Céim Ar Aghaidh

Mír 12

Cúinne na héigse

Is ar Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall í Eithne Ní Ghallchobhair. Tá aithne fhorleathan ar Eithne mar scéalaí a bhfuil neart duaiseanna bainte aici i gcomórtais scéalaíochta Oireachtas na Gaeilge. D’fhoilsigh sí a céad chnuasach gearrscéalta sa bhliain 2018 (Súil, Cló Iar-Chonnacht). San fhíseán ‘Comhdháil Coille’, léann sí sliocht as scéal den teideal céanna.

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.

Eithne Ní Ghallchobhair: Comhdháil Choille

Sliocht as an chnuasach gearrscéalta, Súil, á léamh ag an údar, Eithne Ní Ghallchobhair.

Céadeitilt

(Sliocht as 'Comhdháil Coille', le caoinchead an údair.)

Sheas an scréachóg reilige go colgdhíreach ar an imeall. Bhí sé ar an imeall ar an uile dhóigh: ar crochadh idir aois a leanbaíochta agus aois a fhásta, idir saol na seasmhachta agus saol na héiginnteachta, idir saol faoi eiteog agus saol nach saol ar bith do scréachóg reilige é. Bhí súile s’aige dírithe ar leac fuinneoige. Aistear ceithre troithe. Rinne an scréachóg reilige amach go dtiocfadh leis léimt ar a sheandícheall agus an leac a bhaint amach ach níorbh in a dhúshlán. Chaithfeadh sé na sciatháin a thabhairt leis.

            Bhí an scréachóg reilige i ndiaidh a shaol uilig a chaitheamh ag amharc i dtreo na fuinneoige. Níorbh fhuinneog a bhí ann le fírinne ach foscailt in áiléar seansciobóil a bhí tréigthe ag an duine daonna leis na blianta. Fuinneog nó foscailt nach cuma! Bhí an scréachóg reilige i ndiaidh a shaol uilig a chaitheamh ag amharc i dtreo cibé rud a bhí ann, ag amharc fríd an bhearna amach ar an tsaol mhór. Bhí a fhios ag an scréachóg reilige go raibh saol iomlán úr ar an taobh eile, saol breá beathaíoch lán ceoil, lán cuideachta, saol lán beochta: líonadh boilge. D’eitil a mháthair agus a athair isteach agus amach fríd an bhearna ocht nó naoi dturas an uile oíche. Ba mhór leis an scréachóg reilige boladh a gcleití nuair a philleadh siad ar an nead. Blas aeir úir oíche tuaithe. Theannadh sé a chorp isteach lena dtaobhanna agus d’fhanadh sé ansin faoi shuaimhneas. Ba annamh a phill siad ar an nead gan bhia, bia a roinn siad ar a gcearca, a gclann. Bia. Ba mhaith a chodach ag an scréachóg reilige mar mhealladh.

            Sheas an scréachóg reilige ar imeall na neide, a mháthair agus a athair ar a chúl. Bhí an dís acu ina seasamh taobh le taobh ag crónán as béal a chéile: crónán an mhisnigh, crónán an uchtaigh, caoin-chrónán an ghrá. Comhchaint, comhcheol, comhchumarsáid clainne. Bhí an t-athair agus an mháthair á ghríosadh, á dheargadh tabhairt faoin tsaol.

            Ba mhaith ab eol don scréachóg reilige go raibh sé in am dó éirí agus imeacht. Ba mhaith ab eol dó go gcaithfeadh sé na sciatháin a thabhairt leis. Chaithfeadh sé éirí. Chaithfeadh sé imeacht. Chaithfeadh sé eitilt ón nead. Eitilt a bhí i ndán don scréachóg reilige óna chéad anáil, óna ghiniúint. B’in a chinniúint. Mhairfeadh sé ar spréigheadh sciathán. Thiocfadh sé i dtír i spéartha an aeir. Dá gcuirfeadh an scréachóg reilige a dhroim leis an eitilt mar cheird, bheadh a dhroim curtha aige leis an tsaol. Agus ba mhaith leis imeacht. Bhí an saol lasmuigh dá tharraingt. D’airigh an scréachóg reilige teannas fána chorp. Sheas sé ar an imeall agus chonaic sé, chuala sé, chuir sé boladh an tsaoil. Crónán. Crónán. Crónán máthara: moladh. Crónán. Crónán. Crónán athara: misneach. Crónán máthara: mealladh. Crónán athara: fuil. Bhí an uain buailte ar an scréachóg reilige anois. Chaithfeadh sé éirí agus imeacht. Dhírigh sé a shúile ar leac fuinneoige. Leac liath cloiche. Sheas sé. Dhírigh sé. Go tobann chuir an scréachóg reilige a cheann amach roimhe, d’ardaigh sé a sciatháin, d’ardaigh sé a chosa agus… crónán …léim sé amach as an nead. Crónán. D’eitil sé. Crónán. Níor amharc an scréachóg reilige siar ná aniar, suas ná anuas. D’eitil sé.