Cúinne na héigse
Is léachtóir ollscoile í Caitlín Nic Íomhair a bhíonn ag múineadh na litríochta ar chúrsaí tríú leibhéal. Chaith sí seal ina bainisteoir ar shiopa leabhar Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath fosta. Ní miste a rá, mar sin, go bhfuil tuigbheáil aici ar chúrsaí scríbhneoireachta agus ar nósanna léitheoireachta phobal na Gaeilge.
Léigh na ceisteanna thíos agus bí ag smaoineamh orthu agus tú ag amharc ar an fhíseán Leabhair agus Litríocht.
1. Caidé an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Chaitlín:
agus í ag obair sa tsiopa leabhar
agus í ag teagasc mic léinn ollscoile?
2. Cad chuige a luann sí na húrscéalta grinn sa tsraith Ross O’Carroll Kelly?
3. Caidé an t-údar mórtais atá againn ó thaobh na litríochta de, dar léi?
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Leabhair agus litríocht
Caitlín Nic Íomhair ag caint ar a taithí mar bhainisteoir ar shiopa leabhar Gaeilge.
Caitlín Nic Íomhair
An rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ormsa nó, tá an, an-tóir ar phíosaí ealaíne sa teanga. So, rudaí ar nós cártaí, wrapping paper, Bábóg Baby – b’fhéidir nach ealaín é sin. Ceol. Is iomaí rud, cineál ‘earra’ gur féidir a cheannacht a bhfuil Gaeilge air agus taitníonn sin go mór le daoine. Ach tá drogall ar go leor leor daoine a bheith ag léamh sa teanga.
Tuigim sin ó thaobh muinín i do chuid líofachta agus scileanna foclóra agus rudaí mar sin agus sin an rud a chuaigh i bhfeidhm ormsa mar mhúinteoir, nár nós le mo chuid mic léinn – mo chuid mac léinn – a bheith ag léamh. Agus rinne mé an-iarracht sin a athrú. Ach tá gá le…tá obair mhór le déanamh chun daoine atá timpeall ar m’aois-se, agus níos óige, a mhisniú chun a bheith ag léamh. Agus níl an spreagadh… ní leor díreach a rá, ‘Ba cheart duit a bheith ag léamh i do theanga féin.’ Níor cheart gur dualgas a bheadh ann. Mura bhfaigheann siad léargas ar thábhacht na léitheoireachta daofa féin agus ar thábhacht na léitheoireachta don údar – mar tá siad ag iarraidh go gcluinfí an rud atá le rá acu. Ach ní amháin sin: mura dtuigeann siad an saibhreas, mura dtuigeann siad an caighdeán, ní bheidh siad spreagtha.
So, daoine, léann siad rudaí ar nós Ross O’Carroll Kelly, rudaí atá saghas éadrom agus greannmhar. Tuigim sin, tuigim scíthléitheoireacht – agus tá fadhb againn le heaspa scíthléitheoireachta – ach ba mhaith liomsa, b’fhéidir, iad a chur ag smaoineamh níos mó ar an traidisiún, gur, go bhfuil muid ag caint ar, is ar éigean atá céad bliain – bhuel, abraimis go bhfuil céad bliain caite de litríocht bheo na teanga: scríofa, litríocht ‘oifigiúil’ i bhfoirm leabhair. Agus roimhe sin, go raibh muid beagnach marbh mar thraidisiún.
Má thuigeann tú sin, agus chomh radacach a bhí an athbheochan liteartha agus chomh maith is a d’éirigh linn, taobh istigh de chéad bliain, litríocht mhaith a bhunú. Tá sé dochreidte. Agus dá dtuigfí sin, is údar mórtais atá ann. Ach ní dóigh liom go bhfuil an teachtaireacht sin á scaoileadh. Agus is mór an trua é mar is bua de chuid na Gaeilge é agus is bua de chuid na nGael é agus ba cheart go mbeadh muid uilig iontach misniúil faoi sin.
- Is iad seo na rudaí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Chaitlín:
- Gur ceol, saothar ealaíne nó earraí a bhfuil Gaeilge scríofa orthu is mó a cheannaíonn custaiméirí. Bíonn leisce orthu tabhairt faoi ábhar léitheoireachta.
- Ní bhíonn na mic léinn ag léamh.
- Sampla den ‘scíthléitheoireacht’ atá ann, ábhar léitheoireachta éadrom a léitear mar chaitheamh aimsire.
- Deir Caitlín gur cheart do phobal na Gaeilge a bheith bródúil as a bhfuil curtha i gcrích ag scríbhneoirí Gaeilge sa tréimhse céad bliain ó thosaigh athbheochan na litríochta. Bhí an traidisiún liteartha marbh an t-am sin.