Céim Ar Aghaidh

Mír 11

Saibhriú focal

Sa chéad mhír eile, beidh tú ag éisteacht le sliocht as gearrscéal á léamh ag an údar, Eithne Ní Ghallchobhair. Tá roinnt ullmhúcháin le déanamh roimhe sin, áfach, nó tá stór focal iontach saibhir i scéalta Eithne; seans maith go mbeidh focail agus frásaí sa tsliocht nach raibh ar eolas agat.

Tá roinnt roghanna ag léitheoirí ina leithéid de chás:

  1. Léim’ thar na focail nach dtuigeann siad. Fad is go dtig leat brí a bhaint as an scéal, ní gá achan uile fhocal a thuigbheáil.
  2. Buille faoi thuairim a thabhairt faoi chiall an fhocail nó an fhrása. Mar shampla, b’fhéidir nach mbeadh an focal ‘drochthuar’ ar eolas agat, ach bheadh barúil agat faoi chiall na habairte seo as tuairisc faoin pheil Ghaelach: ‘Bua éasca a bhí ag Baile Átha Cliath i gcoinne Thír Eoghain – drochthuar d’fhoireann ar bith a bheas ag ina gcoinne amach anseo.’ Chuideodh comhthéacs na habairte leat ciall an fhocail a fhuascailt. Thig leat an focal a bhriseadh ina phíosaí fosta. Tá a fhios againn gur rudaí diúltacha a bhíonn i gceist leis an réimír ‘droch.’ B’fhéidir go mbeadh an focal ‘tuar’ agat ó ‘tuar na haimsire’. B’fhurasta ciall an fhocail a dhéanamh amach ar an dóigh sin.
  3. An focal nó an frása a lorg san fhoclóir. Dar ndóigh, sin an bealach is éifeachtaí le do stór focal a mhéadú.

Bainfidh muid triail as na straitéisí sin anois.

  • Léigh an sliocht as ‘Comhdháil coille’ atá tugtha thíos.
  • Ná bain úsáid as foclóirí go fóill.
  • Nuair a bheas an sliocht léite agat, cuir na focail/frásaí 1–12 i gceann amháin de na grúpaí seo:
  1. Tuigim an focal seo agus thig liom é a mhíniú. (Má chuireann tú focal i ngrúpa A, caithfidh tú é a mhíniú.)
  2. Tá barúil agam go dtig liom ciall an fhocail a dhéanamh amach. (Déan do dhícheall na focail i ngrúpa B a mhíniú fosta, fiú má tá rud beag amhrais ort.)
  3. Ní thuigim an focal seo ar chor ar bith agus beidh agam lena lorg san fhoclóir.
  A B C
1. scréachóg reilige      
2. colgdhíreach      
3. saol na seasmhachta      
4. eiteog      
5. léimt ar a sheandícheall      
6. Chaithfeadh sé na sciatháin a thabhairt leis.      
7. áiléar      
8. ocht nó naoi dturas an uile oíche      
9. Theannadh sé a chorp isteach lena dtaobhanna      
10. dís      
11. D’airigh an scréachóg reilige teannas fána chorp.      
12. Chuir sé boladh an tsaoil      

Mínítear ciall na bhfocal 1-12 in Nótaí agus Freagraí.

Céadeitilt

(Sliocht as 'Comhdháil Coille', le caoinchead an údair.)

Sheas an scréachóg reilige go colgdhíreach ar an imeall. Bhí sé ar an imeall ar an uile dhóigh: ar crochadh idir aois a leanbaíochta agus aois a fhásta, idir saol na seasmhachta agus saol na héiginnteachta, idir saol faoi eiteog agus saol nach saol ar bith do scréachóg reilige é. Bhí súile s’aige dírithe ar leac fuinneoige. Aistear ceithre troithe. Rinne an scréachóg reilige amach go dtiocfadh leis léimt ar a sheandícheall agus an leac a bhaint amach ach níorbh in a dhúshlán. Chaithfeadh sé na sciatháin a thabhairt leis.

