Céim Ar Aghaidh

Mír 7

Foinsí foghlama: treoir foghraíochta ar líne

Ar tharla a leithéid seo duit riamh? Tá leabhar nó iris Ghaeilge á léamh agat agus tig tú ar fhocal nó ar chor cainte deas ba mhaith leat a úsáid i do chuid Gaeilge féin. Ach níl tú cinnte caidé mar a fhuaimnítear é. Nó b’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh tuilleadh samplaí a chluinstin d’fhuaim faoi leith atá á cleachtadh agat. Tá cuidiú le fáil ar líne sa dá chás.

Tá comhaid fuaime curtha le cuid mhór de na hiontrálacha san fhoclóir úr Béarla–Gaeilge ar www.focloir.ie. Rinneadh na mílte focal a thaifeadadh in achan cheann de na mórchanúintí: Cúige Chonnacht (C), Cúige Mumhan (M) agus Cúige Uladh (U). Is mór an cuidiú atá ann i gcás focail fhada nó i gcás focail a litrítear agus a fhuaimnítear go mícheart go minic, macasamhail ‘foclóir’ (folklore) nó ‘dúshlán’ (dooshlawn).

Áis iontach eile atá sa tsintéiseoir Gaeilge ar www.abair.ie. Ní bhíonn le déanamh ach téacs a scríobh isteach sa bhosca (uasmhéid 2,000 focal) agus cliceáil ar an chnaipe ‘Déan sintéis’. Cluinfidh tú an téacs ansin i gceann ar bith de na canúintí seo: Gaoth Dobhair, Conamara nó Corca Dhuibhne. Thig leat luas na cainte a shocrú fosta (ó ‘fíormhall’ go dtí ‘ardluas’), comhad fuaime a dhéanamh den téacs agus é a íoslódáil.