I ngleic leis an ghramadach: an clásal coibhneasta indíreach
Úsáidtear na míreanna coibhneasta indíreacha i ndiaidh na bhfocal agus na bhfrásaí seo a leanas:
a (sa chiall ‘gach a bhfuil’): Sin a bhfuil agam den Fhraincis – bonjour agus au revoir.
áit: I bPáras, áit a mbeidh an cluiche ceannais.
bealach: D'athraigh an teileafón an bealach a ndéanann daoine cumarsáid le chéile. (Baineann an riail seo le focail mar ‘caoi’ agus ‘slí’, a bhfuil an chiall chéanna leo.)
cad chuige: Ní fios cad chuige a bhfuair na dineasáir bás.
cúis: Cén chúis ar gabhadh é?
dóigh: Tuilleadh eolais faoin dóigh a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le dúshláin an lae. (Baineann an riail seo le focail mar ‘caoi’ agus ‘slí’, a bhfuil an chiall chéanna leo.)
fáth: Sin an fáth a ndeachaigh mé le múinteoireacht.
mar (sa chiall ‘san áit a bhfuil’): Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
treo: D’amharc mé siar an treo ar tháinig mé.
Nóta 1: Bíonn an coibhneas indíreach nuair a úsáidtear na focail agus na frásaí thuas mar dhobhriathra, is é sin nuair a sholáthraíonn siad eolas faoin áit a bhfuil rud inteacht, an uair a tharla rud inteacht, an dóigh nó an chúis a ndéantar cibé rud atá luaite san abairt. Coibhneas díreach a bhíonn ann nuair a úsáidtear mar ainmfhocail iad.
- Áit atá doiligh a bhaint amach gan charr.
- Míneoidh mé duit anois an chúis a bhí agam leis sin.
- Is beag orm an dóigh a bhíonn aici le daoine.
Nóta 2: Nuair a úsáidtear focail mar ‘am’, ‘tráth’, ‘lá’ mar dhobhriathra ama, thiocfadh míreanna coibhneasta díreacha nó míreanna coibhneasta indíreacha a úsáid. Tá an dá rud ceart ach a bheith leanúnach ina mbun.
- Tá cuimhne mhaith agam ar an lá a tháinig na strainséirí (nó ‘an lá ar tháinig’).
- Seacht mbeannacht leis an am a bhí muid óg (nó ‘leis an am a raibh muid óg’).
Is coibhneas díreach a leanann ‘uair’ agus ‘nuair’ i gcónaí.
- Cá huair a cheannaigh sibh an teach seo?
- Cuir scairt orm nuair a bhainfeas tú an baile amach.
Nóta 3: Bíonn coibhneas indíreach i bhfrásaí mar seo, ina dtagann mír cheisteach roimh fhorainm réamhfhoclach nó roimh réamhfhocal chomhshuite.
- Cé leis a raibh tú ag caint?
- Cé air a mbronnfar an duais?
- Caidé faoi a raibh tú ag gáire?
- Caidé fána choinne a bhfuil an t-airgead de dhíth?
Bain triail anois as Tasc A agus Tasc B, go bhfeicfidh tú an bhfuil tú ábalta na focail is na frásaí seo a úsáid mar is ceart.
Tasc A
Cruthaigh ceangal idir an dá chlásal mar atá déanta sa tsampla:
Sampla:
Cén dóigh.
Rinneadh an obair chomh gasta agus chomh maith sin.
Cén dóigh a ndearnadh an obair chomh gasta agus chomh maith sin?
- Is cuimhin liom an t-am. Bhí an stíl ghruaige sin faiseanta.
- Caidé leis. Bheifeá ag súil óna leithéid de dhaoine.
- Sin an fáth. Níor éirigh liom san agallamh.
- Is iomaí áit. Bíonn ceol maith le cluinstin.
- B’in an uair. Chuaigh na Trioblóidí in olcas.
- Cé dó. Tabharfar an seic.
- B’in an bhliain. Rinne mé na scrúduithe deireanacha.
- Sin an chúis. Tá mé sásta cuidiú leat.
- Gabh an bealach. Tá sé taobh thiar den Choláiste.
- Cé leis. Íocadh an deontas.
Tasc B
Cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.
- What time do the shops close?
- To whom was the complaint made?
- Do you remember the day we met?
- In which direction is the wind blowing now?
- Who was blamed for the accident?
- That’s the reason I gave up cigarettes.
- You know how things are done here.
- Why do I forget people’s names?
- They moved to Derry, where Róisín got a job with a local newspaper.
- To whom shall I tell my story?
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
Tasc A
- Is cuimhin liom an t-am a bhí an stíl ghruaige sin faiseanta.
(Nó Is cuimhin liom an t-am a raibh an stíl ghruaige sin faiseanta.) - Caidé leis a mbeifeá ag súil óna leithéid de dhaoine?
- Sin an fáth nár éirigh liom san agallamh.
- Is iomaí áit a mbíonn ceol maith le cluinstin.
- B’in an uair a chuaigh na Trioblóidí in olcas.
- Cé dó a dtabharfar an seic?
- B’in an bhliain a rinne mé na scrúduithe deireanacha.
(Nó B’in an bhliain a ndearna mé na scrúduithe deireanacha.) - Sin an chúis a bhfuil mé sásta cuidiú leat.
- Gabh an bealach atá taobh thiar den Choláiste.*
* Is mar ainmfhocal, agus ní mar dhobhriathar, atá ‘cúis’ in úsáid san abairt seo. - Cé leis ar íocadh an deontas?
Tasc B
Cuir Gaeilge ar na habairtí 1–10.
- Cén t-am a dhruideann na siopaí?
(Nó Cén t-am a ndruideann na siopaí?)*
* Más ‘uair’ a úsáidtear, beidh coibhneas díreach ann: Cá huair a dhruideann na siopaí? - Cé leis a ndearnadh an gearán?
- An cuimhin leat an lá a chas muid ar a chéile?
(Nó An cuimhin leat an lá ar chas muid ar a chéile?) - Cén treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh anois?
- Cé air ar cuireadh an locht as an taisme?
- Sin an fáth/an chúis ar éirigh mé as na toitíní.
- Tá a fhios agat an dóigh a ndéantar rudaí anseo.
- Cad chuige a ndéanaim dearmad d’ainmneacha daoine?
- D’aistrigh siad cónaí go Doire, áit a bhfuair Róisín post le nuachtán áitiúil.
- Cé dó a n-inseoidh mé mo scéal?