Céim Ar Aghaidh

Mír 4

An Lia Gramadaí

Amharc anois ar an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir, agus cruacheist ghramadaí á plé aige: cé acu atá ceart, 'Cumann Lúthchleas Gael' nó 'An Cumann Lúthchleas Gael'?

I ndiaidh duit an físeán a choimhéad, éist le Comhad fuaime 1. Cluinfidh tú ocht n-abairt á léamh amach. Cluinfidh tú achan abairt dhá uair. Seo an méid atá le déanamh agatsa.

  • Scríobh amach an abairt díreach mar a chluin tú í.
  • Nuair a bheas na habairtí uilig scríofa amach agat, léigh go cúramach iad: an bhfuil siad ceart nó mícheart, dar leat?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

An Lia Gramadaí: An Cumann Lúthchleas Gael nó Cumann Lúthchleas Gael?

Cruacheist ghramadaí á plé ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cé acu atá ceart 'Cumann Lúthchleas Gael' nó 'An Cumann Lúthchleas Gael'?

Aonad 2 Comhad Fuaime 1

Aodh Ó Gallchóir

B’fhéidir gur chuala sibh trácht roimhe seo ar ainmfhocail chinnte agus ainmfhocail éiginnte. Níl sé seo róchasta i ndáiríre.

Is ionann ‘doras’ agus a door. Sa chás sin, níl muid ag trácht ar dhoras faoi leith. Tá an sampla sin éiginnte. Ach má deir muid the door, my door, Mary’s doordoor number 3, tá sé soiléir ansin go bhfuil muid ag trácht ar dhoras faoi leith in achan sampla. Tá na samplaí sin cinnte, mar sin.

Deir muid go bhfuil ainmfhocail cinnte má bhíonn an t-alt roimhe. Deir muid ‘an coláiste’ nó ‘an mhí’ in áit ‘coláiste’ nó ‘mí’ go díreach.

Deir muid fosta go bhfuil an focal ‘deartháir’ cinnte sa sampla ‘mo dheartháir’, ó tharla go bhfuil sé ag trácht ar dheartháir faoi leith ansin. Tá an rud céanna fíor le hainmneacha dílse, ainmneacha míonna, uimhreacha agus a leithéidí. Is ainmfhocail chinnte iad seo, mar sin: ‘an coláiste’, ‘Pádraig’, ‘seomra a trí’, ‘Lúnasa.’

Nuair a bhíonn aonad brí cinnte againn – ‘cathair Chorcaí’, ‘teach Sheáin’, ‘fear an phoist’, ‘Fleadh Cheoil na hÉireann’ – bhuel, nuair a bhíonn samplaí mar sin againn, aonaid bhrí chinnte, mar a dúirt mé, níl sé ceart sna cásanna sin ‘an’, is é sin an t-alt, a chur rompu,1 cé go mbeadh sin againn sa Bhéarla, b’fhéidir, sna cásanna céanna.

Tá sé mícheart, mar sin, ‘an chathair Chorcaí’ a ráit. Is é ‘cathair Chorcaí’ an leagan ceart. Ar an dóigh chéanna, ní déarfadh duine ‘an fear an phoist’ nó ‘an teach Sheáin’ ach ‘fear an phoist’ agus ‘teach Sheáin’ go díreach.

Agus ansin, an sampla eile sin a bhí agam, ní déarfadh duine ‘An Fhleadh Cheoil na hÉireann’, ach ‘Fleadh Cheoil na hÉireann’ go díreach. Is ionann ‘an fear an phoist’ agus the the postman a ráit i ndáiríre.

Sampla eile atá coitianta go leor, a bhíonn le cluinstin agus le feiceáil go minic ná ‘An Cumann Lúthchleas Gael’. Anois, ainm dílis é sin, rud a fhágann gur aonad brí cinnte é. Mar sin, níor cheart go mbeadh an t-alt roimhe. Is é ‘Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael’ an leagan ceart, mar sin, ní ‘Uachtarán an Chumainn Lúthchleas Gael.’

  1. a chur rompu… Is é a deir Aodh, ‘a chur rófa’. Is minic a úsáidtear foirmeacha mar sin sa tríú pearsa iolra i nGaeilge Uladh. Litrítear ar bhealaí éagsúla iad sna seanleabhair, mar shampla 'leo' = 'leobhtha' nó 'leofa', 'dóibh' = 'daofa' nó 'dóbhtha'.
  1. Bíonn na ranganna ar siúl sa tseomra na ríomhairí.
    Mícheart: tá ‘seomra na ríomhairí’ ina aonad brí cinnte cheana féin. ‘I seomra na ríomhairí’ ba cheart a scríobh.
  2. An raibh tú in Áras an Uachtaráin riamh?
    Ceart
  3. Titeann an scéal amach sa chathair Chicago.
    Mícheart: tá ‘cathair Chicago’ ina aonad brí cinnte cheana féin. ‘I gcathair Chicago’ ba cheart a scríobh.
  4. An bhfaca tú an scannán úr Liam Neeson?
    Mícheart: tá ‘scannán úr Liam Neeson’ ina aonad brí cinnte cheana féin. Ba cheart an t-alt a fhágáil ar lár.
  5. Tá sí ag obair le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
    Ceart
  6. Caithfear tacaíocht a thabhairt do na peileadóirí Aontroma.
    Mícheart: tá ‘peileadóirí Aontroma’ ina aonad brí cinnte cheana féin. Ba cheart ‘tacaíocht a thabhairt do pheileadóirí Antroma’ a scríobh.
  7. Beidh an teach réidh roimh an tús an tsamhraidh.
    Mícheart: tá ‘tús an tsamhraidh’ ina aonad brí cinnte cheana féin. Ba cheart ‘roimh thús an tsamhraidh’ a scríobh.
  8. Sin an uair an cloig aclaíochta is fearr a rinne mé le fada.
    Ceart. Tá an chuma ar ‘uair an chloig’ gur aonad brí cinnte atá ann, toisc go bhfuil an t-alt ann. Ach, le fírinne, thiocfadh ‘uair an chloig’ ar bith a bheith i gceist, rud a fhágann go bhfuil sé éiginnte i ndáiríre. Is ionann ‘uair an chloig’ agus an hour. Tugtar tuilleadh samplaí sna leabhair ghramadaí, mar shampla ‘an Choróin Mhuire’ agus ‘an Tadhg an Dá Thaobh is measa in Éirinn.’