Céim Ar Aghaidh

Mír 10

I ngleic leis an ghramadach: bata fear siúil

Is riail iontach úsáideach atá in ‘bata fear siúil’ a chuidíonn le scríbhneoirí déileáil le sraitheanna ainmfhocal i dtéarmaí mar ‘bainisteoir comhar creidmheasa’ nó ‘saineolaí athrú aeráide’. Bíodh sin mar atá, is fearr in amanna réamhfhocail a úsáid sa dóigh is nach gcaitear ainmfhocail i mullach a chéile mar sin. Thig leat a rá, mar shampla, go bhfuil duine ina bhainisteoir ar chomhar creidmheasa nó go bhfuil saineolas ag an duine maidir le hathrú aeráide.

Is san uimhir uatha a bhí na samplaí uilig a bhí againn go seo de ‘bata fear siúil’. Tá an prionsabal céanna ann i gcás aonaid bhrí éiginnte san uimhir iolra, is é sin fágtar na focail sa tuiseal ainmneach:

  • cumainn charthanachta + ceannairí = ceannairí cumainn charthanachta
  • gutháin phóca + fá choinne = fá choinne gutháin phóca
  • srutháin bheaga + trasna = trasna srutháin bheaga

D’fhéadfadh míthuiscint a bheith ann i gcás samplaí mar sin. An té a léifeadh ‘fá choinne gutháin phóca’ b’fhéidir go sílfeadh sé gur for a mobile phone atá ann agus go ndearna ‘guthán’ a infhilleadh de réir na seanrialacha. Ach bíonn an bhrí soiléir ón chomhthéacs, de ghnáth.