Céim Ar Aghaidh

Mír 9

I ngleic leis an ghramadach: cleachtadh

Chífidh muid anois an dtig leat rialacha ‘bata fear siúil’ a chur i bhfeidhm.

  • Cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.
  • Úsáid foclóirí Béarla–Gaeilge le teacht ar fhocal ar bith nach bhfuil ar eolas agat.
  1. I’d like a weekend break in Paris.
  2. I won a table tennis competition.
  3. The rural population is still falling, according (de réir) to a new report.
  4. It’s good to relax after (i ndiaidh) a long day’s work.
  5. I signed up for (fá choinne) a computer class.
  6. The band was playing a slow air.
  7. Get me a brown bread sandwich.
  8. The money was found behind (ar chúl) a school building.
  9. I had a flat above (os cionn) a driving school.
  10. She’s a local history expert.

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Is aistriúcháin shamplacha iad seo. Thiocfadh le haistriúcháin eile a bheith ceart.

  1. Ba bhreá liom sos deireadh seachtaine i bPáras.
  2. Bhain mé comórtas leadóg tábla.
  3. Tá daonra na tuaithe ag titim i gcónaí, de réir tuairisc úr.
  4. Is maith an rud do scíste a dhéanamh i ndiaidh fada oibre.
  5. Chláraigh mé fá choinne rang ríomhaireachta.
  6. Bhí an banna ceoil ag bualadh fonn mall.
  7. Faigh ceapaire arán donn domhsa.
  8. Fuarthas an t-airgead ar chúl foirgneamh scoile.
  9. Bhí árasán agam os cionn scoil tiomána.
  10. Is saineolaí stair áitiúil í.