Céim Ar Aghaidh

Mír 6

Bain triail as

Amharc anois ar an fhíseán Na Baill Urlabhra.

Mhínigh Antain caidé mar a dhéantar na fuaimeanna t leathan agus t caol. Seo achoimre ar an mhéid a dúirt sé:

Cuirtear tosach na teanga i gcoinne chúl na bhfiacla uachtaracha, rud a stopann an sruth aeir. Nuair a bhogtar an teanga, imíonn an t-aer agus déantar an fhuaim.

t leathan na Gaeilge níos láidre ná mar a bhíonn t i bhfocail Bhéarla. Ní hionann ‘tar’ na Gaeilge agus tar an Bhéarla, mar shampla.

Bíonn sé fíorthábhachtach an difear idir t leathan agus t caol a thabhairt slán, mar is minic a bhíonn ciall na bhfocal ag brath air. Ní hionann traein agus tréan, mar shampla, ná cat agus cait.

Is mar seo a dhéantar t caol.

Buailtear tosach na teanga i gcoinne an ailbheolais le fuaim t caol a dhéanamh.

Déan do dhícheall gan fuaim ch a dhéanamh, mar a bhíonn i bhfocail Bhéarla ar nós churchchapel. Ní hionann ‘tír’ na Gaeilge agus cheer an Bhéarla.

Tá sé in am duit féin anois na fuaimeanna t leathan agus t caol a chleachtadh.

  • Ar Comhad fuaime 2, cluinfidh tú sraith focal á léamh amach.
  • Cluinfidh tú achan fhocal dhá uair, agus spás eatarthu le go mbeidh seans agat féin an focal a rá.
  • Déan do dhícheall na fuaimeanna t leathan agus t caol a rá mar is ceart.
  • Tá cúpla abairt ann fosta, le go mbeidh seans agat na fuaimeanna a chleachtadh i gcomhthéacs.

Tá scripteanna an fhíseáin agus an chomhaid fuaime le fáil in Scripteanna.

Na baill urlabhra

Antain Mac Lochlainn ag cur síos ar na baill urlabhra, na páirteanna den bhéal a úsáidtear le fuaimeanna faoi leith a dhéanamh.

Aonad 2 Comhad Fuaime 2

Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn

Siuán: A Antain, ‘na baill urlabhra’. Caidé go díreach atá i gceist leis sin?

Antain: ‘Na baill urlabhra’ – sin na páirteanna den bhéal a úsáidtear le fuaim faoi leith a dhéanamh. Agus ní chaithfidh tú dul chuig rang Gaeilge le fios a bheith agat go bhfuil ‘na liopaí’ ann, nó ‘na beola’ nó ‘na liobracha’ nó cibé ainm a bheadh agat orthu.

Ar an taobh istigh den bhéal ansin, tá na fiacla – na fiacla uachtaracha agus íochtaracha. Agus tá an teangaidh ann, dar ndóigh. Agus thig leat do theangaidh a úsáid le cineál camchuairt a thabhairt thart ar do bhéal féin. Má chuireann tú barr do theanga1 taobh thiar de na fiacla in uachtar, ba cheart go mbeifeá ábalta rud a mhothú ansin – tá sé cosúil le droim bheag ansin, ag gobadh amach. Agus is é an t-ainm a thugtar air sin, ‘an t-ailbheolas’. Agus ní chaithfidh tú cuimhneamh ar an ainm sin ach fios a bheith agat go bhfuil sé ann agus go mbaintear úsáid as.

Má leanann tú ort níos faide siar ansin, tiocfaidh tú chomh fada leis ‘an charball’. Agus is é an t-ainm a thugann lucht an Bhéarla air sin ná the hard palate. Agus is ainm iontach fóirsteanach atá ann, mar seort2 pláta atá ann agus tá sé cruaidh.3

Agus má leanann tú ort níos faide siar, tiocfaidh tú a fhad leis ‘an choguas.’ Agus is é an rud atá ansin, an t-ainm a thugtar air sin sa Bhéarla, the soft palate. Agus sin iad, i ndáiríre, sin iad na baill urlabhra.

Siuán: Agus ar mhiste leat sampla a thabhairt dúinn den dóigh a mbaintear úsáid astu le fuaim faoi leith a dhéanamh?

Antain: Is é, ba cheart é a léiriú le sampla. Agus, you know, is minic a deir siad ar an teilifís, ‘ná bain triail as seo sa bhaile’ ach ba mhaith liom daoine triail a bhaint as seo sa bhaile, le go mbeidh a fhios acu féin… Ba cheart, má deir tú na rudaí seo mar is ceart, ba chóir go mbeadh siad le mothú agat, istigh i do bhéal féin.

Tá an dá t sa Ghaeilge. Tá an t leathan agus an t caol: ‘Tabhair tae don té a bhfuil tart air’, cuir i gcás. Agus níl difear4 ar bith idir an dá fhocal sin – ‘tae’ agus ‘té’ – ach go bhfuil ceann acu leathan agus ceann acu caol.

An dóigh a ndéantar an ceann leathan, cuireann tú tosach na teanga i gcoinne chúl na bhfiacla in uachtar (déanann sé an fhuaim trí huaire). Fuaim… bain triail as, má tá tú á choimhéad5 seo sa bhaile (déanann sé an fhuaim arís). Fuaim réasúnta láidir atá ann: ‘tá, tá, tá’ a deirtear sa Ghaeilge.

An ceann caol ansin – bíonn tosach na teanga, buaileann sin i gcoinne an ailbheolais, an droim bheag sin a raibh mé ag caint uirthi. (Déanann sé an fhuaim trí huaire) Agus, cuir i gcás, bheadh abairt ann ar nós ‘teach te teolaí’. Agus is mar sin a dhéantar an fhuaim sin.

Agus, is dóigh liom, an tábhacht a bhaineann leis seo, bíonn daoine, corruair, bíonn siad cineál, buartha nach bhfuil siad in ann na fuaimeanna seo a thabhairt leo. Ach má bhíonn an leagan amach ceart ar na baill urlabhra, má bhíonn an teangaidh san áit cheart – má leanann tú na treoracha, mar a déarfá – tiocfaidh na fuaimeanna seo leat agus beidh tú in ann fuaim ar bith dá bhfuil sa Ghaeilge a ráit go soiléir.

  1. barr do theanga… Is é a deir Antain ‘barr do theangaidh’ ach is sa tuiseal ainmneach a deirtear ‘teangaidh’ de ghnáth. Is cirte ‘barr do theanga’ a rá.
  2. seort pláta… Is é ‘sórt’ an litriú caighdeánach.
  3. tá sé cruaidh. Is é ‘crua’ an leagan caighdeánach.
  4. difear… I gCúige Uladh, fuaimnítear an focal mar ‘duifear’. ‘D’ leathan a bhíonn i dtús an fhocail, seachas ‘d’ caol.
  5. coimhéad… I gCúige Uladh, fuaimnítear an focal seo mar ‘coimheád’. Focal thar a bheith coitianta atá ann. Úsáidtear é sa chiall ‘amharc ar, féach ar’ agus sa chiall ‘tabhair aire’, ‘bí cúramach’ mar shampla ‘Bhí mé ag coimhéad an chluiche’ agus ‘Coimhéad nach dtitfidh tú.’

Comhad fuaime 2

  1. tar
  2. tabhair
  3. tamall
  4. trá
  5. talamh
  6. tír
  7. teilifís
  8. áit
  9. cinnte
  10. tirim
  11. Bhí an t-uisce truaillithe tamall fada i ndiaidh na taisme.
  12. Deir Treasa go mbíonn teas millteanach sna tíortha sin.