Bhí an scréachóg reilige i ndiaidh a shaol uilig a chaitheamh ag amharc i dtreo na fuinneoige. Níorbh fhuinneog a bhí ann le fírinne ach foscailt in áiléar seansciobóil a bhí tréigthe ag an duine daonna leis na blianta. Fuinneog nó foscailt nach cuma! Bhí an scréachóg reilige i ndiaidh a shaol uilig a chaitheamh ag amharc i dtreo cibé rud a bhí ann, ag amharc fríd an bhearna amach ar an tsaol mhór. Bhí a fhios ag an scréachóg reilige go raibh saol iomlán úr ar an taobh eile, saol breá beathaíoch lán ceoil, lán cuideachta, saol lán beochta: líonadh boilge. D’eitil a mháthair agus a athair isteach agus amach fríd an bhearna ocht nó naoi dturas an uile oíche. Ba mhór leis an scréachóg reilige boladh a gcleití nuair a philleadh siad ar an nead. Blas aeir úir oíche tuaithe. Theannadh sé a chorp isteach lena dtaobhanna agus d’fhanadh sé ansin faoi shuaimhneas. Ba annamh a phill siad ar an nead gan bhia, bia a roinn siad ar a gcearca, a gclann. Bia. Ba mhaith a chodach ag an scréachóg reilige mar mhealladh.

Sheas an scréachóg reilige ar imeall na neide, a mháthair agus a athair ar a chúl. Bhí an dís acu ina seasamh taobh le taobh ag crónán as béal a chéile: crónán an mhisnigh, crónán an uchtaigh, caoin-chrónán an ghrá. Comhchaint, comhcheol, comhchumarsáid clainne. Bhí an t-athair agus an mháthair á ghríosadh, á dheargadh tabhairt faoin tsaol.

Ba mhaith ab eol don scréachóg reilige go raibh sé in am dó éirí agus imeacht. Ba mhaith ab eol dó go gcaithfeadh sé na sciatháin a thabhairt leis. Chaithfeadh sé éirí. Chaithfeadh sé imeacht. Chaithfeadh sé eitilt ón nead. Eitilt a bhí i ndán don scréachóg reilige óna chéad anáil, óna ghiniúint. B’in a chinniúint. Mhairfeadh sé ar spréigheadh sciathán. Thiocfadh sé i dtír i spéartha an aeir. Dá gcuirfeadh an scréachóg reilige a dhroim leis an eitilt mar cheird, bheadh a dhroim curtha aige leis an tsaol. Agus ba mhaith leis imeacht. Bhí an saol lasmuigh dá tharraingt. D’airigh an scréachóg reilige teannas fána chorp. Sheas sé ar an imeall agus chonaic sé, chuala sé, chuir sé boladh an tsaoil. Crónán. Crónán. Crónán máthara: moladh. Crónán. Crónán. Crónán athara: misneach. Crónán máthara: mealladh. Crónán athara: fuil. Bhí an uain buailte ar an scréachóg reilige anois. Chaithfeadh sé éirí agus imeacht. Dhírigh sé a shúile ar leac fuinneoige. Leac liath cloiche. Sheas sé. Dhírigh sé. Go tobann chuir an scréachóg reilige a cheann amach roimhe, d’ardaigh sé a sciatháin, d’ardaigh sé a chosa agus… crónán …léim sé amach as an nead. Crónán. D’eitil sé. Crónán. Níor amharc an scréachóg reilige siar ná aniar, suas ná anuas. D’eitil sé.

Ag seo míniú ar na focail/frásaí 1–12.

  1. Scréachóg reilige: ulchabhán, barn-owl.
  2. Colgdhíreach: Fíordhíreach, gan camadh ná lúbadh.
  3. Saol na seasmhachta: saol atá seasmhach, is é sin saol nach dtig athrú tobann ar bith air.
  4. Eiteog: eite, sciathán.
  5. Léimt ar a sheandícheall: léim a thabhairt chomh maith is atá ar a chumas.
  6. Chaithfeadh sé na sciatháin a thabhairt leis: bhí aige le heitilt as a stuaim féin.
  7. Áiléar: lochta nó seomra atá díreach faoi dhíon an tí.
  8. Ocht nó naoi dturas an uile oíche: ocht nó naoi n-uaire achan oíche.
  9. Theannadh sé a chorp isteach lena dtaobhanna: D’fháisc sé a chorp go dlúth lena dtaobhanna.
  10. Dís: beirt
  11. D’airigh an scréachóg reilige teannas fána chorp: mholtaigh sé riteacht (tension) ina chorp.
  12. Chuir sé boladh an tsaoil: bholaigh sé an saol taobh amuigh den scioból.