Céim Ar Aghaidh

Mír 9

I ngleic leis an ghramadach: cleachtaí

Tá trí thasc le déanamh agat leis an chlásal choibhneasta indíreach a chleachtadh.

Tasc A: díreach nó indíreach?

Éist leis na habairtí 1–8 ar Comhad fuaime 3, atá le fáil ag bun an leathanaigh seo. Cé acu coibhneas díreach nó coibhneas indíreach atá i gceist in achan cheann acu, dar leat? Más coibhneas indíreach atá ann, caidé an chúis atá leis?

Tasc B: cruthaigh ceangal

Cuir ceangal coibhneasta idir na habairtí mar atá déanta sa tsampla:

Sampla: Bhí comhlacht beag acu.      D’éirigh go hiontach maith leis.
Bhí comhlacht beag acu ar éirigh go hiontach maith leis.

  1. Níl trua ar bith agam do dhaoine. Níor ghlac siad le comhairle.
  2. Tá mé iontach tógtha leis an scannán. Chonaic mé aréir é.
  3. Cá bhfuil an litir úd? Rinne mé cóip di inné.
  4. Is iomaí léitheoir. Chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm air.
  5. Ná habair sin le bean. Tá a croí istigh sa chathair.
  6. An bhfuil aithne agat ar an fhear sin? Bhí a dheartháir sa rang chéanna liom.
  7. D’inis siad scéal domh. Níor chreid mé focal de.
  8. Caidé an t-ainm atá ar an aisteoir sin? Bronnadh Oscar uirthi anuraidh.
  9. Is beag Éireannach. Níor chuala sé trácht ar Cholm Cille.
  10. Mo thrua an t-imreoir bocht. Bhuail an bál é.

Tasc C: sainmhínithe

Cuir i gcás go bhfuil foclóir á scríobh agat. Caithfidh tú na focail uilig a mhíniú go soiléir, mar atá déanta sna samplaí thíos as An Foclóir Beag:

  • cat: ainmhítí a choinnítear mar pheata agus a mharaíonn lucha agus francaigh
  • bóthar: bealach réidh crua a ngluaiseann feithiclí air ó áit go háit

Anois, scríobh féin sainmhíniú ar na focail 1–8. Bíodh aird agat ar an chlásal choibhneasta in achan sainmhíniú.

  1. féar
  2. feoilséantóir
  3. milliúnaí
  4. lánúin
  5. bleachtaire
  6. aerfort
  7. mála láimhe
  8. cara

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

Aonad 2 Comhad Fuaime 3

Tasc A: díreach nó indíreach?

  1. Tá albam úr eisithe ag ceoltóirí i gcathair Dhoire a bhfuil sé de chuspóir acu airgead a bhailiú do dhaoine gan dídean.
    Coibhneas indíreach atá i gceist anseo. Tá an forainm réamhfhoclach ‘acu’ ag tagairt siar don ainmní ‘ceoltóirí’.
  2. Tá amhráin nuachumtha ar an albam, chomh maith le cúpla seanchlasaic a bhfuarthas cead iad a thaifeadadh.
    Coibhneas indíreach atá anseo. Tá an forainm ‘iad’ ina chuspóir ag an bhriathar ‘taifead’.
  3. Ina measc sin tá leagan úr den amhrán, ‘The Streets of London’, a chualathas den chéad uair ar an chlár Celtic Connections ar TG4.
    Coibhneas díreach.
  4. Rachaidh cibé méid airgid a ghnóthóidh an t-albam chun sochair d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine gan dídean.
    Coibhneas díreach.
  5. Is cosúil go gcaithfear an t-airgead ar ionad lóistín éigeandála nár críochnaíodh riamh, de bharr easpa airgid.
    Coibhneas díreach.
  6. Tá sé i gceist fosta ceolchoirm a reáchtáil a mbeidh ceoltóirí mór le rá páirteach inti.
    Coibhneas indíreach. Tá an forainm réamhfhoclach ‘inti’ ag tagairt siar do ‘ceolchoirm’.
  7. Táthar ag iarraidh ar dhaoine ar mian leo cuidiú leis an obair ullmhúcháin dul i dteagmháil le hoifig ealaíon na Comhairle.
    Coibhneas indíreach. Tá an forainm réamhfhoclach ‘leo’ ag tagairt siar do ‘daoine’.
  8. Is cinnte go bhfuil ardmholadh ag gabháil d’achan duine a ghlac páirt san obair go dtí seo.
    Coibhneas díreach.

Tasc B: cruthaigh ceangal

  1. Níl trua ar bith agam do dhaoine nár ghlac le comhairle.
  2. Tá mé iontach tógtha leis an scannán a chonaic mé aréir.
  3. Cá bhfuil an litir úd a ndearna mé cóip di inné?
  4. Is iomaí léitheoir a ndeachaigh an leabhar sin i bhfeidhm air.
  5. Ná habair sin le bean a bhfuil a croí istigh sa chathair.
  6. An bhfuil aithne agat ar an fhear sin a raibh a dheartháir sa rang chéanna liom?
  7. D’inis siad scéal domh nár chreid mé focal de.
  8. Caidé an t-ainm atá ar an aisteoir sin ar bronnadh Oscar uirthi anuraidh?
  9. Is beag Éireannach nár chuala trácht ar Cholm Cille.
  10. Mo thrua an t-imreoir bocht ar bhuail an bál é.

Tasc C: sainmhínithe

Seo mar a shainmhínítear na focail in An Foclóir Beag.

  1. féar: an fás glas a chlúdaíonn goirt agus páirceanna agus a n-itheann ainmhithe é
  2. feoilséantóir: duine a dhiúltaíonn d'fheoil agus a itheann glasraí etc.
  3. milliúnaí: duine a bhfuil milliún airgid aige
  4. lánúin: beirt atá pósta nó geallta
  5. bleachtaire: duine a thóraíonn coirpigh 
  6. aerfort: áit a dtuirlingíonn agus a n-éiríonn eitleáin tráchtála
  7. mála láimhe: mála a n-iompraíonn bean a sparán agus giuirléidí eile ann
  8. cara: duine a bhfuil aithne agus cion agat air, duine muinteartha, duine atá mór leat agus tú mór leis