agus bhain muid sult mór as agus bhí craic mhaith ann. Agus chuaigh muid ann achan oíche agus caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as.
Téim a fhad chomh maith le Comhaltas Ceoltóirí i Leitir Ceanainn. Bíonn seisiún acu achan… ceol amháin a bhíonn leis sin – ní bhíonn uirlisí ceoil ann. Téim a fhad leis sin achan trí mhí. Agus chomh maith leis sin, téim a fhad le hoícheannaí6 Gaelacha i gClochbhuaile agus nuair a bhíonn ceann i mBaile na Finne. Agus corroíche téim síos go Gleann Fhinne, bíonn ceann thíos ansin fosta.
Agus bainim sult as na rudaí sin agus sin an dóigh a gcuirim thart am ar bith a bhíonn agam agus, b’fhéidir, ag dul a fhad le tithe corruair, a dh’airneáil7 fosta. Níl deireadh leis sin go fóill. Téann muid a fhad le corrcheann acu sin fosta.
- Tá, creidim… Is minic a deir daoine ‘tá’ i dtús abairte, ní mar fhreagra ar cheist ach díreach le seans a thabhairt dóibh féin smaoineamh faoin mhéid atá siad ag dul a rá. Ar bhealach, tá sé cosúil le yeah sa Bhéarla.
- …cá bith… Úsáidtear ‘cá bith’ i gcanúint Uladh san áit a mbeadh ‘cibé’ i gcanúintí eile.
- …ranganna… Is é ‘rangannaí’ a deir Máire. Is gnách fuaim ‘í’ a chur i ndeireadh focail a chríochnaíonn le –nna, mar shampla ‘míonna(í)’, ‘
- Téim a fhad le… Ní chluintear an ‘a’. Fuaimnítear an frása amhail is gur ‘Téim ’fhad le’ a bheadh ann.
- … ar na moillibh… Is é ‘ar na mallaibh’ an leagan caighdeánach.
- …oícheannaí… Is é ‘oícheanta’ an leagan caighdeánach.
- … a dh’airneáil… Mínítear an ‘dh’ i dtús an bhriathair i mír 4 san aonad seo.
- Is iomaí focal sa Ghaeilge a chuireann an smaoineamh seo in iúl, mar shampla ‘cré’, ‘ithir’ agus ‘úir’. Is é a deir Anna, ‘créafóg’.
- ‘Ag cur rudaí i gceann a chéile’.
- ‘Ag cur uisce ar phlandaí’.
- Is é a deir Anna, ‘ag fás aníos.’ Nuair a úsáidtear an focal ‘aníos’, bíonn gluaiseacht ó phointe íseal i gceist, mar shampla: ‘Tharraing sé buicéad uisce aníos as an tobar.’ Ní hé go bhfuil ‘ag fás suas’ mícheart, ach is deas an leagan é ‘ag fás aníos.’
- ‘Téim a fhad le ranganna’ a deir Máire. Dar ndóigh, bheadh ‘téim chuig’ nó ‘téim go dtí ranganna’ ceart fosta.
- ‘Ar na moillibh’ a deir Máire. Is é ‘ar na mallaibh’ an leagan caighdeánach.
- ‘Airneáil’ a deirtear ar fud Chúige Uladh. Is é ‘airneán’ an leagan caighdeánach. Ba ghnách le cainteoirí Gaeilge in oirthear Uladh ‘céilí’ a úsáid ar an dóigh chéanna – focal a mhaireann sa Bhéarla féin.